Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Sermon for Good Friday by Father Michael Walsh of Sneem
Title
A Sermon for Good Friday by Father Michael Walsh of Sneem
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
O'Sullivan, Donal
Composition Date
1848
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1944)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Is geal an lá é dúinn-ne, is buartha an lá é do Íosa. Cad 'n-a thaobh gur thóg sé oiread notice dínn? Agus nuair a mhachtnuighim go bhfuil sé chomh mór as ár gcionn, gaibhim iongnadh. An lá so dodhein sé droichead trasna an duibheagáin san dobhí 'dir sinn agus Dia,
agus d'oscluigh sé an bóthar díreach chun flathas Dé. Cé go maireann sé ins a' tsíorruidheacht, do chomhnuigh sé ar a' dtalamh so ar feadh 30 years. Ní fhéadfaimís féachaint ar Dhia 'n-a bheathaidh. “Taisbeáin dom,” arsa Maoise, “do ghlóire”; agus do fhreagair Dia: blank. Exodus, XXIII, 18, 19. 2 Ní bheadh aon iongna orm 'á dtógfadh sé air féin nádúir na n-aingeal. Acht do chuaidh sé ar leath-taoibh ón nádúir is cuibhe, agus do thóg sé air féin nádúir thruaillighthe an duine, agus d'órduigh sé dos na h-aingil tuitim síos chun é 'adhradh. Ní tháini' sé chun claim do chur i n-iúl acht chun fiacha do dhíol. Ón am dorugadh é dotugadh suas é chun péine agus tarcuisne. Tá a fhráma deiliceáltha caithte amach le fuacht agus teas, le h-ocras agus easba codlata. Atá a dheárna garbh, clogaithe ó úirlisí na siúinéireachta. Do loit sé a ghlóire mhí-chuimseach agus do ghearr sé a dhathamhlacht. “Agus is í seo an bheatha shíorruidhe, go n-aithneóidís tusa an t-aon Dia fírinneach, agus Íosa Críost do chuiris uait.” John XVII, 3. 1 Cor. II, 2, vide. 3 Ar teacht domh-sa chugaibh, a dhritheáireacha, ní le h-óradh opening words of 1 Cor. II, 1. p. 40 4 Is anocht, a dhritheáireacha, atá cúis againn le rádh len' Aspol: “Ó! chomh doimhin
is tá saidhbhreas aigne agus eólais Dé! Chomh deocair is tá sé a bhreitheamhnachais do chuardach nó do chraobh-scaoileadh!”. Nuair do thuit na h-aingil ós na flaithis níor thóg Dia aon notice díobh. Níor gealladh Slánuightheóir dóibh. Níor taisbeánadh truagh dhóibh. Níor ceapadh aon leigheas le h-ionchus an fhíréantacht d'fháil thar n-ais do chailleadar. Acht ní mar sin do dhein Dia é orainn-ne. An tan do thuit Adam, an chéad duine, chomh luath agus chaill sé an fhíréantacht san leis gur chlúduigh Dia é, dotháinig Dia chun a chabhra. Do ghaibh truagh croidhe an Tighearna san go bhfuil coitcheannta 'caoi le trócaire. Do gheall sé go dtiocfadh Slánuightheóir le h-aimsir. Nuair d'ith Éabha ubhall na h-aithne, dubhairt Dia: “Cad 'n-a thaobh gur dheinis é seo?” “Mar do mheall an diabhal me,” ar sise. Agus dubhairt Dia leis an ndiabhal, 'dtaobh a leithéid do dhéanamh: “Cuirfead fuath 'dir thusa agus an bhean, 'dir do shíol-sa agus a síol sise. Brúighfidh sise do cheann.” 5 Agus nuair dobhí gach aon rud críochnuighthe, d'oscail na flaithis agus do thúirlig Dia. Chuir Mac Dé, an dara pearsa den Tríonóid, a ghlóire dhe, agus dotháini' sé 'nuas ar a' dtalamh so agus chomhnuigh sé i n-ár measc, chun sinn-ne d'árdú suas chun na bhflaitheas. Gidh go raibh sé 'n-a Dhia, dodeineadh duine dhe. Dodhein sé é féin
