Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-Scéalaidheacht
Title
Sean-Scéalaidheacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 27, 1905. Sean-Scéalaidheacht. Tuilleadh i dtaobh Chláir cheisteann an Oireachtais. Badh mhaith linn a chur i n-umhail dóibh seo atá ina gcomhnaidhe i measc na ndaoine go bhfuil an Ghaedhilg aca, is go raibh sí aca féin is ag a sinnsearaibh rómpa, gur ceart na scéalta is na hamhráin, na drachtíní is na sean-laoithe atá i mbaoghal imtheachta a scríobhadh gan moill. Ní hamháin gur chóir na rudaí luachmhara so a scríobhadh; badh bheag iongnadh linn dá dtagadh an t-aos óg agus cuid de'n tsean-oighreacht so na nGaedheal d'fhoghluim ó bhéalaibh na ndaoine féin. Acht is é an cúram is mó atá orainn anois dar linne ná go ndíreochtaidhe i ndáiríribh ar an obair fhiúntaigh seo. Tá a trí nó a ceathair d'iomaidheacht- aibh san Oireachtas 'na chomhair. Tamall ó shoin do-gheibhtí a lán daoine chun dul isteach ar na hiomaidheacht- aibh seo, acht le déidheannaighe pé cúis atá leis ní bhítear ró-fhonnmhar ag teacht. Ní hamlaidh go mbíonn scáth ar dhaoinibh. B'fhéidir go mbíonn leisce ar chuid dár scríbhneoiríbh. Má's mar sin atá an scéal is mór an náire dhóibh é. Ba chóir dhúinn gan a dhearmhad choidhche go bfuil d'fhiachaibh orainn san obair seo na Gaedhilge na scéalta is an caitheamh aimsire a bhíodh ag na daoinibh a tháinig romhainn a shábháil. Nuair a bheidh na scéalta thíos againn féadfar iad a dheisiughadh is féadfar cur leo annsoin. Ar na sean- scéaltaibh seo is eadh chaithfear nuadh- litridheacht na Gaedhilge a cheapadh is a thógáil. Ar an adhbhar soin tá súil againn ná déanfar dearmhad ar Shean- Scéalaidheacht an Oireachtais. Ní gábhadh do dhuine bheith 'na scríbhneoir ró-chliste chun na hoibre seo a dhéanamh. Agus obair náisiúnta is eadh í gan aon mhearathall.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services