Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - An Réalt Earballach I.
Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Réalt Earballach I.
Author(s)
Ua Domhnaill, Liam,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail An Réalt Earballach I. Tá réalt earballach chugainn! I n-allód ní go binn do fáiltighthí roimhe; acht sa ló so féin atá againn ní dhéantar mórán iongnaidh de réalt earballach. Is amhlaidh a dhéanaimíd cúram dár ngnó féin. Ní eile, tá oiread soin iongantaisí le feicsin gach aon lá gur beag suim a chuirimíd i ní ar bith atá níos sia 'ná milliún míle shlighe uainn. Adeirtear go mbíonn súla an amadáin ar cheithre árdaibh an domhain. Ná stadfainn mar a stadas an t-amadán. Téidhmís níos fuide. Téidhmís i measg na réaltann ar feadh sgathaimh bhig. Bíodh a fhios againn ná fuil thíos 'ná thuas, thoir 'ná thiar, i bhfairsingeacht na spéire. Níl ann acht mór-aigéan nár tomhasadh riamh is ná tomhasfar go bráth; agus níl sa tlacht so ar a bhfuilmíd indiu acht gráine gainmhe, mar adéarfá, i measg gainmhe na trágha. Óir gé gur suarach le feicsin iad na réiltíní beaga gheala, is mó go mór na míle mílte dhíobh 'ná an ghrian lonnrach do- chidhmíd sa spéir lá samhraidh. Agus féach, is mó fá mhilliún an ghrian 'ná an tlacht. Cóimit Hailí Gairthear de'n réalt earballach soin atá chugainn “Cóimit Hailí” agus is é cúis gur gairmeadh an ainm sin de .i. i n-onóir do réalt-ollamh Shasanach re ráidhtear Hailí. Do-rinne Hailí mion-sgrúdughadh ar raon na cóimite sa spéir. Do dhearbhuigh sé an réalt earballach do bheith fá smacht dlighthe áirighthe. A seo mar tharla: Ón tsean-aimsir go dtí aimsear Haili do-chidhtí coimite ó bliadhain go bliadhain. Ní shaoiltí go mbíodh aon bhaint aca le chéile. Is amhlaidh do creidtí gur tuar cogaidh is plaig iad; agus badh mhinic do b'ead. In aois an Tighearna 66 do tháinig an réalt ar an spéir is é i bhfuirm croise soilsithe. An bhliadhain i n-a dhiaidh soin do loisceadh is do scriosadh an Chathair Naomhtha .i. Ierusalem. Sa mbliadhain 1066 do bhlais na Sasanaigh claidheamh Liam Normhánaigh is do bhí an réalt úd ar spéir ag soilsiughadh na hoidhche dóibh. Sa mbliadhain 1456 do ghabh Turcaigh Cathair Naoimh Constan agus ag seo mar do chuiridís Críostaidhthe guidhe suas chun Dé; “Ó'n diabhal, ó'n Turcach is ó'n gcóimit, go saoraidh an Tighearna sinn!” Sa mbliadhain 1531 do réab neart na fairge muir-dhíogacha na Tíre- fó-Thuinn is do chlúdaigh bailtí is fearann ionnus gur báthadh ceithre céad míle duine. Níorbh leor soin de thubaist ar an gcineadh daonna. Sa mbliadhain gcéadna do thárlaidh luasgadh talmhan sa bPórtuingéal. Do marbhuigheadh trichad míle duine is do fágadh talamh is bailtí i n-a luaithridh. Ní haon iongnadh gur mhinic do ghabhadh eagla daoine ar bheicsin réilt an droch-thuair dóibh. D'fhéadfainn ruairisgí eile do thabhairt ar an éirleach do-rinneadh ó am go ham le linn na cóimite do bheith ar spéir. An uair deireannach, sa mbliadhain 1835, do tháinig sé chugainn do thárlaidh luasgadh talmhan i n-Americá Theas is do marbhuigheadh na mílte duine. Do hathruigheadh muir-imeall na Chílí chomh mór soin go bhféadfaí a rádh gur glanadh an tír sin de léir-sgáil an domhain. Thig an réalt earballach soin Hailí ar cuairt chugainn tuairim is uair ins gach chúig bliadhna déag is trí fichid. Teacht gan iarraidh iseadh é go deimhin; acht ní cinnte rud ar bith 'ná an teacht soin. Cheana féin tá réalt earballach le feicin. Ní mór fad-radharcach do bheith agat, ámh. Ins na gloinibh is mó le fághail do b'fhéidir an chóimit d'fheicsin i Mí Deireadh Foghmhair is tá sí ag dul i ngile ó'n aimsir sin i leith. Fógarthar dúinn go bhfeic- fimíd le n-ár súilibh cinn í i ndeireadh Mí Feabhra nó i dtosach Mí Márta. Beidh sé i n-an réalt maidne an t-am soin is i n-a réalt tráthnóna um Bhealtaine. Dár ndóigh, de réir na dtuairisgí — agus is fíor iad — is mithid dúinn ár n-anam do dhéanamh, gan trácht ar údhacht do dhéanamh! An mbeidh cogadh is léirsgrios ar dhaoinibh an bhliadhain atá chugainn? Cá b'fhios domh-sa nó duit-se? “Tá an Teamhair ina féar is féach an Traoi mar atá.” Tarrangaireacht Mar adubhairt romhain do saoiltí gur comhartha éirligh is léir sgriosta cóimit. Dochidhtí na réalta soin ó am go ham acht níor shaoil aoinne go dtí aimsear Hailí gur réalta iad do bhí fá smacht na ndlighthe gcoitianta, na dlighthe do righluigh an ghrian, an tlacht, an ghealach is an uile réalt sa spéir. Sa mbliadhain 1682 do tháinig an réalt earballach. Do bhreithnigh Hailí i n-a intinn gur léigh sé cur síos ar chóimitibh do tháinig roimhe seo. Do sgrúduigh sé annála na dtíorach óir badh ghnáthach le lucht seanchuis aon sgéál chomh sgannramhail le teacht cóimite do sgríobhadh is tuairisg do thabhairt ar a méid, ar a dath, ar a ghile, ar a fuirm. Is é críoch an sgéil go ndeárnaidh sé taraingearacht go dtiocfadh an réalt earballach soin arís sa mbliadhain 1759 agus do tháinig. Bhí Hailí imthighthe ar shlighe na fírinne an t-am soin acht ní lughde fírinne na tarangaireachta. Beidh tuilleadh de'n sgéal so againn tar éis na Nodlag. Liam Ua Domhnaill
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services