Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóir ar Ghnáithchleachtadh an Pheacaidh
Title
Seanmóir ar Ghnáithchleachtadh an Pheacaidh
Author(s)
Ó hÍcí, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin , Pádraig
Composition Date
1820
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1969-1970)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanmóir ar ghnáithchleachtadh an pheacaidh Qui facit peccatum servus est peccati. Atá an tí chleachtann an peaca ina sclabhaidhe aig an ppeacadh, Eoin 8 34. 1 Is uathbhásach an sglábhuigheacht a bheith aig foghnamh nó aig deunadh seirbhíse dhon bpeacadh; is diombhuadhach eolchair an bhraighdionas agus an geibhiol é. Is ionann é agus a bheith ceangailte síos a ndaorbhruid aig tíoránach nó anfhlaith nó sgriostóir neamh- thrócaireach agus aig an namhuid is baoghlaighe dár n-anamnaibh, namhaid nach ffuil aon nidh air a inntinn nios lugha ioná ár ndíthláithriughadh agus aimhleas ár n-anaman. A bheith a sclábhui- gheacht aig eascara, noch do shladann sinn de Dhia agus dá ghrásaibh, d'argann sin air an uile cheart chum na fflaithios agus chuirionn sinn a ccontabhairt ár ccaillte go síorruidhe. Aig sin an treun-namhaid aigá mbíd peacaig fá dhaorbhruid agus fá mhoghsainne, go mormhór an tráth dheunaid cleachta dhen bpeacaidh, aig friththuitim ann d'éis faoisidín. Is dá samhuil sin de pheacachaibh is féidir linn a thagradh a mbriathraibh na sgribhinne diagha, go ffuilid cuibhrighthe
le slabhra an pheacadh, ceangailte le creasaibh na mallaightheachta, agus chaithid a laethe a mbraighdionas anacrach. Dogheibh an mhallaightheacht treis agus tighearnas orra; tre thathaighe tagann sé chum athnádúra dhóibh agus claoidheann sé iad air mhodh gurab éigionn dóibh géilleadh go táir do gach uile dhualgas tarcaisneach dá ccuirfeadh sé orra, ionus go n-umhluighid siad dá dhaordhlighthibh. 2 Cá liacht sompla truaghach a chidhmíd go laetheamhuil air an riachtanas sa a meisgeoiribh, a n-easgaineoiribh, a ttiomana- doiribh, a striapachas agus a ngnaithpheacoiribh oile, noch do chaithionn bliadhanta iomlána aig cneadaigh go haindeas fá chuibhreachaibh daora a ndubhailce gradhacha? Is minic do ghoilleann an meadha- chann uathbhásach so orra, agus is minic a ghabhaid orra an t-ualach a theilgeann díobh, acht teibeann a neart agus a misneach orra an uair budh dheallrach go mbeith fonn orra. 3 Gé go ffuil an chine dhaona go huile claon chum uilc, tairis sin is ró-anamh a theilgeann aon é féin a n-aoinfheacht san mhallaigh- theacht nó thugann é féin suas do ghráineamhlacht de thuraic; óir do réir mar atáid céimionna aig na subhailcibh le a n-árduighthear duine a n-áit a chéile dochum iomlán feabhais, is mar sin do na dubhailcibh, atáid a ccéimionn féin aca le a ttúirlingeann duine chum íochtair na mallaightheachta. Tarraingeann aon choir amháin nach glantar amach go hobann le aithrighe fhirinneach, mar adeir N. Greagóir, an peacach chum peacadh oile, ionus a n-áit a chéile go ccruthaighthear cleachta nádúrtha chum uilc tre ghníomhartha peacamhla dh'aithdeunamh go minic; agus an tráth ghlacann an gnás pheacamhuil si freumh aon uair amháin geineann sé athnádúir, air nach féidir treisiughadh, do réir mar adeir N. Abhaistín a Sailm xxx, acht le conbhliocht, comhrag agus troid dhian dhocharach. 4 Is deacair lámh ná cos a liaighios a bristear go minic, nó is deacair soightheach a ghlanadh ná a chubhrughadh bhias a bhfad líonta le salchar agus breuntas. Meas féin dá réir sin chomh docamhal agus an nidh anam a ghlanadh agus sal an pheacadh a sgrios de an tráth thugann sé aga mhór a ccleachtaibh míriaghalta an pheacadh. Más deacara galar an choirp an tráth d'athiompuigheann sé go minic a liaighios ioná ó thúis agus gur baoghlaidhe agus gur urchóidighe é an t-athuair ioná an chéad uair, is furus a thuigsin go ndeunfadh aththuitim san bpeacaidh an sgeul a ffad níos contabhartaighe agus níos docamhla, do réir na mbriathar sa an tSoighsgéil, Lucas xi,
