Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Bóthar Mhic Seoin. Do fearadh báire tréan idir Chill Choinnigh agus Loch gCarmain ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. Ba mhór an truagh nár tháinig an líon ceart ó Loch gCarmain. Bhí ceathrar de sna daoinibh a b'fhearr sa Chonntae i n-easnamh ortha. Mar sin féin dheineadar comhrac teann, agus má chuirid le céile ní baoghal ná go gcloisfear uatha arís. Táid muinntir Chill Choinnigh ag teacht chun cinn go maith. Bhí an bhunntáiste aca i gcaitheamh furmhóir na huaire chluig Dia Domhnaigh. De réir an fhuadair atá fútha raghaidh sé dian ortha nó buaidhfidh an Chraobh Laighneach i mbliadhna arís. Sidé scór an Domhnaigh: Cill Choinnigh, 2-17; Loch gCarmain, 1-3. Cluiche Peile D'éis do'n mbáire bheith i leath-taoibh chuadar fuireann ó Cho. na Midhe agus fuireann ó Cho. Chill Choinnigh i gcoinnibh a chéile sa pheil. Nuair a bhítheas ag imirt ar feadh timcheall chúig noimit sa dara bobhta do thárla tionóisc do dhuine de fhuirinn na Midhe. Do briseadh a chos ar an bhfear mbocht. Do caitheadh an oiread soin aimsir ag féachaint chuige seo go dtáinig an doircheacht agus go mb'éigin an cluiche a chur ar ath-lá. Seo mar a bhí an scór nuair stadadh: An Mhidhe, 1-3; Cill Choinnigh, 0-5. Bítear ag gearáin i dtaobh an bháire agus á rádh go ngoirtightear an iomad daoine ann. Is dóigh liom-sa go leanann oiread baoghail do'n pheil is a leanann do'n mbáire. Deimhnigheann obair an Domhnaigh soin dom. Ag Mainistir na Corann Do thárla ag Mainistir na Corann Dia Domhnaigh árd-chluiche báire idir mhuinntir Dún Guairne agus fuireann ó'n gCarraig Dhuibh. Bhíodar an aimsir agus an láthair ar fheabhas. An Canónach Hatch is é do chaith is- teach an liathróid. Bhí an cluiche go hana- dhian eatortha ó thosach go deireadh. Níor bh'fios cia bhuaidhfeadh. Sidé an scór: An Charraig Dhubh, 4-6; Dún Guairne, 3-8. Táillí Báire. Commercials 2-12; Ciceamaigh 1-5; G.S. 2-7; Ráth Ó Máine 1-6; Fágaigh 6-9, Dáibhisigh 1-5; Crócaigh 3-11; Gorm is Bán 4-5; Dáibhisigh (íochtair) 4-7; C.U.M.S. 2-6. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services