Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Specimen of Kilkenny Irish
Title
A Specimen of Kilkenny Irish
Compiler/Editor
Quin, Coslett
Composition Date
1709
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1964-1966)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I E Mimnermo Créad an bheatha ta, nó créad sólásach gan Bhénus orrtha? Tiggadh an bas orm, an tan nach beidh faoi mhorchion Agam an grádh follith deirim, as tabhartais bladdarach As leabbaidh, más luach tuitten blach an óg-aois dfhearraibh S di mhnáibh. Acht an tan do thig an tseanaois neaghthainghtheach orram Do chassan an fear sgiamhach mar an ccéadna ar dhroichdhach, An tan sin bíon trom-aire go brádhach a cnáthairt aigne, Sní sólás don tseandhuine radharc na gréine neartmhar; Tá fuaithmhar do na buachalluígh s ag na mnáibh faoi dhroithmheas Óir do righean Dia fórúir an tseanaois cho dorrasin. II Q. Hor. Flacci. Odi 23 Lb I pag 29 Ad Chloen. Seachnuíghair misse Chloe as cosmhuil le hógfhiadh Aig iarra do mhathair eaglach a sléibh móra Níl so gan uamhan díomhaoín Na ccoillte ar fad as na ngaoíthibh. Nó má criochag do thrialla so le duilleóga Corruíghfí, nó má chorraig suas na drisseóga A ghéagaibh glassa spíoneach Tá ar crioch na glúine sa croidhe fós Acht ní leanaim thussa go mbrissing tú óig óigh Mar thíguir Ghétúilleach ghéar, nó mar león Ghetúileach mhóir-nirt Fa dheire léig dhiot ní siadh Do mháthair, tá nois dfhear fiormhaith.
III Epist. Pauli ad Corinthios I Cap. 13 Dá labharthaing ré teangacha na ndaoinne 's na n-aingil as ná béich carthanacht agam, do righéanag mé mar phrás a baint, nó mar chimbal a canna. 's má bhion fáidhíghacht agam go n-áintheoch gach deamhar-
rún, as gach fios, 's go mbeith iomlán creidiomh agam, ionnas go n-aistreóing sléite ó ball go ball as nach bhfuil carthanacht agam: ní fiúgh dadda mé. As má rhainnim mo mhaoín uile mar bhia do na bochdáin, 's go ttabharaing mo chorp ionnas go mbeing am losga, as ná béich carthanacht agam: ní fiúgh dadda dhamh sin?. Tá an charthanacht foidhideach, maith: níl sic bíon an charthanacht tnúith ní oibbríon gan bhrigh: ní seidthir í, níl sí saoíthach ort, ní iaran nithe bhainnean leat, ní cuirrthear fearg airthe, ní smuainean ar olc: as níl a háthas ar andlígh: as dá cómháthas don fhírinne: fullangan gach ní, creidean gach ní, bionn a dóigh re gach ní, iompríon gach ní, nír thuitan an charthannacht ariomh: mas fadhuighacht dho legfar, nó má sguirfid na teangacha, nó má sgriosfar an fios. As ré rann d'áighnuighmuid, agus as ré rann fháighuíghmuid. Acht an tan dho thucfas an ní tá iomlán, scaoílfar an ní tá ré rann. An tan dho bhíos am ghárlach, do labhras mar ghárlach, do bhíos eagnach mar gárlach do smuaineas mar ghárlach acht an tan dho righéanag duine dhíom: do scaoíleag bhuaim a raibh dhon ghárlach. Do chíomuid anois trí sgáthán sa cceist: acht an tan sin ré haidhadh ar aidhadh, annois áithním ré rann, áithneót an tan sin mar dho háithníog me. Annois fainean creidiomh, dochas, carthanacht go fíor ann, na trí nithe so. Acht sí an Charthannacht as mó dhiobhso.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services