Seanchus Gaedhealach i Musgraighe
Cúil Aodha, Baile Mhúirne, an 15 lá de mhí Shamhna
Do chnuasuigheamar uile drong na craoibhe i bhfochair a
chéile agus do bhí 'nár measg Tadhg Ua hIarfhlatha, leas-
ainm "na Tuinne;" Pádraig Ua Loingsigh, leas-ainm
"Gras;" agus Séamus Ua Scannail, leasainm "Dío-
mhaoin" nó "Bréagach."
Do labhair Tadhg na Tuinne do ghlór árd borb dána
mar a bhuadhuigh Craobh na Fáscoille i Lonndain an
comórtas troide a chuireadar ar gach craoibh eile insa
chruinne?
Ceárdaidhe tirm-ghliocasa mór-ghlórach beag-mhaith-
easach is eadh Pádraig.
Go deimhin, ar Séamus Díomhaoin Ua Scannail, is
orra bhí an géimneach an liúrach agus an maoidheamh comh
maith 'gur dá mbeadh aon'ne a' comórtas leó. Is fíor
é an sean-fhocal, glór mór i gceann folamh. Acht fós
do bhí cóir ag Donnchadh Fada a bheith dá ríribh agus comhrac
do thabhairt uaidh, mar gheall sé dhúinn.
Seadh, ar Tadhg na Tuinne, fágaimís 'nár ndiaidh an
sgéal náireach úd. Léigh dúinn, a mhic Uí Laoghaire,
Conán Maol agus Párlamaid na mBan.
Is suaimhneasaighe dhúinn gan dul i nachrann le Conán
Maol ná le Párlamaid na mBan nó leis na Bóraigh nó
le Tomás Fada, ar Séamus Ua Scannail. Coiméad-
aimís comh fada uatha agus is féidir dúinn, mar ní'l
síothcháin ná sonas ná suaimhneas 'na gcomhluadar.
Táim mar budh dhual dom,
Luighe gan éirghe