“Is measa a leithéid sin fá deire ioná a ttosach”. Tagaid a chreuchta, tre fhailíth, chum morgacht agus cuiriptheacht, agus tigid a ghalair spiora- dálta, tré ghnáithchleachta, chum a mbeith, air mhodh, doliaighiosta, agus is gnáthach gurb é is críoch dho, bás síorruighe a anama. 5 Is é fáth fá mbidhionn coinghiol an ghnáthpheacaig chomh contabhairteach air fad agus a n-athrighe chomh docamhalach do bhrigh go mbíd na slighte re a ngarmann Dia tar n-ais orra caillte orra trena ndúireacht, a ccoirptheacht agus a ffailíth féin; óir ní theighid aig iarraidh sacramainte air aon chor, nó má théid ní ghlacaid an t-ullmhughadh budh chóir chúcha, ná ní ghlacaid comhairle an oide faoisidíne. Tóigeann cleachta an pheacaidh a n-inntinn ó an uile dhualgas spioradálta nó diagha agus ní bhidhionn blas aca air; muchann sé gach uile spreagann coinsiasa; ní bhí suim aca a ccoir dá ghraine- amhlacht, agus, do reir na caineamhna do chuirionn an sgriobtúir air, cuirionn sé d'fhiachaibh orra mallaightheacht do shlogann mar uisge, gan toirmiosg. Cuirionn gach aon aththuitim níos sia ioná chéile iad ó Dhia agus deunann iad nios mó neamhfhiúntach dá ghrásaibh, do bhrigh gur móide tharcaisnigheann sé a Ardfhlaithis Diagha, a thrócaire a dhímheas, diombuidheachas dioblaighe, agus neamhdhilseacht agus neamhthairiseacht níos táire. Níl aon choir nuadh nach cuirionn barr daingin air an cceangal le a ccuibhrigh- thear iad, agus dá bhrigh sin is céim nuaidh é a n-aghaidh a leasa; agus an diabhal air feadh na haimsire aig síorghlacadh seilbhe ionnta agus aig faghail barr comhachta os a ccionn, mar a bhidhionn síoreagla air a alait a chailleamhuin go ndaingionnuigheann sé a thighearnas os a ccionn tre shíoraththuitim agus go neartuighid a ngéimhioll orra féin, ionus go ccaillid a misneach agus ná bidhionn sé dhe bhrigh ionnta ná d'fhonn orra an chuing chráidhte si a chraitheadh dhíobh gan congnamh grása neamhghnáthach, nach féidir leó súil a bheith leis trena neamhdhílseacht do Dhia. Uime sin cuirionn an sgrioptúir an peacach aththuitiomach a chleachtann an peaca do ghnáith a ccompráid (15) le fear a ccurthar aon diabhal amháin as a sheilbh, d'osglann a chroidhe dho arís, agus da ndeuntar ionad comhnaighthe dho sheacht ndiabhal oile nios mallaighthe ioná an chéad diabhal. 6 Budh farall Lazarus do na cruadhpheacachaibh si .i. na tiomnadóirighe, na heasgaineoirighe, na striapachasa, etc., noch do luighionn marbh adhlaicthe a ccleachta an pheacadh mhairbh mar dobheidís san uaigh, agus ní air feadh trí nó ceathair de laethibh amháin acht air feadh trí nó ceathair de bhliadhnaibh, nó fós air
