Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Naomh Pádraig
Title
Naomh Pádraig
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Baile Átha Cliath, Márta 7, 1903 Naomh Pádraig Nuair a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn sa mbliadhain 432; le Críostaidheacht do chraobhsgaoieadh is ait an chaoi ina raibh na daoine. Bhíodar idir íseal & uasal ina bpágánachaibh, & is iad na Draoithe an dream ba cumhachtaighe orra. Is aca-san do bhí cebí foghluim do bhí sa tír, & an litridheacht do bhí aca sgríobhadar í i nOgham ar choirnéalaibh cloch. D'adhruigh- eadar déithe, thugadar do na daoinibh i gcoitchinne iad d'adhradh, mar is cosmhail go mba dream iad ag a raibh inntleacht & grinneas ó Dhia & ó nádúr thar mar bhí ag aon duine eile sa tír. Cé gur admhuigh- eadar go raibh cumhachta spioradálta ann nar thuig- eadar (d'admhuigheadar sin nuair a d'adhruigheadar déithe) & cé go raibh sé 'ghá fheiceál dóibh go dtiocfadh duine uair éigin le eolas do chraobhsgaoileadh ar an gcumhachta soin bhí cuid aca ar an namhaid ba déine & ba dána a sheas amach i naghaidh Naomh Pádraig ar theacht dó. Bhí éad & eagla & fearg orra nuair a chuimhnigheadar go ndeanfaidhe a ndéithe féin do mhilleadh & a strócadh go talamh, acht ní rabhadar cruinnighthe i n-aon mhathshluagh amháin & níor ghlacadar aon chomhairle amháin le seasamh i n-aghaidh, & ó dhuine go duine d'umhluigheadar. Acht ba gearr ar Naomh Pádraig iad ar fad do chur i n-íochtar. Ní raibh do mhoill air acht sroitheachtáil chuca, cé go raibh cuid do na righthibh & do na draoithibh nár ghéill & a fuair bás ina bpágánachaibh. Mhair sé trí fichid bliadhain tar éis teacht dó an dara huair, & chaith sé an chuid is mó do'n am soin ag siubhal na tíre tríd síos & tríd suas ag baisdeadh & ag athrughadh na ndaoine le teagasg Dé. Bhí a lán conghantóirí aige ar a shiubhalóid — easbog, sagart, cantóir-salm, breitheamh, lucht fritheálta buird, agus Aifrinn — daoine a bhí feileamhnach dhó le fréimheacha Chreidimh Dé do chur go daingean i gcroidhtibh na ndaoine, & leis an bpágántacht do dhíbirt go huile agus go hiomlán. Bhí sé hocht mbliadhna déag ag teagasg & ag baisdeadh nuair a chuir sé an chéad sgoil ar bun i nÁrd-Macha & b'innti-sean a tosuigheadh an t-oideachas a bhí, ní mar réalt eólais amháin, acht, mar chaoir-theintibh ag tabhairt sholais, & theagaisg do'n oireachtas a tháinig i bhfad is i ngearr, & ó Shasana féin, ar a lorg. Níor b'fhear é do chuir aon tsuim i sgríbhneóireacht do dhéanamh, cé gur fháguigh sé beagán de sin féin 'na dhiaidh, mar bhí an iomarca oibre aige le déanamh, agus rinne sé í go hiongantach & go míorbhuilteach. Bhí a chroidhe agus a inntinn árduighthe aige ó neithibh thruaillighthe an tsaoghail seo, ba chuma leis cé an t-anróth, ná cé an tarcuisne a bhí le fulaing aige féin, thiocfadh sé thríd & chuaidh sé thríd go sásta ar son Dé. Má bhí Naomh riamh ar dhruim an domhain a thuill onóir & moth ó mhuinntir tíre go huile do thuill Naomh Pádraig é ó mhuinntir na hÉireann, & sé an rud is lugha is córa dhóibh an onóir sin a thabhairt dó go toilteanach le Féile a dhéanamh dó feasta i nÉirinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services