Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Suas leis an gGaedhilg
Title
Suas leis an gGaedhilg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Suas leis an nGaedhilg. Do mhaoidh An Craoibhín Aoibhinn san oidhche Dia Sathairn go raibh céad agus ochtmhoghadh Gaedhilgeoir i gColáiste na hIolsgoile Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Do hinnsigheadh sgéala ar an gcruinniughadh céadna go bhfuiltear tar éis a dtromshuan do chur díobh i gColáiste na hIolsgoile atá i gCorcaigh agus san gColáiste eile ata i nGaillimh. Is aoibhinn linn an nuaidheacht so. 'Siad lucht léighinn na hIolsgoile, idir tuathta agus cléir, an dream is mó léighinn i nÉirinn. Leanann an t-ómós agus an meas an léigheann. Má bhíonn ómós agus meas ag lucht na hIolsgoile ar an nGaedhilg béidh an t-ómós agus an meas ag an bpobul uirthi. Níl lucht na hIolsgoile uile fá bhrat na Gaedhilge, acht tá a lán aca, agus tá an Dochtúir Ua Cobhthaigh, Uachtarán Coláiste Bhaile Átha Cliath, fá n-a brat, agus is féidir an ghairm chatha “Suas leis an nGaedhilg” do chloisteal agus í dá fógairt go buacach ag na macaibh léighinn. Leanaidís do'n ghairm chatha soin agus meallfaidh siad lucht na hIolsgoile ar fad fá n-a mbrat. Tig leo é sin a dhéanamh le gustal agus le duthracht agus le stuaim. Ní mór é a dhéanamh. Ní mhairfidh an Ghadhilg ar an gCumann Ghaedh- ealach. Caithfear í do phréamhughadh i ngach cumann eile san Iolsgoil. Béidh mórán rudaí ag cuidiughadh leo san obair. Beidh an léigheann atá dá dhéanamh san Iolsgoil ag cuidiughadh leo. Béidh na meadhon sgoileanna a chuirfeas Gaedhilgeoirí chuca ag cuidiughadh leo. Béidh gluaiseacht cúise na saoirse ag cuidiughadh leo. Béidh obair Chonnradh na Gaedhilge ag cuidiughadh leo. Béidh Dia leo san obair, mar is ag coimhlíonadh teagasg Dé a bhéas siad .i. ag comhairliughadh dho Ghaedhealaibh lorg a laochra do leanamhaint. Suas leis an nGaedhilg! Sin í an ghairm chatha is binne dár fógruigheadh san Iolsgoil ariamh. Tá gach cosamhlacht go bhfuil faobhar ar muintir na hÉireann i n-aghaidh an Ghalldachais thar mar bhí ariamh. Tá Gaedhil Mhuigheo tar éis an cath do fhógairt ar an nGalldachas. Tá Craobh Luimnigh tar éis comhairle bhríomhar do chur chun cinn. Tá Coiste Ceanntair agus craobhacha Chorcaighe ar a mbonnaibh agus iad réidh chun cabhrughadh linn. Tá Coiste Ceann- tair Cheatharlocha, cé go bhfuil sé óg fós, go teann, láidir. Tá an Clár beo le lucht saothruighthe na Gaedhilge, agus i lár Bhéil- feirste tá dream Gaedheal chomh duthrachtach is tá le fagháil i nÉirinn. Ní mhaireann an faobhar so atá anois ar Ghaedhealaibh i gcomhnaidhe. Ní buan an faobhar atá ortha. Tig tromchodladh agus draoidheacht ortha go minic. Ar an adhbhar sin ní mór dúinn na Gaedhil ar fad do chur i n-éadan oibre gan mhoill. “Suas leis an nGaedhilg” — bíodh an ghairm chatha soin na hIolsgoile againn mar ghairm chatha d'Éirinn ar fad. Agus bíodh dul chun cinn agus teacht le chéile in gach áit. Sgrúduighthear agus aith- léighthear comhairle na hÁrd-Fheise agus féachtar le na cur i bhfeidhm. Gach áit a raibh craoibh de Chonnradh na Gaedhilge ann ariamh ba cheart go mbeadh craobh anois ann. Anois an t-am chun troda. Ní mhairfidh an faobhar go buan. Baintear feidhm as an fhaid is atá sé ar ar ndaoinibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services