Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mícheál Mac Dáibhid
Title
Mícheál Mac Dáibhid
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meitheamh 09, 1906. Mícheál Mac Dáibhid. Ádhbhar bróin do Ghaedhealaibh bás aon duine do chaith a shaoghal go dúthrachtach ar son Éireann. Duine do chaith a shaoghal ar son Éireann do b'eadh an fear do leagadh i gcluain na marbh sa tSráid i gConndae Mhuigheo, an Satharn so ghábh tharainn. Is cuimhin linn fiche bliadhain ó shoin agus sinn 'n-ár malrach ár n-athair — cé gur Sasanach é féin do réir dhúthchais — dhá rádh linn gurbh' é Mícheal Mac Dábhaid an fear ba dhílse agus ba chródha i nÉirinn; agus bhí aithne mhaith aca ar a chéile. Is iomdha baramhail do bhí ag Mícheál nár aontuigheamar léi, agus is dócha gur iomdha baramahail againne nach n-aontóchadh seisean léi. Níorbh' ionann ar fad an obair ar chaith seisean a shaoghal léi agus an obair seo atá idir lámhaibh againne i gConnradh na Gaedhilge. Acht ní fhágann an méid sin nach Gaedheal dílis cródha do bhí ann, agus nach ar son Éireann do bhí sé ag obair chomh maith linn féin. Gaedhil- geoir ó dhúthchas do b'eadh é agus ball de Chonnradh na Gaedhilge; agus má's as an mBéarla is mó bhain sé úsáid i rith a shaoghail b'fhéidir nach air féin do bhí an locht ar fad. Rud eile, mhúin sé an Ghaedhilg dá chloinn: agus is iomdha athair agus máthair ar mór a gclú i measg Connrathóirí nach féidir an méid sin a rádh 'n-a dtaoibh. Rinne sé cion fir ar son a athardha fhaid is mhair sé: luach a chuid saothair go bhfághaidh sé anois i measg naomh na hÉireann!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services