Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Poem by Seán Ó Neachtain
Title
A Poem by Seán Ó Neachtain
Author(s)
Ó Neachtain, Seán,
Compiler/Editor
Williams, N. J. A.
Composition Date
1717
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1975-1976)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seaán Ó Neachtain .cc. Do bhí Ludar cróin Mac Lóbuis 's Brían módhmhar Mhac Leasdair ag búaint mhónadh Día hAoine gan fiú an bhríste ar na bathlaidh. Tháinig móráin ar mhalairt gnás aicme Mheic Lóbuis; a bhíadh féin ar gach duine, seachnadh siosma agas comhraic. Tháinig Cormac Mhac Gaoriolla budh hé an siollaire preabach; tháinig Gilbiort Ó Cléire, a bholg géarmhéith 'na shodar.
Tháinig Piarrus Ó Lachnáin níorbh olc an sleághan íasacht'; tháinig Séamus Ó Treassa 's ní raibh a mhac ar íarraidh. Ba binn Murchadh Mac Rónáin 'gabháil chrónáin don mheithil, Díarrmoid borb Ó Mulríde 's Cathail Mhac Maolra 'n' fhochair. Tháinig Maghnus Mac Searraidh 's Conchubhair lachna Mhac Maghnuis; tháinig Phillip Ó Gaoithín, Seón Ó Maoilín 's Má Gára. Tháinig Cathail Ó Tuairisg mór an ghúais a bheith roimhe, 's Lúadhach garg Mac Giolla Pháttruig, fear do budh feárrde an cineadh. Tháinig Finnín Mag Leamhsáin 's níorbh éith an clúasán cainnteach; tháinig Conn Mac an Átha 's Conn Mac an Nádhma nár shannteach. Tháinig Pól Mac Cruitín 's mór mo mhuinghin as 'olcus, Conchubhair buidhe Ó Braonáin 's mac Uí Bhríonáin, an bodach. An Calbhach dubh Ó Driseacháin 's níorbh é an briollachán brocach, Catháoir cróin Ó Ceannamháin 's níorbh é an cirtleachán bodaigh. Tháinig Brían buídh Ó Mártain 's giobal a chaise as a bhríste, Dudhalltach mór Mac an tSionnuidh 's Taidhg beag cliste Mac Cáoilte.
Ba spórt leat Donnchadh Ó Gealbhán ag teacht mur shinneán gáoithe, grúag a chinn inna leathláimh, ag teacht óna leannán Síle. Ioliomad do dhaoinibh oile nár ghann goile lá foghmhair, nárbh olc lámh ar a ccurrán dá mbaineadh tútáil dóibhsion. Shín ar a chéile an chóib-si mar an ttoirnidhe san tsamhradh; ní chluinfidhe ag méad a séideáin cluig an éináit ná teanntainn. Samhail do ghuinnaidheadh cáocháin a raibh san gciapáil chruaidh-se; ba ceó ar feadh sheacht míle bréanstoirm a ngáoithe úatha. Do bhíodur drong na mórbheart 'buaint mhónadh ar an acht-sa, ag iomchar báraidh 's dá líonadh ó d'éirigh an ghrian ar maidin. 'S gur shuidh sí lán do shotal ar maidhe Mhullaidh na bFhlaithios, am a d'fhreagair go díreach mná síleach' na bfher-sa. Tháinig Gormlaidh Ní Mhánuis, tháinig Gráinne Ní Cholla, tháinig Beanmhúin agas Síle, mnáibh cíorrtha na holla. Tháinig Máire Ní Mhaolra, corp sgíamhach mar chrócha; tháinig Siubháin Ní Mhaoilléide budh gile nó an féur a scórnach.
Tháinig Meadhbh óg Ní Chrosáin teannoire measgán uirreadh; Catarín rúadh Ní Chléire bá cosmhail ré béam' a cossa. Tháinig Siúbhán Ní Lúba céad-duibhe a cúl nó pota, cléibhín orraidh fá cháfra, is pál lán ag Máire Nic Eóchadh. Sac do dhubharrán pónra bhí ar Orthla Ní Chaisil; úalach capuill do sgálaidh bhí ar Mhárín Ní Chamhuil. Measgán ruibeach ag Róise budh gile go mór nó sneachta; ag Mómhuda churcaidh Ní Léibhín do bhí mórchléibhín meacain. Cá dó cléibhíin an gharla do bhí lomlán do chathail ag Meidhbh dhorcha Ní Chearna 's naoi spána budh leathan? Bhí pál lán praisce ag Síle budh gile nó taoibh na móna, 's do bhí brathlín fa photáta ag Meidhbh ádhmhar inghean tSeóirse. Dá n-áirmhín a raibh san imirt bíadh sé liosda re n-innsinn; is leór go ttáinig mórán do mhéadughadh an chomhgháir chinte.
