Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Chlanna Chaoilte
Title
Feis Chlanna Chaoilte
Author(s)
Ní Shíthe, Máire,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feis Chlanna Chaoilte. Tá fógra sa Chlaidheamh le tamall maith á rádh go mbeidh Feis i gClanna Caoilte an 23adh lá d'Iúl agus go mbeidh cainnnt, ceol, cleasa lúith, rinnce, rásanna, agus rudaí eile ar siubhal ann an lán san. Is mithid domh cuid de na rudaí eile sin dh'áireamh. Tá dhá chomórtas déag ar fhichid ar an gclár: trí cinn aca sa roinnt liteardha do'n aos óg; ceann i stair na hÉireann; aithriseoireacht do dhaoinibh fásta, agus do dhaoinibh óga; sgéalaidheacht; comhrádh do'n aos óg; comórtas idir lintighthibh Gaedhealacha (níl cead ach ag muintir Dhióise Rois dul ag iomaidh sa chomórtas so agus is mór an truagh san mar tá cúig giní mar duaiseanna le fághail ann.) Tá comór- tas ar amhránaidheacht do dhaoibibh fásta agus corn airgid mar duais, agus an comórtas céadna do dhaoinibh óga; agus beidh cóireacha ag seinm cheoil ann leis. Tá ceithre comórtasaí do leanbhaibh sgoile i léighreóireacht agus comhrádh. Tá trí comórtasaí i rinnce ann agus dhá choórtas do cheoltóirí, ceann ar an bheidhlín agus ceann ar an bhfideoig (fife). Beidh Cumann na bPíobairí ó Chorcaigh ann mar bhí anuraidh, agus is maith a thaithnigheadar le na daoinibh. I roinnt na gCleas Lúth beidh 90 rásanna ann, trí cinn aca ar rotharaibh agus an sé cinn eile, gach éinne ar a chosaibh féin gan cabhair maide croise na maide bacaigh. Béidh léim le haoirde ann; agus daoine ag tarrac téide ó na chéile (Tug of War a thugann siad ar sa Bhéarla bréagach san). Beidh dháréag fear i i ngach tím. Beidh duaiseanna luachmhara le fághail i ngach chomórtas agus mar a mbeidh lá spóirt agus ceoil i gClanna Caoilte an lá san ní bheidh sé ann go deo. Tá Coiste dúthrachtach i bhfeidhil na hoibre atá ag deanamh ghach rud chun an spiorad Gaedhealach do chur ins na daoinibh agus tá na daoinibh á bhfreagairt, mar tá siad ag feitheamh go neamh-fhoidneach leis an lá mór so. Seadh! “Cad iad na rudaí eile a bheidh ann, suirigheacht an eadh?” Sin ceist a chuir an “Timthire sgáthamhail” úd go mbíonn eagla air roimh na cailínibh go léir, orm tamall ó shoin, chun an áit do sheachnadh is dócha dá mbeadh a leithéid ann a chuir sé an cheist chugham, ach níor thugas aon fhreagra air fós, mar ní bhfuara- mar aon “Chead” chun a leithéid sin. Fuara- mar “Cead Feise” agus “Cead” i gcomhair gCleas lúith agus sin a fuaramar. Ach beidh na cailíní is deise i nÉirinn agus na gaisgidhigh is calma, agus na fir is fearamhala le feicsint san bPáirc i gClanna Caoilte an la san agus cead a chinn agus a chos agus a theanga ag cach éinne. Ba mhaith leis an gCoiste go mbeadh éadach na hÉireann ar gach éinne ach is baoghalach go mbeidh a lán aca clúdaighthe sa bhfaisiún gallda. Beidh mná caola ann agus Hobble skirts ortha agus bhí fuadar ar chuid aca Harem Skirts fhághail ach ar eagla na bhfilí. Beidh na fir féin clúdaighthe i ngach faisiún ; filleadh beag ar chuid aca, agus brístí gairid ar chuid eile aca, ach ní dócha go mbeidh gádh le cótaí móra an lá san, tá súil agam ná beidh. Tá cuid de mhintir Shasana ag sgrí anall chughainn féachain an mbeidh “Fireworks” ag teasdáil uainn. Ní bheidh, buidheachas le Dia, ná aon rud eile ó Shasana, ach na Gaedhil atá thall ann agus gach Gaedheal eile agus Gall más maith leis do theacht go Feis Chlanna Chaoilte an 23adh lá d'Iúl. Máire Ní Shíthe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services