Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceist Eile
Title
Ceist Eile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 17, 1903. Ceist Eile Dá ndéarfadh duine leat, a léaghthóir, “Tá rud éigin ag teasdáil uaim, an bhfuil fhios agat 'dé rud é?” cad do dhéarfá-sa leis? Is dócha go labhaireófá mar seo: — “Ach, a dhuine mhuinnteardha, ní féidir domh-sa a dhéanamh amach cad é rud is mó theasduigh- eann uait gan fios d'fhagháilt uait ar dtúis 'dé an saghas oibre atá idir lámhaibh agat.” Sin í an chainnt go siúráilte ceart. Sí an obair do leagann amach dúinn 'dé an sórt úirlíse is riachtanach chum í chur ar aghaidh. Agus anois, a lucht na Gaedhilge, cad é an saghas oibre atá ar siubhal againn-ne do láthair; nó an obair ar aon chor í do réir ghnáith-chéille an fhocail sin? Ní headh, a cháirde, agus tuigidh go maith in bhur n-aigne nach headh. Go dei- mhin féineach, ní haon ghnáth-obair shuarach í acht cogadh — agus cogadh dian dáiríribh leis. Tá fíor-chogadh ar bun an tain seo i nÉirinn againn agus ná bíodh aon mhearthall oraibh i n-a thaobh. Agus cad é rud é is mó is riachtan- aighe i n-am na híorghaile — le linn an bhuailte? Thráchtamair cheana ar an “lón cogaidh”; acht tá rud eile fós — rud nach féidir déanamh gan é ar aon chor ar pháirc an imris, agus 'sé sin an Misneach. 'Seadh, misneach agus calmacht agus fearamhlacht, & tuigidh gurab iad so spioraid agus anam na hoibre ar fad. Tá sé mar dhualgas orainn a bheith go tréan cródha duthrachtach san obair seo. Má bheimíd i n-ár n-aindeiseóiribh eaglacha ní féidir dúinn puinn maitheasa do dhéanamh. Oidhreacht Gaedheal an misneach. Caithfimís uainn an t-eagla i n-ainm Dé. Téidhmís imeasg an tsluaigh agus má's acfuinn dúinn é ná bíodh eagla orainn dul i n-áirde ar cheann bairille agus an t-eólas do leathnughadh i mballaibh an ainbhfis nó an solus do leigint isteach i bpollaibh an dorchadais. Bímís dána, dian, misneamhail. Tá obair romhainn-ne amach & is gábhadh dhúinn an misneach — 'seadh & mór-chuid misnigh — chum í sin chur ar aghaidh. Is tairbheach agus is mór an nídh é an misneach i n-a leithéid seo d'obair. An dteipfear orainn-ne ann? Ní cheapfar, acht bímís féin fearamhail calma. Tá sé mar shean-fhocal aca i nDúthaigh Déiseach “nár chaill fear an mhisnigh riamh é.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services