Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Barántas ón mBliain 1714
Title
Barántas ón mBliain 1714
Author(s)
Dómhnall Úa hUallacháin,
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1714
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1986)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Dómhnall Úa hUallacháin .cc. Táinig im láthair gearán cráite an cúigeadh lá don bhliadhain míle agus seacht gcéad 's a ceathair déag do Aois an Tighearna deifearach áir, ní cheilim an dáil, is fíoreaspaitheach, ceithre lá gan bhreis gan bharr roimh aonach Thairbeart lé Séamus Mac Gearailt, laoch gan mheabhail gan dúil bhréige, ar an bhfear is ceannard ar an nGuthard, cúl lé réiteach, gur ghoid sé lánmhuc roimh an lá sin do sheilbh an taoisigh,
do bhí dá biathadh lé trí bliadhna istigh gan scaoileadh agus a gheallamh istigh mar thaca ar an nduine uasal ar son chúig bpúnt gan tnúth a ndiúlt' air mar ualach. Is é freagra an tí gan charthannacht ná dúil réitigh: cac an diabhail do bheith ina fhiacail 's bonn don mhéid sin, fós nách díolfadh do ló ná d'oíche an fad do mhairfeadh feoirlinn a choite ná obh lobhtha go dtéadh i dtalamh. An uair do fuaras an teastas cruaidh-se ar mhóidibh saoithe, tugas m'ordú dá bhur dtreorú chum a gheimhleadh anois fám shéala gan dáil réitigh go cur dom láthair Donnchadh Mac Glanchadha do rín an fainne-ghníomh, ón is náireach. Ag so an bhuíon do chorp na críche d'iarr an Gearaltach do dhul dá thóraíocht uile gan chomhnaí go dtugaid ceangailte cúl lé réiteach gan dúil a shaortha go dtugadh an reamharthorc ann a sheilbh gan chaill gan cheilg agus a hanlann dá chuid dílis do ló nó d'oíche lé dlí córach gan feall gan ghangaid gan chaill ar charaid ná ar a chomharsain,
Murchadh Mac Briain, an scannaire fial atá díreach, gan cham gan chealg gan feall ar charaid in ard ná in íseal agus an ministir ceart lé dtuigtear dlí gan falsacht, ós é theagaisceas lucht an mhacnais chum bheith ceannsa agus gach aoinneach lér thaithneamh beart díreach don dlí gan stánadh, go dtugadh a chabhair go gcurthar i dtaca an fiaire feadha sin. Bíodh agaibh faire mhaith gan seachmall ar an gCosán agus gan amhras i Raitheamhna 's i mBaile Í Lochráin. Téid ar uairibh go Lios Tuathail d'fhios an mharga. Téid go Gluaire gan bhréig go fuadrach is go Cill Arada. Do bhí sé ar féasta i mBaile na gCaorach gan géag tharta 's go deimhin do chuala go raibh ar cuaird i mBaile na nGearra.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services