Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Cúrsaí Báire
Title
Ar Faithche na hImeartha - Cúrsaí Báire
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Cúrsaí Báire Tá an báire ag teacht chun cinn go maith i gCúige Laighean le déidheannaighe. Tá sean- cluiche lúith na nGaedheal ag cur a phréamhacha arís i dtalamh ná feacathas ann é le sna ciantaibh. Ag dul i dtreise atá sé i ngach ball toir agus tiar. Is maith linn an scéal soin. 'Sé an báire an cluiche gaisce is fearr agus is oireamhnaighe do Ghaedhealaibh. Níl aon phioc dá mhearatal orm 'ná go mbeidh linn de réir mar bheam-na le báire. Ag Cúl an tSúdaire Chím go bhfuiltear ag treabhadh chun cinn go maith ins na hiomaidheachtaibh i gcomhair Chraobh Chúige Laighean. Cúl an tSúdaire an t-ionad coinne 'n-a bhfeacathas báire foghanta idir Laochraidhe Laoighse is Bhaile Átha Cliath Dia Domhnaigh. Ní fada ó d'aththosnuigheadh ar an mbáire i Laighis Uí Mhórdha, agus ba mhór an chreideamhaint dóibh an comhrac a chuireadar i gcrích i gcoinnibh iománaidhthe cliste Átha Cliath. Seo mar bhí an scór i ndeire bárra: Áth Cliath 3-8; Laoighis 1-10. An Pheil Ba dhaor go leor a ceannuigh na Céitinnigh a mbuadh ar na Peárnailigh ag Geata Shain Séamus Dia Domhnaigh. Árd-chluiche peile do b'eadh é. Sa leath tosaigh de'n imirt níor chuir aon taobh aca oiread is puinte isteach. Sa tarna leath, ar shon gur bh'follus gur bh'iad na Céitinnigh ba threise, níor éirigh leo scór mór a dhéanamh. Bhí lucht cúil na bPeárnail- each thar na beartaibh ar fad. Sidé an scór: Céitinnigh 0-3; Peárnailigh 0-1. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services