Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
The Poetic Tradition of Cearbhall Ó Dálaigh
Title
The Poetic Tradition of Cearbhall Ó Dálaigh
Compiler/Editor
Doan, James E.
Composition Date
1679
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1980-1981)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do mhúsgail mé d'éis luighe araoir go sáimh. 'S do chiú rem thaobh aon bhruinneall mhín-tais mhná, Badh múinte méin mhaordha 's bu críonna cáil, is d'fhíor-fhuil dhéithe nó ríghthe d'fhás. Air ttús do léig séaghainn na mbraoithe ttáir Go lúthmhar léir sgaoth do ghaothaibh Chupído um dháil, is tuirseach tréith tréanlag tug mo chroidhe 'na chneadhaibh Le hurlaidhibh caor gach neimhe-shaighdhe an ghráidh. Is dubhairt an ghéag mhéarleabhair shíthe sháimh Go bhfaicfeadh mé d'éis mise dhí do chrádh, "Is bia tú red ré a ngéibhionn fa dhaoirse a bpáis Muna smuainighthear cé an té chuir na gaoithe gráidh." Do shiubhail mé Éire fo thrí 'na deaghaidh, Ciúin-Loch Cé éagnach, Eascraoibh is Máigh, Go Dún Chraige Léith léigim arís do thrácht, 'S níor thúisce mé aig Éirne nó aig ríoghLoch nEachach. Go Pluto téighim d'fhéachain Coisítuis lághach, 'Sa múrbhrog aolta Aonghuis do fríth mo thásg, Do shiubhail mé air Dheirdre, 's air Aoife re spás, Air rún Chraige Léith re chéile, 's air Chlíodhna cháidh. Do smuainigheas féin tar éis iomad críoch do thrácht, Gur chúis leamh-bhaoth éadtrom gan bhrígh mo dháil, 'S nach dúil don fhréimh dhaonda do bhí dom chrádh, Acht Iúno thréan, Vénus nó Mínervá. As lúthmhar léir aolchruibh na righin-meangán Air liút, ag gléas saor-chruite, 's air virginál, As curtha séis chaolghotha a gríosghuib bhláith Ná músic shéimh Aonghuis air chaoimh-orgáin.
A ccúirt níl téxa Béarla nach bí aice a sáith, Is dar leam-sa léighidh Gaedhealg mar shaoithibh Fáil, Is dlúith tiubh géar glé a sgríbhinn bhláith, Is cluisim: "Éist adeirim, is fínit spás".
Am leaba araoir do shíleas féin a' teacht Bean mar Aoife ó thaoibh na spéire aneas, Nó an bhean díobh lér caoineadh Aonghus seal Fá ghlasaibh caoi agus í go déarach lag.
Leath na hoidhche is í leam bhéal go beacht, Do dhearcas í, mo dhíth, mo léan, mo chreach, Badh scaiptheach scaoilteach claoin tiugh craobhach cas, Ag teacht air bís a cíp go féar air fad. Badh cheart a braoi, badh righin, badh réidh a dearc, Badh chneasta caoin, badh mhín a déid mar chailc, Badh shnasta fuighle a gríosghuib craorac ait, Is badh ghearr a cíocha air chlí mar ghéis air sreabh. Samhail í mar smaoinim féin an bhean, Lér leagadh an Traoi agus míle ceadta fear, Nó an bhean tsídhe do sgaoil don laochra ceas Lér bhain don chaoirigh dhraoigheachta caogad glas. Is ceart len' innsin linn a ttéax gan cheal Gur ceachtar díobh do chríochnuigh mé gan neart, Nó an bhean do shín liom síos 'na léine seal, Ar tteacht a síodhbhrog Chlíodhna aréir dam shlad. Do chan an ríoghan d'fhuighlibh déara air cheart Nach faicfinn choidhche 'rís go héag a dreach, Go ccaithfeadh saoighead tream chroidhe go géar le neart, Is leam bheatha arís nach scaoilfeadh mé as mo cheas. An tan do dhíog an tsaoi ghlan mé as mo ghean Do las mo chlí gan bhrígh agus d'éag mo dhath, Ní maith liom cuimhne air chrích mo sgéil am stair Is gach creachadh duibhe 'na mbím dá héis gan neart. A hainm síor go ndíoghrais céille a cceart, Slat don fhíodhbhaidh 'bhíos ag cléir na cceacht, Do gan daoi, 's an nídh da ndéantar brat, Am leaba araoir do shíleas féin ag teacht. .i. Doireann Ní Rónáin
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services