feadh deith mbliadhna, fithche bliadhain nó b'fhéidir níos sia, aig leathnughadh aicíde a mallaightheachta a measg cháich a ccoitchine agus aig cuidiughadh a ngalair leó trena sómpla sganalach. Foillsighid na cuibhreacha dobhí aig ceangal na heisléine air lámhaibh agus air chosaibh Lásaruis na slabhradha agus na géibhiolla ionna mbidhionn an duine ceangailte san bpeacaidh; is cosmhúil an chloch dobhí aig clúdamh na huaighe leis an meadhachann do chuirionn gnáith- chleachta an pheacaidh air an anam agus fhaisgionn síos ris an ttalamh é le fóirneart chomh dasachtach san go liughann N. Abhaistín dá rádh, “Ó cad é chomh deacair don té úd eirghe atá fáisgthe ris an ttalamh le meadhachann droichchleachta!” Acht cheana níl aon chor ina raibh Lasarus roimh a eisirghe, do réir an tSoighsgéil, acht cosmhúlacht don riocht dhona ionna mbíd gnáithpheacóiridhe, agus gach deócamhal dá mbidhionnn chum a n-eiseirghe spioradálta dho theibeadh. Adeir N. Abhaistín gurab ionann iad agus an oiread Lásaruis, nach féidir a mhúsgladh chum beatha na ngras gan iomad goil agus miorbhúille iongantach áighmhéil de ghrásaibh Iosa Críost. Is air a son dobhí buaireamh air Chríost air fhaicsint leachta Lasarais; is air a son do cheasnaigh agus do ghoil sé an uair sin; óir cia oile is mó do thuill déara Mhic nDé, mar adeir N. Abhaistín, ioná anam cruthaighthe a ccosmhúlacht Dé agus thugann é féin suas do sglábhuigh-eacht an diabhail le peaca marbhthach? An bhfuil aon nidh annsa saoghal sa is comhachtaighe chum deara tharraint ó shúilibh Iosa Críost ioná an t-anam úd do cheannaigh sé air luaidheacht a dhaor-fhola a fhaicsint fillte suas a nglasaibh cionntacha agus curtha síos a ccleachta an pheacaidh a cceartlár na tubaiste? 7 Tuitionn an gnáithpheacach, air mbeith dho claoidhte annsa riocht sain, a neamhshuim a n-áit a chéile ionas go n-osglann an tslighe chum neamhaithrighe dheighionnach. An chéad uair do thuit sé a ppeacadh do las sé le náire trena lagachar; dobhí geite air a choinsias trena mhí-agha; acht an uair dorin se arís agus arís e agus dorin sé tathaighe dhen choir cheadna níor airigh sé aon chás ná míshásamh aigne. Omne peccatum consuetudine vilescit adeir N. Abhaistín; atá sé lántsasta ina aigne, ge go ffuil se ina namhaid aig Dia agus ina sglábhaighe aig an diabhal, agus gach aon nómaint ccontabh- airt tuitioma a ccraostheinte ifrinn. Air mbeith dho theine na carrthannachta múchta ionna anam cruadhann a chroidhe amhuil carraig chloiche, adeir N. Greagóir. Atá sé airna chruadhadh, adeir N. Abhaistín, amhuil uisge dá ndeuntar leac oighre san ngeimhre an tráth thearrnann an ghrian a gaithe niamhracha uaidh. Ní bhfuil d'éifiocht san ccomhairle is fearr dá ttugthar dho acht an oiread le
braoin uisge air chloich; roigfeadh leó ó bheith aig síorthuitim rian beag leith amuigh, gidheadh ní roigid an croidhe chaoidhche air mhodh go n-oibreóchadaois a leas. Go deimhin dob éidir dá mbeith sé aig éistiocht le seanmóntaighe díograiseach diandhíthchilleach go roigfeadh leis osnadh a tharraint ón ccroidhe clochach dobheith aige, deur beag óna shúil, nó lagdhúil aithrighe; do roigfeadh dhó go ndeunfadh geallamhaint thaithniomhach aithrighe; do roigfeadh leis fonn diaghacht d'oibriughadh ann; acht faraoir! a n-áit a ccur a ffeidhm teithfeadh sé tar a ais leis an ccéad chathughadh agus tiubhraidh sé toil don dubhailce dá ffuil claoine aige. B'fhéidir go ndeurfadh sé air uairibh leis féin, air nos Shamsoin an tráth fuair se é féin air chumas na fFilistíneach, reighfead agus sgaoilfead me féin ón achrann sa; gidheadh má chuirionn sé roimhe é luighionn sé arís, mar dorin taoiseach mí-ághmharach chlainne Israel, fá uallach a shlabhradha. chidheann sé é féin chomh cuibhrighthe agus a n-achrann chomh daingionn san annsa tseirbhís dhoilg si nach fanann misneach, fonn ná cumas aige do bhrisfeadh na hinleóga ionnar theilg sé é féin tre ghnáithchleachta bheith aig aththuitim. Do thaisbeun me dhíbh anois agus leag me bhúr láthair an riocht dhona ionna mbidhionn an te ghnathuigheann aththuitim a bpeacadh. Dochualabhair na deocamh- lacha chuirionn cleachta mhallaighthe a n-aghaidh leasa dhuine. Tugamaoid anois dár ttuigsin go hathchumair na slighthe le a ttreisighthear air na deocamhlachaibh sin. Aig si an nidh air a ttrachtmhar san dara pongc, noch do sheólfad a mbeagán focal. 