bocht chun sinn-ne do dhéanamh saidhbhir. Do thóg sé ár nádúir-na, agus dodeineadh leanbh de. Dorugadh é i stábla fuar ar am mhairbh na h-oidhche, gan aon throne acht mainséar ainmhidhthe allta, gan aon leaba aige acht brobh d'fhéar garbh nimhe (?) tais, gur dhearmhad giolla éigin 'n-a dhiaidh ins a' stábla é, gan luid den éadach acht dorn ceartacha, giobail. Ó! a aingelaibh Dé, ní foláir gur ghaibh iongna sibh nuair do bhfeacabhair an crot suarach so do thóg Críost! Ó! chomh fíor is tá na briathra so: “Atá pruais ag an mada-ruadh, agus nid 'ge éanlaith na spéire; is féidir leó iad féin do chlúdach le duilleabharaibh na gcrann. Acht níl age p. 41 Mac Dé ionad chun a cheann a leigint air.” 6 Agus cad 'n-a thaobh gur fhuilig an pian agus an trioblóid seo go léir? Is mar gheall orainn-ne, chun na bhflaitheas d'oscailt dúinn, chun sinn do chur ar a' mbóthar uaidh gur staedhamair , chun ár bhfiacha do dhíol. Féach chomh daor is do cheannuigh Dia thu! Féach ar a' méid do chosanuigh t'anam! Níor ceannuigheadh sinn ar airgead ná ar ór, acht leis a' mbraon déidheannach de chuid fola Íosa Críost. Cad 'n-a thaobh annsan ná beadh meas againn d'ár n-anamnaibh, nuair chímíd an price gur do díoladh asta? Mar dobhíonn coitcheannta, bíonn meas age daoine ar rud do réir an price go díoltar as chosanuigheann
sé. Agus indiu, a dhritheáireacha, do dhíol sé an price san. Indiu do ghlan sé amach scríbhneóireacht a' pheaca. Indiu dodhein sé droichead thairis an duibheagán san do bhunuigh Adam 'dir sinn agus flaitheamhnachas. Is indiu d'aistrigh sé an falla san gur árduigheadh 'dir sinn agus na flaithis. 7 ... dodhéanfadh aingeal an gnó chun sinn do shaoradh. Acht níor fhág sé sinn ag braith ar aingeal. Dotháini' sé féin, Rí na n-aingeal. Ní gan réasún mór ná leigeann an Eaglais bliadhain iomlán thairsti gan smaoineamh go doimhin ar bhás agus páis ár Slánuightheóra Íosa Críost. Níor dhein an mhistéire seo sinn do shábháilt, acht uaidh a thagann gach aon bheannacht agus gach aon ghrásda. Is cosmhail le tobar nó loch an mhistéire seo, a's is uaithe a thairgeann na sacraimintí a neart agus éifeacht go léir. Mar ní bheireann aon rud eile dhúinn acht toradh páise agus báis ár Slánuightheóra Íosa Críost. p. 42 8 Leanaimís indiu ár Slánuightheóir i spioraid bóthar na páise. Leanaimís isteach i ngáirdín Gethsemane é, ó Ghethsemane go dtí Ierusalem agus ó Ierusalem go Sliabh Calvary; agus beidh fhios agat chomh láidir agus do ghrádhaigh Dia thu. Beidh fhios agat luach t'anama, agus chomh fuathmhar agus atá peacadh i láthair Dé. Dá mbeinn chomh deagh-labhartha le h-aingeal, ní fhéadfainn a chur i n-iúl
díbh an méid gur fhuilig ár Slánuightheóir ar ár son-ne - ní h-amháin ar feadh na dtrí lá so: mar, ón am dorugadh Íosa go dtí go bhfuair sé bás, páis choitcheannta dob eadh a bheatha uile. Ní h-ins a' chorp amháin d'fhuilig Íosa, acht ins an aigne istigh. Do loisceadh nach mór a fhráma go léir suas le h-athtuirse agus dólás croidhe. 9 An t-am go ndubhairt Íosa beagán focal, dochuaidh sé le cois na n-Aspal thar sruthán darbh ainm Cedron, do ritheann ag cois Chnoc Olivet, ar a' dtaobh thoir de Ierusalem, tímpal le seacht nó ocht dtroighthe ar leithead. Dochuaidh David, macasamhail Íosa, thairis an sruthán so fé thrioblóid mór, nuair a theith sé ó n-a mhac easumhal Absalom. Agus ar imeacht d'Íosa thar an sruthán so, dochuaidh sé do réir a' ghrian go Sliabh na n-Olives, le cois na n-Aspal. Annsan dotháinig Íosa go ball darbh ainm Gethsemane, áit go raibh gáirdín. Tar éis a dhul isteach dó sa' gháirdín seo, dubhairt sé leis na h-Aspal: “Atá m'anam lán do bhrón go dtí an bás. Fanaidh annso agus deinidh faire liom.” Agus do thairig sé féin buille beag uatha, tímpal faid urchair cloiche, agus ag leigint é féin ar a ghlúine p. 45 dodhein sé urnaighthe, ag rádh: “Má's toil leat an cupán so do chur tharm, acht gidheadh ní h-í mo thoil-se acht do thoil-se déantar.” Agus féach, an uair sin dobhí aingeal ar taobh leis chun cabhrú leis.
