Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thoir - An Gearmánach Thoir
Title
Ó'n Domhan Thoir - An Gearmánach Thoir
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thoir An Gearmánach Thoir. Is iongantach an lear siosgtha agus caismirte a rinneadh le goirid i dtaoibh an litre a sgríobh Impire na Gearmáine ag tagairt do neithibh áithride ag baint le luingis cogaidh Shasana. Níl aon fhear beo is mó a bhfuil sgáth ag Seaghán roimhe ar an uair seo de ló 'ná an Dara Liam. Tá aimhreas aige air anois le fada 'n lá, agus tá sé d'acht 's d'áithrid ag iarraidh tíortha na hEorpa a chur i n-aghaidh an Ghearmánaigh. Tá ag éirghe leis go measardha maith freisin. Bhí an Ghearmáin go láidir i n-aghaidh an tSasanaigh le linn cogaidh na mBúrach. Is cuimhneach le gach duine cia an fothram agus torann a rinneadh fá'n teachtaireacht a chuir an Dara Liam chuig Crúgar. Bhí an Sasanach ar buile agus le báine fá go ndearnaidh “a ngaol fola agus feola féin” a léithid de ghníomh. Níl aimhreas ar bith nach dtug an Ghearmáin iarracht láidir an t-am úd ar shnaidhm cháirdis a cheangal idir í féin agus an Fhrainnc. Bhí an ghráin shaoghalta shíorraidhe aca araon ar an Sasanach i ngeall ar na gníomha salacha cosgradha bhí ar siubhal aige san Aifric Theas. Is beag bídeach nach raibh an snaidhm fáisgthe. Annsin bainfidhe deatach as Seaghán. “L'entente Cordiale.” Acht ghnóthuigh an gliocas dó é. Tugadh cuireadh do Loubet a theacht ar cuairt go Lonndain — chonnaic an mac so é féin agus Rí Éamonn le chéile ag dul thrí sráideannaibh na mór- chathrach an t-am céadna. Bhítheas ar siubhal go deo gur cuireadh dallach dubh ar shean- Loubet agus céard a thárla go haithbhéil thar éise sin acht a fhógradh do'n tsaoghal go raibh etente cordiale idir an Fhrainnc agus Sasana! Is cóir a rádh nach mórán gean' a bhí ag an bhFranncach agus ag an nGearmánach ar a chéile ó thús, agus mar sin de níor ró-dheacair do Sheaghán cur eatortha. Comórtas Cruaidh. Bhí an Gearmánach ar dearg-bhuile nuair a thuig sé i gceart cia'n cleas a himreadh, agus tá iarpais nimhe neannta 'n-a chroidhe i n-aghaidh an chúpla ó shoin. Tá éad thar barr ag Sasana agus ag an nGearmáin le chéile. Tá an Ghearmáin 'ghá cur féin i gcéill go hiongantach i ngluaiseacht an tsaoghail, agus níl lá dhá dtéidheann thairti nach ag neartughadh agus ag dul i gcumhacht atá sí. Tá a chuid earraidhe ag fás agus ag leathnughadh. Tá a longa tráchtála ag baint go leor dá ghnóthaibh de'n tSasanach. Tá a saidhbhreas ag méadughadh. Tá a muinntir ag dul i líonmhaireacht ó bhliadhain go bliadhain. Tá tús aici 'n-a lán neithe a bhaineas le eolas ceardamhail, agus le ealadhain. Tá i bhfad níos mó suime san léigheann i measg a muinntire 'ná mar atá i Sasanaibh agus tá a modhtha múinteachais go háluinn. Tá an t-arm is láidre agus is cumhachtaighe i Roinn na hEorpa aici. Tá cúigear saighidiúr ag an nGearmánach i n-aghaidh gach duine dhá bhfuil i n-arm seasta Shasana. Tá cumhacht agus neart na Gearmáine ag cur mí-shuaimhnis mhóir ar na Sasanaibh. Tá muinghin ag Seaghán go gcoisneochaidh a chuid longa cogaidh i gcomhnaidhe é, agus is mian leis máighistreacht na mara a bheith aige chomh fada agus is féidir é. Acht níl an Gearmánach 'n-a thoirchim suain. Tá seisean agus a rún féin aige. Níl aon bhliadhain le naoi nó deich de bhliadhantaibh anois nach bhfuil riaghaltas na Gearmáine ag déanamh long cogaidh gan sgíth gan stad. Níl long dhá láidre ag Seaghan nach bhfuil an Gearmánach ag déanamh cinn atá i n-innimh seasamh ar a haghaidh gan sgáth gan eagla lá ar bith sa tseachtmhain. Tá sé 'n-a chomórtas chruaidh idir an dá riaghaltas agus tá ciste 'ch aon riaghaltas dhá ídiúghadh go láidir ag neart an airgid atá dhá chaitheamh ar na longaibh móra so. Níl faoi cheachtar aca géilleadh. Litir an Impire. Sgríobh Impire na Gearmáine litir phríomháideach chuig an tighearna atá i gceannus gnótha an luingis cogaidh le goirid agus is cosamhail go dtug sé faoi dhaoinibh áithride go garbh é. Dubhairt sé go fírinneach nach bhfuil áird ag Sasana ar longaibh cogaidh aon tíre acht long a thíre féin, agus d'fhiafruigh sé cia an fáth gur ar luingiseacha na Gearmáine a bítear ag cur síos i gcomhnaidhe, agus gan aon trácht ar 'Mheiriocá, ar an bhFrainnc, ná ar an tSeapáin. Sgéith duine eicínt an sgéal i dtaoibh na litre seo. Dubhairt daoine áithride go raibh a lán cainnte eile innti nár chóir do'n Impire a rádh, agus dubhradh gurab amhlaidh a bhí sé ag iarraidh dalladh-mullóg a chur ar an tighearna áithrid seo, le súil 's go laghdóchadh an riaghaltas ar an airgead a caithtear ar son na long cogaidh. Ní raibh sa méid sin acht seafóid, ar ndóigh. Rinneadh a lán gleoidh agus cainnte sna páipéaraibh acht níor leig faitchíos a n-anama do'n riaghaltas ná do'n dream atá 'n-a n-aghaidh sa bhFeis aon mhilleán a chur ar an Dara Liam. B'fhéidir gur maith a rinneadar é. Míchéal Breathnach. Léisin, an Eilbhéis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services