Do líonadh míasa is cupáin; ní raibh mórnáin gan líonadh; bhí lán an gach cuachán 's ní raibh tobán gan stríoc air. Dubhairt Gormlaidh lé Ludair: "Suidh thusa is Mac Leastair. Saoiliom gur dáoibh is córa ó sibh is óige san ngasra". Dubhairt Rándhald Ma Ghléamhsa: "Damhsa is cóir a bheith 'ttosach". Dubhairt Cathail cas Ó Maolríde: "Fuil íce píce, a bhodaidh. Sguir dot ghlugar glaigion, sguir do do chlabar clampair; 's beag oram grudar grádéis ag bodach a' rábéis cainnte". "Th'anam do Phiarrus, a bhodaidh", do rádh Colla Mhág Lamha a' tógbháil sgála praisce do bhuail san mbáthis ar Ránall. Do rug Diarmuid Searraidh ar dhá mheacain 'na lámhadh 's do bhuail íad araon an éinfheacht tarsna an bhéil ar Mhá Gára. Do rug Má Gára ar sgála bhí lán cáfra nó praisce 's do bhúail é a gclár an éadain ar Bhrían mhéadhlach Mac Camhail.
Do rug Brían Mór ar mhórnáin do bhí lomlán bainne 's do sgab sé é go faobhrach ar fud an bhídh 's na gasraidh. Do fuair Diairmoid Ó Dalláin mias do bhí lomlán cathail 's do leathnaidh sé é go sgíamhach a mullach na maoile ar Mhaircuis. Do thuit a chac ó Mháoil Mhórdha; "'S maith an cómhgar", arsa Diarmuid ag tógbhbáil lán a dhoirnn de 's dá bhualadh ar Sheón sna fiacla. Tháinig Máire Ní Bhiorrín 's níorbh isi brillín gránna; bhuail sí lán an mhórnáin annsa chlíathán ar Mháible. Do rug Úna Nic Arrtáin 's a bolg mar sgiortán torrach ar mhullach chinn air Áidhne dá cárnadh fána cossa. Do bhuail Murchadh Ó Breasail laisg do ládal ar Mháol Rúana; bhúail Máoil Rúna mias phraisce ar mhac Mharcuis Uí Dhúda. Do rug Mór mhór Ní Lopáin ar chois ar chuileán Úna 's do bhuail é 'lár na méadla ar mhac Shéarluis Uí Fhiúra.
Thuit an madadh sa phraisigh 's níor fhág drama gan dórtadh 's do rioth sé lán do lúsra an ucht Úna inghean tSeóirse. Do rúg Úna ar an mada 's do bhúail é tarsna na sróna ar Chonchubhair chróin Mac a' Liorsa, fear budh binne nó tóirneach. Do theilg Diarmoid Mhag Leannáin lópán do chathail cheannainn, 's a cclár an éadain ar Shiubháin bhí sé 'na phreabán tarsna. Do bhain meacain do Bheanmhúin annsa leathshúil go díreach. Do baineadh trí fiacla as Ghráinne le urchar de photáta ó Phíter. Dubhaltach dubh Ó Duifiolla níorbh é an glugare craosach ar son lán gridle do shruán is cúpla measgáin go nd-íosach. Sgiorr a chosa ó Ghiolla Easpuig, do thuit ar a chainthe san chafra; tráth 'shaoil éirghe 'na sheasamh bhuail meacain sa gcáir air. Rug Calbhach cróin Ó Cléibhín ar Bhrían Ó Céirín ar 'mhullach 's do tharraing é tríd an gcáfra gé gur láidir an curadh. Bhí an achrann ana chéile náoi bfhir dhéag ar fhithchid; do thuit 'na ngirle guairle beag is mór annsa chuife.
Bhíodur a' giúrnáil a chéile san ccuife bhréandubh mhónadh gur chosmhail' íad ré deamhain nó le fearuibh na Fódhla. An chuid nár thuit san chuife bhíodar a' teilgion a chéile ar feadh an chathail 's na praisce go ndearnadh greallach dá nd-éadach. Do ghluais síad uile tránóna fáoi lán mónadh agus fola fáoi lán cathail is cáfra dubh bá bán ag an mbainne. Níor aithin éinndís a chéile 's air éigin é féin a d'aithin áon dá raibh san ccomhrac do shliocht Uí Lóbuis leathain. Dubhairt Cormac Mhá Gára a' déanamh gáire go slachtmhar: "'S í seo mo chomhairle dhíbhse, 'chairde dhísle gan pheacadh: Glúais liom go tighe an leanna 's ceannuigham standa beag beórach. Núadhchrodhaidh sé sin ar ccairdeas". "'S maith", arsa cách, "do chomhairle". d'imigh gach aon don chóib-si 'réir 'chomhurle go teagh 'leanna; níor fhan duine sa teaghlach ré corp eagla gan sgaba. Dubhairt Murchadh Mac Rónáin lér mhinic mórán céille: "Suidhidhe síos, a cháirde; 'bhfuil san áit is linn féin é".