Agus ba mhó ba dhícheall do rinne sé urnaighthe. Agus do bhí allus mar bhraona móra fola ag tuitim ar talamh. 10 Ó! nach greannmhar an sóinseáil dotháinig ós cionn Íosa nuair a bhféachann sé suas go lag-fann ón dtalamh! Agus féach, tá a chuid éadaigh dearg len a chuid fola. Cad as do thagann sé seo? Ní bhfeicim gur buaileadh thar a' méar fós ar Íosa. Atá a chloigeann saor ón sciúirse, agus a chosa agus a lámha saor ós na tairngí. Ar a shon san feicim allus fola mar dhrúcht trom as an aer ar a chroiceann, i slighe gur dhóbair dó bás d'fháil; acht amháin gur choimeád sé corp agus anam le chéile le míorbhail. Sileann sé a chuid fola roim aimsir. Tosnuigheann a pháis istigh. Briseann a chroidhe le corp eagla. Agus pléascann na féitheanna ó chéile. Briseann an fhuil tríd a' gcroiceann agus tuiteann sí 'nuas 'n-a braonacha troma ar a' dtalamh. 11 Níl aon iongna orm ar son mearbhall do theacht ar Íosa nuair do bhfaca sé an méid dobhí roimis chun dul tríd. Agus tar éis an allus fola so do chur de, d'éirigh sé ó urnaighthe. Tháini' sé chun a dheisciobal, agus fuair sé iad 'n-a gcodladh tré thuirse. Agus dubhairt sé leó: “Cad 'n-a thaobh go gcodaluigheann sibh? Éirighidh, deinidh urnaighthe dúinn, agus ná tuiteadh sibh i gcathaí.” Agus tar éis urnaighthe do dhéanamh dó nó trí 'uaire mar
seo, agus imeacht dó arís, p. 46 dorinne sé urnaighthe arís ins na briartha céadna. Agus ar a fhilleadh dhó, fuair sé aríst 'n-a gcodladh iad, mar dobhí a súile trom. Nuair dotháinig na saighdiúirí isteach sa' gháirdín Gethsemane, do bhailigheadar tímpal Íosa chun é cheangail. Agus iad á cheangail do ghaibh fearg Peadar, prionnsa na n-Aspal, agus do thairig sé a chlaidheamh, agus do thug sé iarracht ar cheann sheirbhísigh an árd-shagairt, agus leis an iarracht san do bhain sé an chluas de. Agus d'fhéach Íosa ar Pheadar, a' rádh: “Cas an claidheamh chun a' dúbla, mar ní féidir an scripture do athrú: Is toil d'Uan Dé bás d'fháil ar son pheacaidhe an domhain.” 12 An tan go raibh Íosa ceangailte do rith na h-Aspail uaidh le corp eagla roim na saighdiúirí; agus an tan gur ceangaladh Íosa, mar chrochaire, do fhilleadar an bóthar chun Ierusalem; agus do ghaibheadar an tslighe chun an droichid do deineadh trasna an brook Cedron. Atá sé ráidhte gur thairigeadar Íosa trasna an ghlaise, mar do bhí an droichead lán de dhaoine dotháinig amach ó Ierusalem, le h-ionchus go gcóimhlíonfaí an fháidheadóireacht: “Ólfaidh sé den sruthán ins a' slighe.” p. 47 13 Agus ar a dhul suas dóibh Cnoc Sion d'imigheadar isteach go Ierusalem tríd Sterquilinian Geata Porta Sterquilinii. Dorugadh é chun
Caiaphas an t-árd-shagart, an áit go raibh na scribes agus sinnsir a' suidhe. Agus d'iarradar air: “An tusa Críost?”. “Má deirim gurab eadh, ní ghéillfir dom.” “An tusa Mac Dé?” arsa Caiaphas. Agus do fhreagair Íosa: “Is me.” An tan san dubhairt Caiaphas: “Blasphémeann sé”, is strac a bhalcaisí. “Is ceart é chur chun báis,” arsa na scribes agus pharisees. Annsan do chaitheadar seile ins an aghaidh air, do bhuaileadar é le n-a ndóirnibh ag déanamh fonomhaide fé: “Innis dúinn, a Chríost, cé bhuail thu?” Agus a Thighearna, an lamhálfair dóibh do Chríost a bhualadh san aghaidh? Ó! goidé an tarcuisne! goidé an easonóir! do dhiúltuigh