Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Nóinín Sléibhe
Title
An Nóinín Sléibhe
Author(s)
Burns, Robert,
Pen Name
Tórna (aistritheoir)
Translator
Féach ainm cleite
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Nóinín Sléibhe. Aistriughadh ar an nduaineoig mholta a chúm Robert Burns do'n nóinín, darab tosach “Wee, modest, crimson- tippit flower.” Mo chreach, a bhláith chaoin bhárr-chaor shuairc, Saith gur thárlaís tráth fím' chuain; Caithfead t'árd-ghnaoi a sháth fí'n luaith — 'S is truagh liom soin; Tu chasadh slán, cídh b'áil línn uair, Ní tualaing mé. Ní cheadóghainn féin ar Éirinn aoil Nach fuiseog spéireach — caomhthach dhíbh — 'N-a preabóig léime a féar fliuch fuinn, Dá clíteach breac 'S dá cois chóir chlé, do réin an gníomh Do shín tu it' mheaidh. Cé feargach géar bhí an ghaoth adtuaidh Ar tharraing dot' scéimh sa saoghal ar cuaird, D'eascair aoldha gléinneach suas Dá chruas an tsíon; Acht taistil i gcéin níor mhéinn let' bhuaic Ná gluaiseacht puinn. Níl flós dá mbainfidhe i ngarraidhe bláith Nach mór dó fallaí ceart-dhín d'fhágháil; Is leor liot-sa admhuighim scraithín fáin Nó spál de chloich; 'S nach gleoite deasuighir faithchí ar áis, Gan lámh dhot' chur. Ba shámh dhot' chreat gan brat gan bréid, Is bárr do chnaip i gceart le gréin; Cé d'fhásais seal gan chreach, gan baoghal, Gan spéis i nglóir, An clár ó strac do leaba chré, Taoi tréith fí'n bhfód. Sin ró-chrích ghabhann gan dabht an bhé, An nóinín mhodhmhail a camtha an tsléibhe, Dar stór trí annsacht clamhaire baoth, Do thréigfeadh í, Go ngeobhadh fí'n amhail seo lomtha 'on tsaoghal Sa chré 'n-a luighe. Sin crích bheir fann fear rann is laoi Go mbítear sonn á phléanncadh ar tuinn; Ó's clí do mheabhruigh tabhairt fé luing Le críonnacht réil, Tigheann an rabharta, gabhann le gaoith, Is síos do théidheann. Sin crích a scúmhann an fiúnacht créacht Ag claoidhe le cumha 's le cumhangracht lae, Buidhean na lúb is búir go claon Dá léasadh ghnáith, Go mbíonn gan stiúir, 's ar Rún na naomh Go dtéidheann ar stáir. A dhuine seo a nódh-chaoidheann nóinín támhach, Tá dhuit-se gan ró-mhoill chomh-chrích i ndán; Soc creiche i gcomhnaidhe i gcóir dhíbh tá, Chun sáithte thríbh; Is cuirfear sibh fós fí'n bhfód síos tláith, De bhárr a ghnímh. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services