Mion Chaint Búird
(Duine uasal agus a Bhean tighe)
Fear. - 'Bhfuil mo chuid leite ar an mbúird?
Bean - Tá fad'ó. Tá eagla orm go bh-fuil sí fuar
anois ort agus 'chonách sin ort - is ro-mhall a bhís a cur
umat.
F. - Seo! Seo! 'Nois ná bac leis. T'r'om ubh agus
cupa te agus bead sásta - go raibh maith agat. Is deas
úr an ubh í seo. An fada bhí an sean-chearc 'na suidhe
ar an ubh seo.
B. - Leig do d' chuid ráiméis, ní'l aon nídh uirthi sin
mar ubh. Thugas féin as an sgioból í ar maidin, agus ní'l
cearc ghuir tiompall (timcheall) na h-áite.
F. - B'fhéidir gurab é an coileach a bhí na shuidhe ortha.
Tá an t-arán so ró-úr. Tá fhios agat go maith ná
réidhtigheann arán úr liom.
B. - Is deacair a rádh cad a réidhtigheann leat le
fada. Táim a' deunamh mo dhíchill, acht ní féidir liom
tu iondrabháil. Pé rud a dheinim duit bíonn locht
agat air. Is mór an truagh nár phósais. Annsin bheadh
do bhean agus do theach féin agat, agus b-fhéidir go
m'beidhfá (mbeitheá) sásta.
F. - Go raibh maith agat. Ní'l aon easbaidh teanga
ort, pé locht eile tá ort, agus má tá deireadh ráidhte
agat tá cead imthighthe agat. Sé mo thuairim go
b-fhuighfá gnó eicínt (éigin) eile i n-ionad chainte a
dtosach an lae. Beidh mé abhaile chum dinéir ar a dó
a chlog. Bíodh sicín agus blúire bagúin ullamh agat
romham. Abair leis an mbuachaill dorn prátaí a bhaint
duit; tá siad aibidh go leór anois.
B. - 'Bhfhuil aon orduighthe eile agat le tabhairt dom?
F. - Ní'l acht an doras a dhúnadh ad dhiaidh.
(le leanamhaint)