Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cia Aca?
Title
Cia Aca?
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Aibreán 02, 1904. Cia Aca? Nuair a dheinimíd machtnamh ar an scéal so i dtaobh an Taisbeántais Eadar-Náisiúnta is greannmhar mar a thagann chun ár gcuimhne an cuma 'na ndeintear is 'nar dhineadh riamh go dtí seo rudaí i nÉirinn. Is é bun is barr an scéil go léir ná curtar éan- tsuim i dtuairim mhuinntire na hÉireann féin. Ní loirgthear an tuairim sin, is dá loirgtí féin is gearr a raghadh ar rud a shocrughadh ar chuma ina dtaithnfeadh leis an sluagh nó 'na mbeadh ar mhaithe leis an dtír. Do tháinig roinnt daoine uaisle i bhfochair a chéile tamall ó shoin & dhine- adar mórán cainnte i dtaobh leasa na hÉireann. Do cheapadar gur bhreagh & gur thairbheach an rud é dá gcurtaí taisbeánadh eadar-náisiúnta ar bun i mBaile Átha Cliath. Do chuirfeadh soin críoch le gach gabhtar is broid dá bhfuil anuas ar mhuinntir bhoicht na hÉireann. Do shaorfadh sinn go léir. Do chuirfeadh ar ár mbonnaibh sinn. Do bheadh stad láithreach leis an imirce seo thar sáile. Agus go cur- faidhe déantúisí nua ar bun gan moill ar fuid na hÉireann. Agus má's é bhur dtoil é, soin go léir tré leogaint do scata daoine iasachta teacht & a gcuid earraidhe a thaisbeáint dúinn go léir, is an chaothamhlacht a bheith aca ar pé earraidhibh a dheintear annso a mhúchadh. Tá milliún punt bailighthe ag muinn- tir San Louis i Sasana Nua i gcomh- air an taisbeantais mhóir eadar-náisi- únta a bheidh aca, & tá sé áirimhthe aca go gcosnóchaidh sé ocht milliún punt. Nach suarach is fiú do mhuinntir Bhaile Átha Cliath nó do mhuinntir na hÉireann go léir taisbeánadh dá shaghas soin a chur ar bun is gan bailighthe 'na chomhair aca acht chúig céad éigin punt? Badh dhá chirte do sna daoinibh uaisle seo leogaint do'n bhrille-bhreaille, & má tá éan-fhonn ortha a mhaitheas a dhéanamh d'Éirinn taisbeánadh clúthmhar taidhbh- seach de dhéantúisíbh na hÉireann a chur ar bun. Sin é an rud a dhéanfadh maitheas is a choimeádfadh na buachaillí óga is na cailíní óga i nÉirinn. Go dtí seo d'fhéadfadh daoine áirithe an dubh a chur 'na gheall ar mhuinntir na hÉireann. Bhí an saoghal ar a dtoil ag an ndream úd. Acht tá atharrach saoghail ann anois. Bíd daoine ag smaoineamh is ag machtnamh is ag cur trí chéile 'na n-aigne féin. Má theas- tuigheann ó dhuine rud a chur ar bun anois, ní fhuláir dó sa chéad áit, pas d'fhágháil ó mhuinntir na hÉireann. Níl an pas soin ag muinntir an thais- beántais Eadar-Náisiúnta, ná ní dócha go mbeidh go fóill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services