8 Adeir an t-apstol nach lugha atá comhachta dochuimsighthe soléir a n-iompoghadh an pheacaig chum a leasa ioná ann aith- bheodhadh na marbh; óir is leis an árdchomhachta iongantach céadna a deuntar é .i. an marbhán a thógbháil ina bheathaidh agus an peacach a mhúsgladh ó bhás an pheacadh chum beathadh na ngras. Ní fhaicimsi aon difir eadora acht so amháin .i. nach teagmhann aon toirmiosg do ghuith shárchomhachtach Dé ann dul go fíoríochtar na talmhon chum an chuirp mhairbh do ghairm ón uaigh agus a dheunadh chomh beó agus dobhí sé riamh; gidheadh, an mallaightheoir a bhfuil a anam marbh le peacadh is cosmhúil go ffuil sé beo bríogh- mhar go leór chum neamhshuim a dheunadh den nguith si agus cur a n-aghaidh Dé uileachomhachtach agus cluas bhoghar a thabhairt dá ghlor, air a nglaodhann se chomh cáirdeamhuil sin ó log dhoimhin an
pheacadh ionna bhfuil sé dá mhuchadh. Agus gé go ttuigfidhe gomadh ródheacair a shamhuil sin de pheacach a tharraint chum a leasa is nidh é is féidir a dheunadh, agus le congnamh De roigfeadh leis theacht fós chum a bheith taithniomhach. Dá bhrigh sin ní cóir d'aon duine dá dhonacht rith a n-eudóthchas, mar dorin Iudás tubaisteach nó Cáin mallaighthe, agus a mhuinghín do chur a ttrocaire Dé, mar Mhaigdelen, agus na slighthe oireamhnacha chum oibre chomh práin- neach lé do thabhairt chum críche, do freagairt agus a ccur a ffeidhm gan stad agus cur roimhe chomh maith is d'fheudfadh sé a mhuinteardhas agus a shíothcháin a dheunadh rena Dhia; agus 16 glacfaidh Dia leis go trócaireach. 9 Úrnaighthe an chéad shlighe díobh sa .i. urnaighe úmhal dúthrachtach agus teasghrádhach, agus trosgadh agus déirc ina choimhdeacht. Uime sin, a dhearbhraithre, má tá aon duine bhúr measg air a mbeith sé dhe mhí-ágha a bheith fán mbraighdionas sa an ghnáith- pheacaidh, sírigidhe air Dhia sibh a shaoradh uaidh, iarraighe go duthrachtach é a n-ainm Iosa Críost ós é do gheall go solmonta gidhbé nidh iarrfaoi air an Athair ina ainm féin go ffaghthaoi é. Labhraighe leis san ccanamhuin thruaighmhéileach úd ar labhair Marta agus Maigdelen an tan do chuireadar a n-athchainge air son a ndearbhráthar féin Lazarus, “A Thighearna, an té úd do chruthaighis agus cheartaighis chum do chosmhúlacht féin; a Thighearna, feuch air an té d'fhuasgail tu air luach do dhaorfhola, agus dá leoighfinn a radh, feuch atá an tí úd aigá ffuil gradh agat fós tinn agus an léigfeadh tu dho dul d'eug agus a bheith caillte go síorruidhe tairéis ar chosain sé dhuit? An léigfeadh tu dho lonnughadh air feadh a bheathadh fá dhaorbhruid an diabhail agus bás anaba gan aithrighe a leigionn do? Déinighe an urnaigh si air maidin, déinighe um thráthnóna é, déinighe aig cois na haltórach, déinighe é ionn bhúr ttighthibh féin. Muna mbeith athchainge dheirbhsheathracha Lasarais ní tóigfidhe ina bheathaidh é. Níl dá mhéid agus bhiaidh sibh tabhartha do na droichchleachtaibh si nach móide is éigionn dibh bhúr n-úrnaighthe agus bhúr ndíograis do dhúblughadh, agus is aoirde chaithfeadh sibh glaodhach air Dhia aig iarraidh maithfeadhchais agus trócaire, mar do chleacht an fháigh ríoghamhuil, noch do gháir amach as an duibheacán doimhin, De profundis, etc. “As na háigéanaibh do éigh me ort, a Thighearna, a Thighearna, cluin mo ghuith”, Sailm cxxix.
