An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 9, 1901
Foghluim na Teangan.
Tá iarracht 'gh á dhéanamh fá láthair dhá bealach leis
an nGaedhilg d'fhoghluim do mheasgadh ann a chéile ion-
nus go bhfuighfidhe as an dá bhealach, aon bhealach amháin
nár bh'fhéidir a sháthrughadh. Siad an dá shlighe iad, an
tslighe nádúrdha, agus an tslighe ealadhanta.
Seo í an tslighe nádúrtha. Fuaim an fhocail agus a chiall
do chongbháil i naoinfheacht, i gcruth agus go mbeadh an chiall
ag an duine gach uile uair a chluinfidh sé nó a d'fheicfidh
sé an focal. Nach cuimhneach le daoinibh críona, go
gcualadar focla agus cainteanna nuair bhíodar óg nár
fhágaidh a n-aigneadh ó shoin? Nuair bhíodhmar ag
bualadh báire fad ó, siad na cainteanna bhíodh ar siubhal,
“Buail anois a chladhaire,” “teann leis,” “cuir do
chomán roimpe,” “buail san aer í, ná leig dhi tuitim,”
“leig thart annso í,” “tabhair do shean-laisg dhi,” “cuir
tuairt ann,” “is mise tá ar cheann-báire,” agus a leithéi-
didhe sin, agus ní raibh aon fhocal amháin aca sain nach
dtuigfidhe ó'n ngníomh a déanfaidhe le linn an fhocail.
Má bhíonn fear nach dtuigfidh an Ghaedhilg ag breath-
nughadh ar bheirt nó ar thriúr ag bualadh báire, agus iad a
bheith ag labhairt na Geadhilge, agus abruigheadh fear aca
“leig thart annso í,” agus leigeadh an té bhí ar tí na liath-
róide a chosaint, thairis í, nach dtuigfidh an té nach bhfuil
Gaedhilg aige, nó an fear ar an gclaidhe míniughadh na
bhfocal. Má chloiseann sé na focla céadna ceathair
nó cúig de chuartaibh, beidh siad aige féin agus a gciall
leo. Beidh gach uile chaint eile aige ar an gcaoi
chéadna, agus an chiall i naoinfheacht, nuair a chloisfeas sé
iad go minic. Fá dheireadh, ní'l neart focal a rádh ar
pháirc an bháire nach dtuigfidh sé gan chlóic ar bith,
ionnus go mbeidh gach uile chaint aige dhá mbaineann le
bualadh báire.
Ar an gcaoi chéadna le imirt chártaidhe, cuir i gcás.
Tá béarlóir ag breathnughadh ar dhaoinibh ag imirt, agus iad
ag labhairt Ghaedhilge. Suadhann fear na cártaidhe
roinneann sé iad, agus iompuigheann sé cíonán spéiriot.
Tá fear eile ag ceann an bhoird, nach bhfeiceann go
baileach an cárta a hiompuigheadh, acht crochann sé suas
é féin nó go bhfeicfidh sé an cárta, ag rádh san am
céadna “céard tá iompuighthe?” Fághann sé an freagra
ar ais “tá cíonán spéiriot.” Cá bhfuil an béarlóir
nach dtuigfidh an méid sin, acht a fheiceal agus a chloisteáil
naoi nó deich n-uaire chomh fad 's bheidheas an imirt ar
siubhal? Faoi cheann ciocthidhse beidh an béarlóir sin
i n-ann cártaidhe a imirt gan aon tseachmall, muna
bhfuil sé an-dall amach 's amach.
Tá focla ar leith ins gach uile roinn de bheatha an
duine mar sain, agus déantar úsáid dhíobh anonn 's anall
i roinntibh eile, agus ar uairibh beidh athrughadh leagann ortha.
Má bhíonn féin, is forus d'aithnigh iad, mar tagann ciall
an fhocail nó ciall na bhfocal, nó na cainte, agus an
gníomh amach, agus mínighigheann siad féin a chéile. Sin
í an tslighe nádúrdha le teanga a fhóghluim.
Dá roinnfidhe focla an bháire roimhe ré, agus cuid aca
a fhoghluim as leabhar nó ar bhealach ar bith eile, níor
dheacair an chaint a thuigsint nuair a chluinfidhe í, agus
nuair d'fheicfidhe an gníomh a dhéanfaidhe le linn na
cainte. Dá ndéantaidhe an cleas céadna le na
foclaibh i n-imirt na geártaidhe, bheadh an oiread eile ag
fear na foghluma. Níor mhór na focla so bheith roinnte
go healadhanta, cuid aca a fhóghluim, agus annsin éisteacht
go nádúrdha le na foclaibh nuair dhéanfaidhe úsáid
dhíobh.