Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seachtmhain na gCrann
Title
Seachtmhain na gCrann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 28, 1905. Seachtmhain na gCrann Badh é AN CLAIDHEAMH SOLUIS an chéad pháipéar do ghríosuigh muinntir na Gaedhilge chum spéis do chur i gceist na gcrann. Tar éis dúinne an cheist do phléidhe ar feadh tamaill thosuigh ár gcara, The United Irishman, agus níor staon sé acht ag gabháil di ó shoin. Tá Seachtmhain na gCrann ag druidim linn anois, agus ní orainne ná ar an United Irishman bhéas an locht muna ndéantar gníomh. Cuirtear na crainn, a cháirde! Is ró-fhada Éire 'n-a machaire mhaol lom gan fosgadh ó dhoininn, gan coilltibh a shúghfadh aníos an fliuchán, gan mianach ádhmaid i gcomhair déantús. Cuirtear na crainn! Má cuirtear, béidh slacht ar an tír agus obair ag na daoinibh. Tior- móchar an talamh íseal, agus clúdóchar na cnuic le coilltibh glasa a dhéanfas créafóg nuair a chríonfar a nduill- eabhar. I gceann tamaill béidh na monga agus na cnuic sin i n-ann daoine agus beithidhigh do chothughadh an áit nach bhfuil siad i n-ann coinín do bheath- ughadh anois. Míneochar an t-aer, agus cuirfear ruaig ar an eitinne agus ar ghalraibh millteacha eile atá ag sgiobadh na mílte de Ghaedhealaibh óga uainn gach seachtmhain fá láthair. Cuir- tear na crainn, agus fá cheann leath-chéad bliadhain is iomdha taobh tíre atá anois chomh uaigneach le roilig sa meadhon oidhche bhéas fá bhláth agus fá shlacht, na céadta duine 'n-a gcomhnaidhe ionnta, oibreacha ar siubhal ionnta, tighthe agus bailte agus beithidhigh, fir agus mná agus páistí go líonmhar ionnta, “toradh ar chrannaibh agus éisg ar linntibh” ionnta, ceol dá spreagadh ionnta, agus bail Dé orra. Go dtugaidh Dia sin!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services