Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Músclaidh a Sgríbhneoirí!
Title
Músclaidh a Sgríbhneoirí!
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Iúl 16, 1904. Músclaidh a Sgríbh- neoirí! B'éigin do Choiste an Oireachtais a thuilleadh cáirde a thabhairt i mbliadhna ina na comórtasaibh i litridheachta. Ní maith an comhartha é sin. Cialluigheann sé ná fuil ár scríbhneoirí ag cabhrughadh leis an Oireachtas fé mar badh dhual dóibh. Ní héin-leath-scéal dóibh a rádh ná fuaradar aimsir a ndóthain, mar tá an clár amuigh le trí ráithe. Badh mhaith linn breith ar mhullach cinn ar chuid dár scríbhneoiríbh díomhaoine & crathadh maith a thabhairt dóibh. Tá an díomhaointeas go smior i mórán díobh & trom-shuan na faillighe ar a thuilleadh aca. Nílmíd ag tagairt annso do'n mhuinntir d'fhoghluim an Ghaedhilg. Ní gheibhmíd locht ortha-san. Deinid a ndícheall. Acht is iad na daoine go bhfuil milleán againn ortha ná an mhuinntir go raibh an Ghaedhilg aca ó thúis; an dream so go bhfuil an teanga ar áilneacht aca, agus atá ró-leisceamhail chun suidhe síos & taithighe a dhéanamh ar an gcainnt féin a scríobhadh. Tá daoine de'n tsórd so i gConnradh na Gaedhilge le bliadh- antaibh. Tá léigheamh na Gaedhilge ar chumas a n-urmhóir, acht do theipfeadh ar Árísteatl féin iad a chur á scríobhadh. Tá an dream so ró-leisceamhail chun éin-nidh a dhéanamh. Má chuirimíd i bhfochair dream an díomhaointis iad, féadfam a thuigsint annsoin cad 'na thaobh go fuil sé d'fhiachaibh ar lucht stiúruighthe an Oireachtais breis cháirde a thabhairt uatha. Fé mar adubhramair thuas tá an clár amuigh le trí ráithe & badh chóir ar an adhbhar soin, go raibh a dhóthain aimsire ag gach éinne chun aistí fóghanta a scríobhadh. Do b'fhearr go mór do dhuine aimsir a thógaint & rud maith a dhéanamh 'ná bheith ag obair fé bhruid ag iarraidh leath-dhosaon rudaí a dhéanamh. Téidheann slacht & deis- eacht i bhfad. Níor mhór do dhuine féachaint 'na dhiaidh. Dearg-namhaidh dóibh is eadh an bhruid. Is dóigh linn go bhfuil na feiseanna fé'n dtuaith ag déanamh cumhangtais i mbliadhna ar an Oireachtas san litridh- eacht so. Níl an iomarca scríbhneoirí ann fós, & an méid atá ann díobh & go háirithe iad so ná fuil acht tar éis tosnughadh ar scríobhadh, is fearr leo comórtas cois baile ná dul chomh fada leis an Oireachtas. Acht má leanaid ortha ní bheidh baoghal ar an Oireachtas. Tiocfaidh go léir ag triall air i ndiaidh a chéile. Do dtí soin, ámh, níor mhór féachaint chuige & Oireachtas Gaedheal na hÉireann uile a choimeád ar tosach mar ar cheart dó bheith.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services