Oráid Pheadair Óig Uí Annracháin
i Sgibirín
"A Athair Tomás agus a mhuintir Sgibirín go léir?"
Is mór an t-áthas agus an lúthgháir croidhe atá orm
Indiu nuair fheicim sibh bailighthe i dteannta chéile chum
cúis na Gaedhilge, agus cúis na tíre do chur ar aghaidh.
Is iomdha lá ar feadh an dá bhliadhain seo chuaidh
tharainn a chaitheas go dúbhach agus go brónach nuair nach
bhfaca aon nidh dhá dhéanamh agaibh annso ar son teanga
na hÉireann, acht tá an brón sin ag imtheacht óm'
chroidhe anois mar imthigheann an ceó ó bharr Chnuic an
Mhionnáin sin thall roimh teas na gréine maidin Shamhraidh,
nuair chím go bhfuil sibh ag tosnughadh dáríribh chum bhar
gcuid féin do dhéanamh ar son teanga ársa na
nGaedheal.
Agus nach mithid dúinn é? Faoi cheann beagán
aimsire eile agus bheimis 'nar Sasanaibh ar fad acht
buidheachas le Dia b'fhéidir go bhfuil cosg curtha orainn
'na thaobh sin anois agus le congnadh dé agus le n-ar gcon-
gnadh féin beimid a' dul i bhfeabhas ó lá go lá as seo
amach mar níl uainn acht cromadh go toileamhail agus go
croidheamhail ins an obair atá sibh a cur ar bun indiu
agus geallaim-se dhíbh gur gearr gairid go mbeidh Gaedhilg
faoi mheas agus faoi réim, faoi chlú agus cáil mar bhí sí ins na
laethibh séanmhara sona chuaidh thart. Agus chum sin do
dhéanamh, ba cheart díbh bheith mar dúbhairt an file -
"Gach fear 'gur fiú é gairm fir, gach buachaill bríoghmhar
suairc,
Gach máthair grádhmhar cloinne agus cailín deas nach duairc,
Cruinnigheas le chéile mar aon abhus is thall,
Chum labhartha na dteangaidh féin ó Chléir go Dún na
nGall."
Agus a chailíní agus a bhuachaillí óga cad chuige nach
bhfuil breis meas agus breis suime agaibh in bhur dteangaidh
dhúthchais féin? An amhlaidh mheaseann sibh ná fuil aon
mhaith innti nuair nach labhrann acht na seandaoine agus
na daoine bochta í? nach mbeadh aon mheas oraibh go
deó dá mbeadh fios ag daoinibh eile go mbeadh Gaedhilg
agaibh féin?
Mo thruagh go deo sibh má's mar sin 'tá an sgéal
agaibh. Is mór an náire dhíbh má tá a leithéid sin do
smaointibh buailte isteach in bhur n-aigneadh.
A cháirde, budh bhrónach an sgéal é dá mbeadh a
leithéid sin le rádh i dtaobh Sliocht Bhriain agus Chuinn
Chéad-Chathaigh.
Táim-se im' sheasamh annso indiu ag iarraidh oraibh
ar son Dé agus ar son ar dtír bocht Éire bhar ndícheall
do dhéanamh chum fios agus eólais fhagháil ar bhur dteangaidh
bhinn bhlasda féin.
Ní ró-dheacair an obair í. Ní hobair dó-dhéanta í.
Ní'l sí leath chomh cruaidh is deireann mórán daoine.
Tháinig mise 'nbhar measg indiu chum misneach do chur
ionnaibh má's féidir liom é; mar is maith is cuimhin
liom chúig bhliadhna ó shoin nuair nach raibh focal Gaedhilge
im' phluic, agus is maith is cuimhin liom mar an gceudna
an náire bhí orm nuair labhradh mo shean-chomharsana
liom agus nach raibh sé ar mo chumas freagra a thabhairt
dóibh.
Timcheall an ama sin chualas trácht ar Chonnradh na
Gaedhilge - agus thosnuigheas ar a fhoghluim.