Peadar dó! 14 An lá 'n-a dhiaidh do strac na h-árd-shagairt agus na scribes Íosa i láthair Phontius Pilate: mar ní raibh sé lamhálta dhóibh féin breith bháis do thabhairt air. Mar ón am gur bhuaidh na Rómhánaigh ortha do baineadh díobh an t-údarás breith bháis do thabhairt ar éinne. Agus ní raibh fhios aca cionnus d'fhéadfaidís freagra do thabhairt air. 15 Agus dotháini' sé an treas uair, a' rádh leó: “Codaluighidh, tógaidh bhur rest. Is leór san. Tháinig an uair. Féach, béarfar Mac a' duine i lámhaibh na bpeacaighibh. Éirighidh, imighidh. Féach, an té a bhraithfeas me, atá sé ar taobh linn.” Agus faid a bhí sé a' cainnt, do
tháinig Iudas, aon des na h-Aspail, agus le n-a chois sluagh mór, le lanndaeríbh, le tóirsíbh p. 48 agus le h-armaibh. Agus dobhí comhrádh eatorra, mar ní raibh aithne aiges na Rómhánaigh ná aiges na seirbhísigh ar Íosa, ar a shon go bhfacadar é go minic. “Pé h-é duine go dtabharfad-sa póg, 'sé sin é. Greamuighidh agus ceangailidh é.” Agus chun a' plan do bhreith amach, d'imigh sé rómpa, agus ar teacht suas chun Íosa dubhairt sé; “Go mbeannuighthear dhuit, a Mháighistir!” agus dothug sé póg dó. Agus dubhairt Íosa leis: “A chara, cad chuige gur tháinís? Iudas, an le póg bhraitheas tú Mac an duine?” 16 Agus dochuaidh Íosa amach 'na gcoinnibh, a' rádh leó: “Cé tá uaibh?”. Agus do fhreagradar é: “Íosa Nazareth”. Adubhairt Íosa leó: “Is mise é.” Agus dobhí Iudas, do bhraith é, a' seasamh 'n-a bhfochair. Ní túisce dubhairt sé “Is mise é” ná chuadar ar a gcúl agus do thuiteadar ar a' dtalamh. Arís dubhairt sé: “Cé tá uaibh?”. Dubhairt Íosa: “d'innseas díbh gur mise é. Ar an adhbhar san, má's mise atá uaibh, leigidh daoine seo imeacht.” 17 Dotháineadar suas chuige agus do ghabhadar é. Agus dubhairt na h-Aspail: “A Thighearna, a' mbuailfimíd leis an gclaidheamh?” Agus Simon Peadar, ón uair go bhfacaidh sé a Mháighistir gabhtha 'ge na saighdiúirí, do thairig sé a chlaidheamh
agus dothug sé iarracht ar seirbhíseach an árd-shagairt, agus leis an iarracht san do bhain sé an chluas de. Agus dubhairt Íosa: “Ní beag san.” Agus p. 49 le n-a phower do chneasaigh sé an chluas. Agus dubhairt sé le Peadar: “Cuir do chlaidheamh aríst 'n-a ionad féin. Mar pé h-é ghlacann an chlaidheamh tuitfidh sé leis an gclaidheamh. Má ba mhaith liom é, d'fhéadfainn mé fhéin do chosaint le 72 thousand angels.” Annsan dorugadar ar Íosa chun é cheangail. Do theitheadar na deisciobail uaidh, a' fágaint Íosa 'n-a aonar, gan duine 'n-a fhochair. 18 Dorugadh é ar dtúis i láthair Annas, athair céile Chaiaphas, dobhí mar árd-shagart an bhliadhain sin. Ó Annas rugadar go Caiaphas an t-árd-shagart , agus do lean Peadar abhfad uaidh, an áit go raibh na scribes, na sagairt agus sinnsir cruinnighthe. Dubhairt an t-árd-shagart leis: “Cad é an t-údarás go dtógann tú chút deisciobail agus go scrúduigheann tú creideamh?” “Gach aon lá do thugas teagasg ins a' synagogue, agus fiafruigh ar na daoine do bhí ag éisteacht liom ar mhúineas aon chreideamh fallsa.” Agus nuair dubhairt sé é seo, bhí officer ar seasamh 'n-a láthair, dothug sé buille d'Íosa, a' rádh: “Freagair an t-árd-shagart.” Do fhreagair Íosa é: “Má dubhart olc, dein fínné i dtaoibh an uilc; agus, má's maith, cad 'n-a thaobh tu me bhualadh?”