10 Slighe oile atá chum cleachta peacamhuil a thréigionn, síocair an pheacadh do sheachnadh, do réir na riaghladh do tionnsgnadh san Soighsgeul, Matha xviii 8. “Madh thugann do lámh ná do chos adhbhar oilbhéime dhuit gearr dhíot agus caith uait iad; agus má bheir do shúil adhbhar oilbhéime dhuit staith asat agus teilg uait í”; is ionann san agus gurab éigionn duit an nidh is annsa leat annsa saoghal sa a threigionn níos luaithe ioná leanfadha dho fhearg do chur air Dhia agus t'anam a chailleamhuint. Níl éifiocht díbh ionna radha go cclaoidh- feadh sibh bhúr n-ainmhiantaibh miriaghalta ná go ttreiseochadh sibh air bhur ndroichchleachtaibh gan na slighthe riachtannacha sa do fhreagradh. Is díomhaoin díbh súil a bheith aguibh le claochlogha croidhe dáríre an feadh leanfaidh sibh de na contabhartaibh agus de na geallamhnachaibh úd noch do chur na foinn is fearr dár ghlacabhair riamh a neimhbhrigh míle uair. Is eolbhaoiseach díbh smaoineadh go mbeithighe geanmnaighe ionraic ná measardha an feadh thaitheochaighe na hionaid úd ar gnathach meisgeoireacht agus míriaghaltacht, agus an feadh nach seachnóchthaoi gach dánacht, gach cuairt uaigneach, gach tigh mí-iomcharach, leabhartha agus sgeulta gáirseamhla agus gach cuideachta macnaiseach, noch do mhill bhúr mbeusa chomh minic go ttrasda. Air a shon san is gnathach go ffaicimíd peacaig lear mhian a mbeatha do leasughadh agus filleadh air a tTighearna Dia, air mbeith dhóibh sáraighthe a slighthibh na mallaightheachta agus cortha dá ccoirthibh gráineamhla, acht nach áil leó eirghe as na cosbóiribh ná na hinleóga do sheachnadh, noch budh chionntach lena neamhurchóid a mhilleadh agus tréar thuiteadar chomh minic sin annsa n-aindeise. Déinid gan amhras lagiarracht a thabhairt aig iarraidh aithrighe a dheunadh; cuirid a ccás síos do oide faoi- sidíne, agus ní leisg leó geallamhnacha breaghtha a dheunadh agus inntinn mhaith a ghlacadh; cuirionn an sagart d'fhiachaibh orra a bheith sásta air fhuireach sgathamh gan absolóid shacramainteamhuil d'fhaghail ionus gomadh follus san tréimhse sin go mbeith fonn daríre orra a mbeatha leasughadh agus aithrighe cheart a dheunadh agus go nglacfadaois slighthe oireamhnacha chum iad féin d'iomchur go hiomchúbhaidh an chuid oile dá saoghal. 11 Beartaighthear an t-amm agus an lá dhóibh air a bhfuilid chum dul arís chum faoisidíne. Air tteacht na haimsire agus an lae chinnte chúcha, a n-áit theacht aig suighiughadh agus aig dearbhadh a seas- amhuigheachta, ní faicthear iad nísa mhó; tig míthapa éigín ionna slighe, noch do tharraingeann arís iad chum peacaidh, nó b'fhéidir
