Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Am Faigh a' Ghaidhlig Bas?
Title
Am Faigh a' Ghaidhlig Bas?
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 23, 1905. “AM FAIGH A' GHAIDHLIG BAS?” “Am faigh a' Ghaidhlig bas?” adeir an t-amhrán Albanach. Bhfuil an bás i ndán don Ghaedhilg? Sin ceist nach dtig linne a fuasgailt. Níl a fhios againn ná ag éinne acht ag Dia na Glóire cad tá i ndán do'n Ghaedhilg nó do'n Ghaedheal. Acht tá a fhios againn aon nídh amháin. Tá a fhios againn, má fhághann an Ghaedhilg bás, cia bhéas thíos leis. Cia hiad féin? An mhuinntir a bhfuil sí aca. Na haithreacha agus na máithreacha a bhfuil sí aca agus nach labhrann le n-a gclainn í. Na maighistirí agus na máigh- istreása sgoile a bhfuil sí aca agus nach múineann í. Na sagairt agus an heas- puig a bhfuil sí aca agus nach labhrann ó'n altóir í. Na feisirí a bhfuil sí aca agus nach labhrann ó'n árdán í. Na Gaedhilgeoirí, idir cléir agus tuath, idir saidhbhir agus daidhbhir, idir óg agus críona, ar fearr leo Béarla an tSasanaigh do chleachtadh 'ná teanga na hÉireann. A cháirde, má fhághann an Ghaedhilg bás, ní hiad na Béarlóirí bhéas cionn- tach. D'fhéadfadh na Gaedhilgeoirí an Ghaedhilg do labhairt i n-aimhdheoin a bhfuil de Bhéarlóiríbh i nÉirinn nó i Sasana. Má cailltear an Ghaedhilg, is ar na Gaedhilgeoirí bhéas an locht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services