Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bun
Title
An Bun
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Bun. Tá Connradh na Gaedhilge ag saothrú le fiche bliadhain agus nach bhfuil sé mall 'sa lá bheith ag trácht ar bhun anois? Gan amhrus tá an bun curtha le fada ag an Chonnradh agus curtha go doimhin 'a talamh agus go maith ach ní mór dó an bun ceudna do leathnú agus do láidriú. Mhínigh an Connradh go mion minic fáth an sgéil ach is éigin a mhíniú arís agus arís eile. Na daoine d'éist agus do thuig tá siad le fághail furmhór aca, agus char chlis siad ar an Chonnradh nó ar obair an Chonnartha. Agus diomaoidhte daoibhthe seo tá dream nua ann, na páisdí atá ar fás, a bhfuil an Ghaedhilg aca agus ní chlisfidh siad san obair. Ach cad eile? Is suarach le rádh iad go léir i bhfarradh is daoine iomlán na tíre. Is féidir le duine giota maith de'n tír do theastail agus do ghabhail ar chruinnighthibh móra, ar aontaighibh agus ar mhargaibh, a bheith id toighthibh pobail agus i dtoighthibh ósda agus a bheith ag caint agus ag caidreamh le n-a lán daoine, gan focal de'n Gheadhilg do chluinsin nó focal i dtaoibh de'n Ghaedhilge nó i dtaoibh náisiúntachta na hÉireann. D'fheudfadh Connradh na Gaedhilge gan a bheith ann ariamh nó a choidhche agus ní bheadh na daoine seo níos aineolaighe ar gach rud eile a bhaineas le hÉirinn. Is iongantach linne i gConnradh na Gaedhilge go bhfuil a leithéid amhlaidh agus an t-eolas atá againn fá mar shaothruigh muintear na Gaedhilge le fiche bliadhain. Ach is amhlaidh atá agus ní mór dúinn tabhairt fár ndeara go bhfuil sé amhlaidh. Ní mór dúinn cuimhniú go bhfuil na hadhbhraibh ceudna ann do mhill an Ghaedhilig ar fud na tíre agus do thug an inntinn ghallda isteach ann ar mheasg agus do thothuigh an inntinn Ghallda in ar measg go dti anois. Tá na sgoltacha comh Gallda agus do bhíodar riamh. Tá na búird agus na hoifigeacha puiblidhe comh gallda is bhíodar riamh. Tá na saighdiúirí agus na constablaí comh Gallda is bhíodar riamh. Tá na toighthe phobail gan Ghaedhilg, beagnach. Tá na poilitidhthe gan Ghaedhilig. Tá na páipéir gan Ghaedhilig. An bhuil iongantas orrainn go bhfuil an sluagh i gcoitchionn gan Ghaedhilig agus inntinn na nGall aca? Budh cheart iongantas a bheith orrainn dá mbeadh athrú ar an sgéal, agus tá athrú ar an sgéal, buidheachas mór do Dhia ar a shon. In aimhdeoin gach uile rud tá a lán daoine ar thaoibh na Gaedhilge, agus tá a lán daoine eadar sean agus óg a bhfuil an Ghaedhilig aca, agus í dhá tabhairt aca go minic ós árd agus ós ísiol. Ach ní mór dúinn an dream seo do láidriú. Ní mór dúinn gabhail imeasg an dreama eile a bhfuil an inntinn Ghallda aca, agus fios fáth an sgéil do thabhairt dóbhtha go húr-nua. Tosnú ar an bhun do chur sa talamh arís, agus do neartú agus do láidrú leis. Innsin do'n tsluagh arís go bhfuil teanga ar leith ag Gaedhealaibh, gur leó féin í, agus nach leó teanga ar bith ar an domhan ach an teanga sin amháin, gur cineadh ar leith iad na Gaedhil agus gurab í Éire a dtír dúthchais agus nach leó tír ar domhan ach Éire amháin, gur teora d'Éirinn an fhairrge ruitheas timcheall uirthi agus gur mó an tsuim fá seacht a budh cheart do Ghaedhealaibh chur san rud is lugha thuitfeas amach i nÉirinn nasan fud as troime thuifgeas amach san domhan mhór taoibh amuich d'Éirinn. Go bhfuil stair abhfad siar ag an chineadh Gaedheal ar bhfiú feuchaint isteach innti agus go bhfuil litiordhacht 'sa Ghaedhilig, eadar sean- sgealta, filidheacht agus stair, gur tairbheach do Ghaedhealaibh sum do chur innti, óir go mbaineann sí le preumhachaibh ar gcinidh. Chan fhuil annseo ach suim bheag dá bhfuil le hinnsin do mhuintir na hinntinne Gallda atá le fághail go fairsing, i nÉirinn. Agus is amhlaidh chaithfeas sinn bun do chur sa talamh arís agus arís eile. Chan fhuil faic a mhaith dúinn gabhail ar aghaidh agus ar gceann san aer ag leigint orainn féin go bhfuil an obair deanta againn nuair nach bhfuil an obair déanta. Chan fhuil faic a mhaith dúinn gabhail 'un tosaigh le caisleán ar bhun atá ró-chumhang leis an chaislean do shuidheamh air. Seo í an obair atá le déanamh fós, an bun do leathnú agus do láidriú. Tá níos mó daoine le n-a dheanamh anois ná bhí fiche bliadhain ó shoin. Cad chuige mar sin go gcaillfimís ar meisneach. Tá céim ar aghaidh siubhalta againn. Tá tús maith leis an obair. Cá bhfuil na daoine le cur leis? Tá cuid againn ag eirighe sean b'éidir nó ag cailleadh croidhe, ach tá an t-aos óg chugainn: déanadaois a gcion féin do'n obair. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services