Máire Ní Fhlannagáin
Marcus Ua Coileáin do chum.
Is mór an spóirt an ghnaoimhealacht,
'S beadh mhian liom a bheith i n-aice léi,
Casadh cailín deas orm,
Teacht chugam ins an ród,
Dhruid mé le n-a taobh amach,
Is d'fhiafruigh mé cá hainm í,
Sé dubhairt sí Máir' Ní Fhlannagáin,
'S í meanmnach go leór.
Is aici bhí an siubhal spéireamhuil,
Bhí togha gléas uirri go fáisiúnta,
'S níor léir dhom ins na bailteachaibh,
A samhail pearsa breagh,
Leis an deise bhí n-a héadan,
Níor fhéad mé gan bheith dearcadh uirri,
'S an chéad shúil thug mé thaithnigh dhi,
'S is gasta thuit mé 'ngrádh.
Casadh dhom ar dtús í
'S mé ag imtheacht ar mo leigeann dom,
Ní raibh rún agam í imtheacht uaim
Acht mheas mé breathnughadh romham
Ba hí siúd an cailín múinte
Raibh dúil agam n-a cuideachta
Acht nuair nar iarr mé uirri imtheacht liom
Níor thuig sí féin mo bhrón.
D'imthigh sí do thaghadh uaim,
Tráth shaoil mé bheith baint gealladh dhi,
Is ar mo chroidhe bhí'n aithmhéala
Nár bhain di cupla póig.
Acht is fada bhéas mé trácht uirri
Do bhrigh go dtug mé taithnigh dhi,
'S da meallainn í bhéadh bean agam
Chomh deas is sheas i mbróig.
Cuirim mo bheannacht léi,
Tá réim aici mar ba chleachtadh léi,
Le méin, agus le slachtmharacht,
Ba dheacair a leithéid fhagháil,
Rachainn fá na déin
Muna mbeadh sgéala theacht le teachtaire
Go raibh céile aici i gceann seachtmhaine
'S go ndeárnadh orm feall.