p. 50 19 Deinidh saothar ní ar son an bhídh théid amugha acht ar son an bhídh mhaireann chun na beatha síorruidhe bhéaras Mac an duine dhíbh, óir is é seo an té do chuir Dia an t-Athair. 20 ... ? 21 An tráth go rabhamar greamuithe ag an ndiabhal do tháinig Íosa Críost, aon-Mhac san ár dTighearna, do geineadh ón Spiorad Naomh, dorugadh ón Mhaighdin, ós na flaithis i n-ár lorg, chun sinn-ne do fhuascailt ó sclábhaigheacht an domhain. Stad ar feadh nóimint. Ar bhfacathas riamh, nó ar cloiseadh, a leithéid d'iongna? Dia ag teacht anuas ós na flaithis agus a' taisdeal ar a' dtalamh so, agus a' fáil bháis ar son na gcréatúirí gur cheap sé féin! An Dia úd do bhfuil ó thús, an Dia mór do shín amach na flaithis, agus do chuir le chéile an saoghal so le briathar a chomhachta féin, túirliceann sé ar a' dtalamh so, ísligheann sé é féin chun sinn-ne 'árdú suas. Comhnuigheann sé agus caitheann sé biadh i n-ár bhfochair. Deintear duine 'gainn féin de; agus i n-aimsir fuiliceann sé (an) bás is truaighmhéilighe dár fhuilig duine riamh. 22 Ó! chomh fabhrach, chomh trócaireach is dobhí Dia dhúinn! Nuair do thuit na h-aingil, ní fheicim gur taisbeánadh aon trócaire dhóibh. Níor thóg Dia aon notice díobh. Níor ceapadh éin
slighe dhóibh an fíréantacht do chailleadar do thabhairt thar n-ais dóibh. Acht ní mar sin dodhein sé leis na daoinibh é. Mar níos túisce ná thuit an duine, nár gheall Dia Slánuightheóir, 'sé sin, a Mhac taitneamhach grádhach féin? 'Sé sin an price nó an t-earnest do p. 51 fágadh ar son anam gach n-aon againn. Féach annsan cad is fiú t'anam. Féach an price do díoladh asat. Féach chomh daor agus do ceannuigheadh sinn. Níor ceannuigheadh sinn le h-airgead ná le h-ór, acht leis an mbraon deireannach de chuid fola ár Slánuightheóra Íosa Críost. Mar do scaoileadh gach aon fhéith 'n-a chorp i slighe agus nár fágadh deór 'n-a thaoibh. 23 Agus ritheann an fhuil chéadna dhúinn indiu chomh te agus chomh friseáltha agus rith sí ins na laethibh úd. Mar do cheap Críost nithe áirithe chun toradh a pháise agus a bháis do thabhairt dár n-anamnaibh - agus isiad so na sacraimintí. Ós a gcionn san ní tugthar amháin dár n-anamnaibh fuil Chríost, acht ólaimíd an fhuil sin do rith anuas ó chrann na croiche, agus caithimíd an corp do tárnáladh don chrois chéadna a mhinicí is ghlacaimíd comaoine. Donal O'Sullivan
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services