Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Daingean Uí Chúise
Title
Daingean Uí Chúise
Author(s)
Pádraig na Léime,
Pen Name
Pádraig na Léime
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Daingean Uí Chúise. Is gnáthach do Ghaedhilgeoiríbh na tíre ar theacht an tsamhraidh bheith ag cur trí chéile a d'iarraidh áit oireamh- nach do thógadh i gcomhair laetheannta saoire. Is eol dúinn go léir gur 'sna ceanntaraibh Gaedhealacha b'fhearr le n-a bhfurmhór cur fútha i rith na haim- sire úd. Agus is fíor gur féidir mórán maitheasa a dhéanamh do chúis na teangan ar an nós so amháin i mórán slighthe. Do dhein an ghalántacht bhréige a cion féin de'n droch-obair chun ceann fé a chur ar mhuinntir na hÉireann agus droch-mheas a chaitheamh ar a dteangan dúthchais. Bíodh sé le rádh anois gur chuir galántacht bhríogh- mhar an teanga chéadna ar bhealach a leasa. Is minic d'airigheas go deimhin go raibh saoghal i nÉirinn, agus ní ró- fhada ó shoin é, agus nuair a bheadh ar duine trácht ar aon rud neamh-mhaith- easach meathta (cuir i gcás beithidheach lag suarach, agus rl.) gur gnáthach a rádh: “Mhuise, ruidín Gaedhealach a b'eadh é riamh.” Bhí sé buailte isteach i n-aigne na ndaoine mbocht go soiléir le neart tarcuisne agus droch-mheasa nár bh'fhéidir beann a bheith ar nídh ar bith do bhí ag baint le himtheachtaibh ár sean. Ar an intinn sin “ruidín Gaedhealach” a b'eadh gach rud suarach, ba chuma cad é, agus bhí a rian air. Is mór an meas atá ag daoinibh fá'n dtuaith ar aon stróinséar thagann 'n-a measc. Agus is mór ar fad an tsuim cuirtear i n-a chuid cainnte. Ar an adhbhar so, badh cheart do ghach Gaedheal 'sna cathrachaibh móra iarr- acht a thabhairt ar seal beag dá saoir- seacht, pé scéal é, a chaitheamh imeasc Gaedhilgeoirí na tuatha agus an meas tá i n-áiteannaibh eile ar theangan na hÉireann, do chur i n-iúil i ngach slighe tá 'n-a gcumas. Ní gan toradh dóibh féin turas dá leithéid leis. Badh mhór an nídh do mhacaibh léighinn Gaedhilg a bheith dá spreagadh tim- cheall air, fiú amháin i rith aimsire a saoirseachta. Is sean-fhocal é gurab é a “scéal féin scéal gach éinne,” agus 'sé mo scéal- sa fá láthair nach féidir áit níos oir- eamhnaighe do thoghadh i gcomhair lae- theannta saoire 'ná an ceanntar breagh Gaedhealach tá i n-aice na fairrge i nDaingean Uí Chúise. Á! is aoibhinn an ball an Daingean tráth- nóna áluinn nó maidin cheodhach sa tsamhradh. Má's mian le héinne tír aoibhinn d'fheicsint, gluaiseadh sé leis as an nDaingean ar a rothar amach Bóthar na Cluaise, agus lámh le Baile 'n Ghóilín siar. Stadadh sé tamall ag an nGóilín le hais na fairrge, agus féachadh sé treasna uaidh. Tá an mhuir mhór fé thíos ag síneadh amach go breagh ciúin uaidh, agus úr na coille fé bhrat glas 'n-a thimcheall. Gluaiseadh sé leis fé dhéin Mhóin a' Ríogh agus Cionn Trágha, idir an fhairrge agus na sléibhte siar. Is iongantach an radharc tá le feicsint ó Chionn Trágha treasna, agus siar uaidh tá an tráigh go geal ag síneadh ar aghaidh amach ceithre míle ar an gcuid is lugha dhe. Tá an bóthar go breagh mín réidh roimis anois siar cois na fairrge. Leanadh sé air go cruinn díreach go dtí go raghadh sé timcheall an imill ag Ceann Sléibhe. Annsoin, maiseadh, tá radharc iongantach le feicsint. Siar amach uaidh tá an mhuir mhór ag síneadh treasna go dtí feorthainn Uibh Ráthaigh. Tá “Cuan Bhéil Inse” ar a láthair anonn, agus na sléibhte ag éiriughadh suas do dána 'n-a thimcheall. Annso lámh leis tá na Bleascéidí agus an ghrian ag lonnradh ar na hoileán- aibh go soillseach. Chífidh sé na car- raigeacha ag sáthadh a cheann suas go modhmharach ó bhruach an uisce. Tá gach aon chnocán ar thaobh a láimhe deise craorag leis an bhfraoch, agus thabharfaidh sé fá ndeara na tonntacha beaga ag gluaiseacht isteach go bog ag luascadh na builgí chun suain 'dtaobh thíos fé. Bailigheadh sé leis timcheall an chuais siar, agus iompuigheadh sé i leith roimh dhul timcheall na beinne dhó. Gabhaim-se orm go ndéarfaidh sé tar éis an méid sin d'fheicsint gur bh'fhiú d'éinne seal a chaitheamh i gCorca Dhuibhne. Leanadh sé air go mbuaileann Dún Chuinn, agus siar leis fós tríd na gleanntaibh go dtí Baile 'n Fhirtéirigh. As soin níl a bhac air an bóthar treasna na Máime a chur de, agus tríd na sléibhtibh isteach go dtí Daingean an Ghrinn arís. Má theastuigheann Gaedhilg uaidh gheobhaidh sé í go flúir- seach timcheall an bhaill seo, mar ná labhartar aon nidh eile de ghnáth. Agus má's mian leis turas a thabhairt ar scoileannaibh na háite cuirfidh na leanbhaí iongnadh air de bhárr a gclis- teachta is a n-intinne.
Acht ní hé sin é, acht é siúd. Beidh Feis an Daingin ar siubhal go luath i mí an Iúil, agus ní fhéadfadh duine uain ní b'oireamhnaighe do thoghadh chun ghnáth-shaoghal na tíre do bhreathnughadh agus príomh-bhailiughadh Gaedheal Iarthair na Mumhan d'fheicsint i n-éinfheacht. Níl feis i nÉirinn níos Gaedhealaighe 'ná Feis an Daingin, agus má's mian le héinne Feis Gaedhealach fá leith d'fheic- sint tagadh sé ann. Tá daoine fiala flaitheamhla groidhe i gCorca Dhuibhne, agus is féidir saoghal saoráideach scléip- each Gaedhealach a chaitheamh feadh tam- aill 'n-a measc. Bíonn “Fáilte Uí Cheallaigh” aca i gcomhnaidhe roimh dhaltaibh de Chonnradh na Gaedhilge. Pádraig na Léime.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services