go ccuirid iad féin deunadh fheidhm ann slighe a dheunta. Is leór so chum iad do thoirmiosg air thobar na ngrás d'ionnsaigheadh; déinid gearán gan chúis gurab eugcórach an nidh absolóid a choi- mheud uatha, air son gur air mhaithe leo a deuntar é, ionus go rachadh sé chum tairbhe dá n-anamnaibh; agus mar sin a leigid siad an aimsir tarsa, aig fuathughadh a ccuibhreach, agus gan iad féin a shaoradh óna ndaorbhruid. Aithrighig do réir chosmhúlacht acht peacaig do ghnaith do réir dearbhthacht, air an adhbhar nach bíd sásta air na síocair chontabhairteacha an pheacaidh do thréigeann. Is é brigh an sgéil, a dhearbhraithreacha, ní féidir buadhachann air bhur ngnáithchleachta peacamhla, ní féidir bhúr n-ainmhianta a chlaoidheadh acht le sgarramhaint leis na cosbóiribh do ghríos air ttóis iad. Dá bhrígh sin ní fuláir dhíbh obair bhúr slánaighthe do thoisiughadh le sgarramhuint ris na siocraibh sin. Aistrigidhe gach nidh do theibfeadh grasa Dé air theacht ionn bhúr ccroidhthibh. Admhaim go bhfuil an obair anshásta agas ródhoilg d'fhuil agus d'fheoil, do réir deallraidh. Tairis sin is obair í nach fuláir dhíbh a dheunadh nó is damaint shiorruidhe is luaidheacht do bhúr neamhshuim agus do bhur leisge. Gabhaighe oraibh féin dá réir sin a dhearbhráithre, ó so suas gan sgannradh ghlacadh roimh aon teibeail do chuirfeadh an diabhal ionn bhúr slighe a ttaobh bhúr leasa. Dá dhonacht bhúr ccás ná gabhaidh eudóthchas; atá bhúr liaighios le faghail fós. Níl aon pheacadh domhaitheach, níl aon chneadh doliaighiosta fá láimh uilechomhachtach an liaigh atá aguinne .i. Iosa Críost, an té d'fhág comhachta aigá Eaglais chomh fóirlíonta agus bhí aige féin. Níl aon droichchleachta dá aostacht, da dhúireacht, dá bhoirbe nó dá dhonacht nárbh éidir libh a 17 dhíochur go hiomlán, maille re congnamh Dé, má shaothruigheann sibh go daríre agus comhoibriu- ghadh go dílios rena ghrasaibh diagha, noch is leór chum an chroidhe is coirpe air bith do chlaochladh a n-aon nómaint. Atá Iosa Críost, noch do thóig Lazarus ón mbás, fonnmhar agus cumasach chum a leithéid oile do dheunadh fós díbhsi, air choinghíol go ndoirtfeadh sibh bhúr n-aigne air go hiomlán ó bhúr ccroidhthibh. Má táid aon Lasarais san bpobal so, má táid aon tseanpheacóiribh gnáith- chleachtacha annso atá a n-achrann a staid ghuasmhar agus a seirbhís pheacaidh mharbhthaich, Ó impighim orra gan codladh níos sia a n-ucht na haindeise acht eirghe as a spaidtheinnios gan mhaill agus iad féin a theilgionn aig cosaibh thrócaire nDé le croidhe umhal comhbhriste, do nach diúltuigheann se chaoidhche. Ó a Thighearna throcairich agus thruaighmhéiligh, feuch anuas orainn uile re súil na truaighe, agus ó dorinis roimhe si clann Israel do shaoradh ó bhraigh-
dionas na hÉgypte, aontaig sinne go léir a shaoradh ó bhraighdeannas an pheacaidh. Reub slabhraighe na haindlighe re a bhfuilimíd ceangailte agus aisig orainn saoirse mhilis do chlainne ionus go bhforálfamaois iodhbairt altaighthe duit, agus h'adhmhola bhioth- bhuan do fhorfhogradh air feadh na síorruigheachta a ccomhluadar na n-aingiol agus na naomh a rioghacht na fflaithios, nidh atáim d'iarraidh go duthrachtach díbh uile, a n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Naoimh. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services