Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóir ar an Meisce
Title
Seanmóir ar an Meisce
Author(s)
Ó hÍcí, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1820
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1973-1974)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Agus ná bighidhe air meisge ó fhíon ionna bhfuil craos, ach bighidhe líont leis an S. Naomhtha - Eph. v. 18 rann. 1 An uair a bhí an duine cruthaighthe aig Dia uilechomhachtach do réir a chosmhúlacht féin, a' roint páirt dena Sprid dhiagha leis, mar do measfaidhe, annsan d'uaisligh sé a chuid oibre le tréithibh áirighthe, dá árdughadh os cionn na mbeathadhach éigciallaighe, agus go n-aithneothaoi thársa é. Má mhasluighmíd an comhartha uasal san, má mhúchamaoid an chiall-bhronntach san le mire mheisge túirleónfamaoid níos táire ioná an beathadhach agus tiubhramaoid aithis d'árdfhlaithios an té úd dothug a chosmhúlacht fein duinn; agus atá daoine chomh mór san a ttaithighe meisge ná cuirid siad de shuim ann acht uiriod is damadh é a mholadh leó a dheunfach a ccreidiomh. Cuirionn seanthaithighe brat sgamail air an ccuid is mó dá ghráineamhlacht, agus níl aon díoghbháil dá dhonacht ná tagann le rian a sgaoile leis; deunann sé módabhall de dhuine, ionnsa tslighe ná biodhann aon chabhair dá chomhairliughadh; biodhann sé neamhshuimeamhuil ann-aon read dobhiadhach air mhaithe leis, agus níl aon read is fearr leis ioná a aimhleas. Gidheadh, bé air domhain mar ghabhann seanchleachta a leithsgeal, má fheucham- aoid an Sgruiptiuir chídhfeamaoid go bhfuil sé a ttosach na bpeac- aidhe a choimheudann an t-anam ó dhol a seilbh rioghacht na bhflaithios. Dearbhuigheann N. Pól ná rachaidh lucht gaduigheacht ná sainte ná meisgeoireacht go flaithis Dé go bráthach, agus cuireann
sé dhe dhualgas air gach aon chríostaighe gan caidreamh ná comh- luadar a dheunadh le haon dá chreidiomh a bhiach santach ná a striapachas ná meisgeoireacht 1 Cor. v 9, 10; agus adeir an t-easbol céadna gur comhartha é air an mhuinntir seo sheunann Críost agus leanann droichchreidiomh: “Ní seirbhísigh d'Íosa Criost a leithéidibh seo”, deir sé, “acht dá mboilg féin”. Agus caoineann sé go brónach iad leis na briathraibh truaighmhéileacha so: “Is iomdha duine shiubhlann, air ar thrácht me libh go minic, agus air a labhradh me anois a sileadh deór, gur namhaid do chrois ceusta Chríst iad, gurab léirsgrios is críoch dhóibh, gurab iad a mboilg is dia dhóibh, agus gurab é a náire is glóire dhóibh” Philip. iii 18, 19. Feachaighidhe, a phobaill, godé an brigh tha ionnsna focail sin! Godé an deirc mhallaightheacht agus cruas croidhe a tteilgthear sinn an uair fhógraigh- míd cogadh air Shlánaightheoir an domhain, dothug é féin suas agus dhoirt a chuid fola air son fuasgailt na cine daona, a' fonóid faen gcrois úd tréar saoradh sinn agus ionna bhfuil dóthchus iomlán na bpeacach. 2 Deimhnigheann an fhaig Isaias go ttréigid na meisgeoirighe an Tighearna agus go siubhlaid anáirde air a aitheantaibh: “Is danaid díbhsi dh'eirgheann go moch chum dol ag ólachán agus fuireach ag ól go tráthnóna, chum a bheith a' brúchtaoil le fíon; atá an chruit agus an chláirseach agus an phíp agus fíon ionn bhúr ccóisir, agus nil aon mheas aguibh air obair an Tighearna; is air an adhbhar san do mheudaig ifrionn a theaghlach agus d'osgail sé a chraos go fairsing chum na ttreunfhear so do shlogann, agus rachaid siad síos ann” Isa.v 11,12. 3 Mar is cuid desna dubhailcibh seo is deacair a liaighios ná duine a bhriseadh dhíobh, is gnáthach go ttarraingeann sé chum damaint shíorruidhe é. Is mór an sásamh aigne linn an uair a chluin- eamaoid tracht air pheacaig a dh'iompoghadh dobhí a bhfad da saoghal fae leatromm droich-chleachta malaighthe; acht coin a chonarcamaoir meisgeoir aig iompoghadh stuama? Cá liacht duine chímíd tairéis a n-óige a chaithiomh le craos agus le meisge, lena ccois air bhruach na huaigh, a' tuitim den chríon, agus ní le haois acht le gach galar dár tharraing a n-anntlás féin orra tré ól biotáile. An uair a thuitid siad tinn tiubhraid siad gach aon gheallamhuint dá bhreaghthacht uatha go leasóchaid a mbeatha, go seachnóchaid siad ólachán, go mbeid siad stuama, measardha, etc.. Acht is amhlaigh é:
