BEARTA CRUADHA.
A Fhiachra a chara,
Ná cuir i leith aoinne gur chuir sé isteach "go ruig an bháid" i n-ionad
"chun an bháid". Ní deineadh aon atharughadh in aon chor air, agus más tuathal é
cuirtear im' leith féin é. Do chomhairleóchainn duit gan bheith ró-éasgadh ag
cur geallamhna i dtaobh an focail "árdughadh," ar eagla go mbéarfaí an
geall uait. Is leór liom an méid sin a rád i dtaobh t'aiste den chor so ar
aon tslighe.
SEANDÚN.
* .i. Iaspar Mac Niocaill, Bolivia, san Aimeirice Theas, do bhuaidh an
chéad duais i nIomaidheacht a 30 san Oireachtas anuiridh. I nGraiméar Uí
Choindealbháin do céadchuireadh na ranna thuas i gcló.