Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas
Author(s)
Fearghus Finnbhéil,
Pen Name
Fearghus Finnbhéil
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Léigheann & Oideachas LES GENS DU SIGNE Tá neithe taréis tuiteam amach sa bhFrainnc le déidheannaighe gur chóir dúinn féachaint isteach go cruinn ionnta. Is minic rudaidhe iongantacha ag tuiteam amach a bhfad ó bhaile & ná tagannn linn bhrígh cheart a bhíonn leo do thuisgint nó go bhfeicimíd na rudaidhe céadna ag tuiteam amach os comhair ár súl sa bhaile. Is minic, thall arís, a chímíd cleasuidheacht ar siubhal os comhair ar súl sa bhaile, & ná tuigimíd i gceart cad é bun ná brígh na cleasuidheachta soin, nó go dteasbáintear dúinn cad é an toradh a tháinig as an gcleasuidheacht chéadna i ndúthaibh imigéine. Ní haon nuadhacht dúinn cleasuidheacht dá imirt sa dúthaigh seo. Acht tá cleasuidheacht áirithe ar bun le tamall ann, & tá toradh na cleas- uidheachta céadna le feicsint sa bhFrainnc an aimsir seo. Leis sin adeirim gur chóir dúinn féachaint go cruinn ar thoradh na cleasuidheachta soin sa bhFrainnc. Tá dream sa bhFrainnc go dtugaid siad ortha Les Gens du Signe, sé sin, lucht comharthaí sóirt a dhéanamh. Dream iseadh iad soin go bhfuil fuath thar meon do'n chreideamh acu, & dos gach nídh a bhaineas leis an gcreideamh. Fuaireadar an lámh uachdair i riaghal- tas na Frainnce suim aimsire ó shoin, le lúbaireacht, & ghá leigint ortha go raibh an grádh go léir dá dtír dhúthchais acu, acht do réir gach aon sgéil is cuma leo cad é an díoghbháil a dhéan- fadís dhá dtír dhúthchais, acht amháin go mbeidís ag déanamh díoghbhála do'n chreideamh. Tá an aigne chomh cam, chomh claon, chomh cuirpeach soin acu nár bhféidir linn leath na dtuairisgí a thagann chúghainn a chreideamhaint muna mbeadh go bhfeacathas na soluidí céadna annso i nÉirinn os cionn céad bliadhain ó shoin. An dream go raibh riaghaltas na hÉireann fé n-a láimh an uair sin, bhí an aigne chéadna soin acu. Taréis a gclaon-bhearta go léir, & nuair a bhí sé ag teip ortha a thuilleadh díogbhála a dhéanamh, dhíoladar a dtír dhúthchais ar an bpingin a b'aoirde. Chomh luath is fuair Les Gens du Signe a lámh uachdair i riaghaltas na Frainnce chromadar ar riaghalacha a dhéanamh a chuirfeadh cuibhreach ar an Eaglais. Ceann des na riaghalachaibh soin iseadh ná leomhfidhe an creideamh a mhúineadh ins na sgoileannaibh puiblidhe, ná aon bhaint a bheith ag an gcléir leis na sgoileannaibh sin. Is cuma cad a bheadh ins na leabharthaibh atá i n-úsáid ins na sgoileannaibh sin, acht ná beadh aon thrácht ar Dhia ná ar an Eaglais ionnta. Níl aon bheart chomh spriúnlaithe le héagcóir a dhéanamh ar anam an leinbh. Siné díreach atá uatha súd, go mbeadh na leanbhaidhe fuar faillightheach 'na gcreideamh, & tá ag eirghe leo go háluinn sa méid sin. Cuid mhór des na leanbhaidhibh sin, nuair eirghid suas 'na bhfearaibh & 'na mnáibh ní bhíonn creideamh na coinnsias ionnta. Bhí aithne mhaith agam ar chuid díobh. Bhíos tamall maith i n-aon-thigheas le cuid díobh. Deiridís gur Chaitilicighe iad, acht ní théidís go dtí an Aifrean ó cheann ceann de'n bhliadhain. Bhí sgoileanna eile sa bhFrainnc i gcomhnuidhe fé chúram na sagart, & na mbráthar, & na mban riaghalta, mar atá is gach aon dúthaigh eile, & ó ba leo féin na sgoileanna soin, mhúintidhe an creideamh ionnta, nídh nach iongna. Nuair a chonnaic na sagairt & na bráithre & na mná riaghalta soin an droch-obair a bhí ar siubhal timcheall ortha ní baoghal gur'b amhlaidh thugadar faillighe 'na n-obair féin. Chuireadar rómpa an creideamh a choimeád suas, & bhí ana-obair thar na beartaibh dhá dhéanamh acu. Sin rud ná féadfadh Les Gens du Signe cur suas leis. Chuireadar a leithéid sin de dhaor-smacht ar lucht na sgoileanna soin a mhúineadh go mb'éigean dá bhfurmhór teitheadh as an bhFrainnc ar fad. Tháinig cuid mhaith acu anall go Sasana chun slighe bheathadh a bhaint amach dóibh féin. Fearghus Finnbhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services