Na Gaedhilgeoirí
Go mbeannuighthear dhíbh-se a lucht na Gaedhilge do
leigheadh. Tá a fhios agam go bhfuil sibh go léir go
maith agus ag tarraint go troigh-easgaidh ar shlíghe bhar
leasa, céad buidheachas mór le Dia. Seadh, a dhaoine
cléibh, bhíos amuigh ag bualadh báire i dteannta na
nGaedhilgeoirí tráthnóna an tSathairn seo ghaibh thorainn,
ar Pháirc an Fhionnuisge, agus ní gábhadh dham a rádh nach
díomhaoin do bhíos acht mo chamán im lámhaibh agam agus
mé ag cur allais díom chómh maith le cách. Bhí an-
tamall spóirt againn. Greann agus sult i nGaedhilg,
gach éinne ag sgréachaidh agus ag labhairt i nGaedhilg gur
dhóbair go measfadh duine go raibh Gaedhilg ag
crannaibh na coille.
"Bail ó Dhia ort a Mhíchil," arsa duine de na
Gaedhilgeoirí le Micheál Ciosóg agus é ag druidim aníos
chugainn ar a bhog-stróic agus dhá chamán aige ar nós go
bhféadfadh sé dhá liathróid do bhualadh san am chéadna.
"An easgaine chéadna ort-sa," ars an sean-bhitheam-
nach, agus sgeartuigh na Gaedhilgeoirí go léir ag gáiridhe
agus b'an-dhóbair go dtuitfeadh an Réalt Eólas i
bhfantais dá dheasgaibh.
Bhí fear ann go raibh seomra dorcha, gléas pictiúirí
do dhéanamh aige, agus thóg sé a dó nó a trí phictiúirí leis.
Má iompóid amach go deas is dócha go bhfeicfear ceann
nó dhó sa Chlaidheamh.
Tórna