Cheannuigh mé na leabhairíní beaga do sgríobh an
t-Athair O Gramhnaigh, agus cé nach bhfuil sí ar fóghnamh
fós agam, dá mbeadh sí chomh maith agaibh-se go léir ní
bheadh aon ghábhadh do Chonnradh na Gaedhilge a d-timthire
chuir annso 'nar measg chum sinn do mhúsgailt as ar
d-trom-chodladh, chum sinn do bhrostughadh agus do sgrío-
sughadh as ar leisgeamhlacht, ar ndíomh aointeas, agus ar
neamh-shuimeamhlacht.
Nach ait an sgéal é nach bhfuil deichneabhar daoine
óga i measg na trí nó ceathair de mhíltibh daoine san
mbaile seo ábalta ar óráid a thabhairt uatha i d-tean-
gaidh mhilis a n-aithreach agus a máthaireach.
Agus nach bladhmannach mór-aigeantach atá sibh mar
gheall ar bhar gcuid Bhéarla bhriste shalach bhréan: Nach
bhfuil fhios agaibh gurab é an Béarla do labhair gach
sgriosadóir agus creachadóir tháinig anall chugainn annso
ó Shasana chun an thír seo do lot agus ar ndaoine do
mharbhadh.
Bhfuil sibh ullamh chum ar dteanga dhúthchais do thabhairt
suas ar son na teanga do labhair an t-Octmhadh Anraoi
agus Cromaill na Mallacht, na daoine chuir ar muintir
chum báis, bhain an ceann dár nEasboig agus dár Sagairt
agus thug sgrios agus léan agus mailís, agus gach nídh eile níos measa
ná a chéile isteach i n-ar d-tír.
Bíodh a fhios agaibh go bhfuil Gaedhilg dá labhairt san
tír seo le breis agus trí mhíle bliadhan.
Bhí sí dhá labhairt annso i bhfad sul bhfuair na
Sasanaigh seilbh orainn agus le congnadh Dé agus le n-ar
gcongnadh féin beidh sí dá labhairt againn annso
nuair nach mbeidh tásg ná tuairisg ar na Shasanaigh,
nuair bheidh siad díbeartha amach as an tír chomh glan is
dhíbir Naomh Pádraig na hollphéistí 'na aimsir féin.
"Is bréagh an rud Saoirse, ní'l aon nídh chómh díl,"
acht sé mo thuairim-se nach ngeobhamuid í go bráth nó
go mbeadh an teanga Gaedhilge, mar theangaidh ghnáthach
agus mar theangaidh choitcheanta i measg Clanna Gaedheal
agus ní fiú sinn féin riaghal ar riaghlughadh féin fhagháil no
go d-tuigimid agus go mbéarfamuid faoi deara gurab í
an teanga dhúthchais an chéad nídh bhaineas le SAOIRSE.
Tá súil agus dóchas agam nach raghad faoi an mbán
glas go deó go bhfeicfidh mé cúmhacht na Sacsan gan
bhrígh, gan neart, briste suas 'na smidirínibh agus gan
cead aca lorg a gcos leagan ar thalamh ghlas na
hÉireann arís go bráth.
A dhaoine mo chléibh cuimhnighidh ar na laethibh nuair
bhí meas agus réim agus rath agus ádh agus sonas agus slacht ar Éirinn;
nuair do bhí Inis Geal 'na Naomh mar ainm uirre; nuair
bhí flúirseacht agus fáilteacht, fearamhlacht agus flaitheamhlacht
le fagháil ins gach ball agus cúinne do'n tír agus iarraim
oraibh arís cion fir agus mná dheunamh chum clú agus cáil
thabhairt thar n-ais go hÉirinn, chum ar dteanga do
shábháil ó bhás mhí-nádurtha agus sinn féin chur i gcóir faoi
chomhair Saoirse na hÉireann -
"Maiseadh tóg suas do chroidhe agus árduigh do ghuth
A's amach leis an nGaedhilg mar rithfeadh an sruth
Ní'l teanga san chruinne níos binne ná í
Sí an teanga chuir dia féin go h-Inis na Ríogh.