'Raibh do thuigheadh san iothluinn chráitheadur í go huile a nós easrach fáoi airnéis 's do shuidhe 'na ngláimhfhíacha dhubha. Ní raibh annsin mías no scála, cúach, mórnán no measair fa shliocht praisce nó cáfra nár líonadh do chách gan ghlanadh. Rinneadar ól gan ghantainn annsa tseomra nár chúrrdha; bhíodar a' caint 's a' crónán go ndearnadh coinleáin dá súile. Bhíodar ag ól 's a' sgearaidh go raibh an asair 'na camra, gur thuit 'na ccodladh 'n éinfheacht ar chumann gan éara an chlannsa. Do bhí Conchubhair Mág Náosga 'n ionadh Ghioll' Íosa ag Áidhne; bhí fear Onóra Nig Leanáin 'n ait a leanáin ag Máire. Bhí bean Chonchubhair Uí Chuicle tar éis a tulcadh ag Mac Máolra; bean Eóin Mheic an Námha bhí fó dháir ag Brian Táodach. "'S misi an bhean do fuair náire", do rádh Máire inghin Tóna ag tógbháil a cinn a'n asair ó Bhrían reamhair Mhic Códa.
Do bhí Siubhán Ní Leibhín ag Brían déadbhuidh' Mac Dáire tar éis a tulcadh san teagbháil: is isi fuair giúrnáil chráite. Bhí bean Donnchaidh Uí Éile ag Conn séimhidhe Mac Breasail 's bean Diarmoda Má Gára ag Cían Mac Cába dá lasgadh. Míchéil maol Ó Gormáin budh mór a thormán ar Síle 's a bhean féin ag Mag Lámhsa malairt nár chám acht díreach. Bhí Anna mhór Ní Bheacháin 's budh ramhar an préacháin caile dá brughadh ag Mleachloin Ó Dúirnín, bodach an chúirnín thacair. Bhí Gormlaidh óg Nic Íomhair faoina bhrísde ag Mac Eocha; ní eidar gé do bhíodur a dhéanamh acht do-chonairc mé an airde a cosa. Bean Bhríain bhuíde Uí Mhártain bhí da cairnadh ag Ó Gealbháin; bhí bean Donnchaidh an Fhoghmhair faoina thóin ag Mac Crosáin. Do bhí Gráine Ní Alpuinn 's níor mhó capall nó 'tíarach; chuaidh sí is Breasal chum sparna acht do bhí Gráine an íochtar.
Ní nár do Róisi Ní Mhídhtháin go raibh a clíotháin brúite 's í dá furcadh ag Mac Searraidh a nós capuill a ccumhgach. Do bhí Beas bheag Ní Bhuidháin faoi Labhráis Mac an Uisge; dar liom budh beag an sgéal sin ó bhí 'fear féin ar meisge. Dá n-áirmhinn an girle guairle 's a' brille búaire brocach a raibh mo chuideachta chatach, b'adhbhar gáire an obair. Muinnter chriothnach an áruis tairnghídar gáirda fhorra; shaoileadair íad do cheangal go ndeachadair ar a ccosnamh. Do rug Páttruig ar shaighdiúr 's do bhuail sé maidiúr maide a ccláir ághaidhe is éadain gur séideadh é ar talamh. Thug Diarmoid óg Ó Dúirnín trip faoi mhúirlin bodaigh ag buaint a ghuinna as a lámhadh 's é 'ccuinne bheith' lámhach orradh. Do rug Murchadh Mac Sgalaidh ar son gur bheathlaidh bhí 'éadach ar mhullach chinn ar chnápach do bhí lán stáice as a Bhéarla.
Tharraing taoiseach an bhanda buille cloídhiomh chum Maolra gur bhúail go tapa a shiúr Máible buille sgála san mbláoisg air. Do bhuail Conchubhar Mhag Anna buille channa lán beorach annsa mblaoisg ar lictónoel Lt.- Coirnéal? 's do bhúail Tiobóid stróic air. Do bhuail Calbhach Mag Lamha buille dhá lámh do mheasair ar churadh 's a ghunna líonta gur thuit sé síos san assair. Do chuir Críostóir is Úna seiser fúthadh san chóisir; do léaig Seaón Mac a' Léibhe seiser leis féin 'na ccóir súd. Do ceangladh go huile an garda is lucht an áruis, mar chúalus; do thug laoidigín a ccosuibh sionus do bhun a cclúasuibh. D'óladair lán a cclíatháin do lionn is do shórtáil fíona 's go ghluaiseadair leó go tapaidh as an mbaile an áoinfheacht. Chúadar go grod 'na dhiaigh so go habhainn shnámha dá nglanadh; chuadair an éadach lae sáoire 'chuir íad go fíor as aithne.
Tráth bhí cuairtughadh dá n-iarraidh, ghlúais siadsan mar gach duine 's ní shaoilfeadh neach a cclár Fódhla go raibh an chóib-si cionntach. Míle slán beó do chóib na mbairínidh, nár chuir tóir dá ndeoin ar paittrínidhe; b'fhearr leó pónra go leór is meacainidhe, pís is eorna do nós a seandaoine.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services