b'usa meisgeoir a bhriseadh dhe ólachán air fad ioná a chur d'fhiach- aibh air fuireach taobh le beagán; agus is róghnáthach meisgeoirighe fhaicsint a' dol chum báis ann lár a meisge, gan chiall gan mhothugh- adh, aige imtheacht ó bhórd na póite go cathaoir an bhreitheamhnais. An bhfuil aon olc is mó a ttagann léirsgrios dá dheasgaibh ioná é? Cá liacht muintir le déirc? Cá liacht cuid a sloigeadh síos leis an ainmhian bhrúideamhuil si? Cá liacht ceardaighe a thuilleann an oiread agus chothóchadh a muintir go macnaiseach, agus, séineach, gurab é gné na gorta agus an ocrais thá orra? Agus dá ttagach cioth cinn ná coise, tinnis nó eugcruais orra chuirfeach ó obair iad, sin iad teilgthe ann lár na haindeise iad, gan air a ccur an oiread le cloch prátaoi cheannach a choimheudfadh beó iad fein ná a 6 bpáistighe, acht léigeann don mbean bhocht dol a' saláthar déirce dhóibh a n-íochtar a cóta, gan fiú an mhála; agus godí an chúis? Mar a chaitheann an fear a mbeagán uaireanta an chloig an méid a thuilleann sé ionn an oiread céadna laetheantaibh. 4 Sin olc eile thagann de mheisgeoireacht: síorachrann agus imreas idir lánamhnacha pósta. An bhean a' casaoid leis an bhfear, agus ní gan chúis, a ttaobh an airgid sin budh chóir a chur chum tairbhe dhi féin agus dá clann, é sin a bheith dhá chaithiomh a ttighthibh ósda, le rangás oidhche, agus í féin agus a murar a' dol d'eug den dítheacht, anacra a' fásgadh air gach taobh di, gan chabhair gan chongnamh, agus is móide loisgeann sé uirthe, smaoineadh, an té dár chóir a bheith ina chrann cosanta agus ina sgiath dhidhin di, an uair a bhiodhann sé air cuthach le meisge, nach taobh le hanchaint ná easgaine dheunamh uirthe bhiodhann sé, acht is meabhair leis í chur den tsaoghal air fad. An chlann bhocht chraidhte a' fidhnéigheacht air an ngaisge mhífhearamhuil seo, gan bhia, gan deoch, gan teine, gan eadach lae ná oidhche, gan leughan gan fhoghluim, an féidir leó uraim a thaisbeanadh dho athair den tuairisg sin? - athair agus mathair atá gan mheas orra fein. Ní bhiadh. Ó sé an t-athair a n-oide múinte fanfas an sómpla chífid siad aige ionna n-aigne bhog óg go lá a mbáis, agus ó ná fuil dada aige d'fhágfach sé le hughacht aca acht anacra, fágfaidh sé a ainmhian mallaighthe mar oighreacht aca, agus chífeadh sé iad ábalta air ghlaine biotáile dh'ól sul bhiaidh a fhios aca iad féin a choisreagann, agus is luaithe bheid siad ina meisgeoiribh ioná ina gcríostaighthibh. 5 Má tá aithreacha ná máithreacha annso thugann masladh mar seo dá ccreidiomh, sganail do chriostamhlacht agus drochshómpla dá cclainn, meabhruighdís go tromdha air na deasgaibh a leanann
an t-anamhian mallochtach so: nach iad a ccoirthe féin amháin atá le cuitiughadh aca acht fós peacaidhe dhaoine oile, ón tís is gur tharraingeadar cach chum oilc. Bé air domhain compórd a ghlacaid siad air uair a mbáis, is mór an searbhús dóibh smaoineadh, biodhach gur choisgeadar féin ó mheisge, biodhach gur leagadar uatha cloidheamh na mallocht, atá sé fós a lamhaibh na clainne, noch d'fhoghluim uathasan cionnas dheunfadaois úcáid de. Go spreagadh Dia uilechomhachtach gach aon athair agus máthair leis na smaointibh seo a ttraith, ionnas le beatha mheasardha, stuama a chaithiomh as so suas go ndeunfaidís leórghníomh iomlán air son gach sganail dá ttugadar air an saoghal so agus go ffaghdaois aoibhneas siorruidhe air an saoghal oile. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services