An Long 's an Bád
A Chnú Dheireoil, a thaisge is fada taoi d'iarraidh lúb
ar lár fhagháil im' dhiaidh, agus ní bhfuairis fós é. Cheapais
tamall, adeirir, gur'b amhlaidh chuireas mé fhéin amugha.
Ach tháinig tú ar athchomhairle, agus ba cheart dom bheith
buidheach díot dá chionn. Tuig uaim-se as so amach go
n-aithnighim brigh mo chuid focal sul a sgríobhaim iad.
Fios fátha mo sgéil atá fós uait. Thugas duit ó thúis
é, ach ní dóigh liom gur thugis mé, nuair adubhart ná
raibh againn ach athrach gan lón gan fuireann.
Deirir “muna bhfuil aige acht tuairm tá tuairm
láidir agam-sa na cheart-aghaidh sin.” Sin í an chaint.
Is fearr sain na an t-achmhusán. Bíonn dhá innsint ar
gach aon sgeul, agus bíodh d'innsint féin agat-sa. Connac
taobh eile de'n sgeul ó ghaisgidheach, i bpáipéar Bheurla
trí seachtmhaine ó shoin ann, gaisgidheach a dhéanfadh
brúsgar de ímpireacht Seagháin le na bheul. Dubhairt
sé siúd, as corp dáiríribh, go raibh súil aige le mór-
chomhachtaibh na hEuróipe teacht agus saoirse a bhronnadh ar
Eirinn. Iarraim mar athchuinge ort-sa a Chnú gan a
leithéid sin de chaint a chaitheamh linn. Támuid breun
di.
Feargus Finn-Bhéil