Domhnall Gabha agus a Ingheanacha.
DIARMAID Ó hÉIGEARTAIGH
do scríobh.
Suas le deich mbliadhna is trí fichid o shoin, do chomhnuidh
Domhnall Ó Síocháin ar thaobh an bhóthair, breis agus míle amach ó
shráidbhaile beag cuain i gceanntair Phortláirge. Gabha a
b'eadh é, agus ní raibh i n-aice seacht míle dhó fear a chuirfeadh
crúdh fé chapall nó cite ar shoc céachta chomh slachtmhar leis.
'Na theannta-san, fear socair réidh ciallmhar do b'eadh é,
agus, dá mhéid é a bhruid, níor eitigh sé éinne riamh. Thug so an
iomarca le déanamh dó moch déidheanach, i lár an gheimhridh agus
i meadhon an tsamhraidh ghil. B'shin é bhí uaidh, agus bhraith sé é
féin ag déanamh ar a thoil.
Bhí bean fuaghála tuairim leath slighe ó n-a cheárdchain go dtí
an sráidbhaile, agus leath-dhosaon éigin cailíní ar seól ag obair
aici ó cheann ceann na bliadhna. 'Na measc so bhí óigbhean dar
bh'ainm Sighle Ní Chatháin - cailín gan bheith ró-árd ná ró-theann,
acht í go deas éadtrom seóltha, lasadh fola 'na gruadh, agus
gruaig fhada dhonn ag sileadh le n-a cúl, i gcás gur bh'í an
"Cailín Deas Donn" dá ríribh í.
Do luadhadh cleamhnas idir í féin agus Domhnall Gabha, agus
i gcionn coicthidhis do pósadh iad.
Sular phós sé, bhí Domhnall ar lóisdín i dtigh feirmeóra;
acht tar éis pósta dhó, chuaidh sé isteach go tigh mháthar a chéile
faid a bhí tigh ghá thógaint do féin i n-aice na ceardchan. Ní
túisce bhí díon ar an dtigh nuadh 'ná go ndeachadar chun comh-
nuidhthe ann. Lean Domhnall ar a chéird go críochnamhail síbh-
ialta, agus thosnuigh Sighle ar fuagháil. Dá fheabhas é Domhnall
chum customaerí a tharrach chuige, níor bhfearr é 'ná Sighle, agus,
dá bhithin sin, ní raibh sos lae ná oidhche ar cheachtar aca, acht ag
síorobair agus ag síorthuilleamh. Mar seo do chruinnigheadar
dolús maith airgid, i gcás go rabhadar ar chaoi mhaith chum scol-
uidheacht a thabhairt dá gcloinn.
Bhí cúigear clainne aca - beirt mhac agus triúr inghean. B'é
leonughadh Dé nár mhair na garsúin, agus chuir soin breis ceana
aca ar na cailíní. Cáit do b'ainm don chailín ba shine, Nóra an
dara cailín, agus Sighle an ceann a b'óige. Tháinig na garsúin
idir Cháit agus Nóra, agus leis sin bhí leathdhosaon éigin
bliadhna eatortha.
Níor labhair a n-athair focal Béarla ar feadh a shaoghail -
siúd is gur thuig sé go maith é - agus ní raibh gábhadh aige leis,
mar ná raibh acht Gaedhilg dá labhairt sa cheanntar soin le linn
a ré. Níor mhar sin dá máthair. Siúd is ná raibh an Béarla ró-
mhaith aici, bhí an-dhúil aici ann; agus, dá mhéid an dúil bhí aici
féin ann, budh sheacht mó an fonn a bhí uirri é a mhúineadh dá
ingheanachaibh. Ar éigin a labhair sí focal Gaedhilge riamh le
duine aca - cé gur bh'fhearr go mór a cuig Gaedhilge 'ná a cuid
Béarla.
Ní raibh Cáit na cúig bliadhna glan nuair seóladh ar scoil í,
agus ba mhaith é a gnó ann. Bhí sí n-a leanbh deas umhal, so-
fhoghlumtha, solusmhar, sláinteamhail; agus toghadh na haire aici
ó n-a máthair agus ó'n mháighistreás. Is annamh a labhradh a
hathair léi, mar bhíodh sí n-a codladh sul a thagadh sé ó'n gceard-
chain gach oidhche, agus bhíodh sé imthighthe sul éirigheadh sí ar
maidin; acht pé comhrádh bhíodh aige léi is i nGaedhilg a deintí é,
agus, dá dheascaibh sin, ní raibh sí gann sa Ghaedhilg acht chomh
beag leis an mBéarla.
Toisc í bheith chomh mór sin níos sine 'ná an bheirt eile, ba
chuma í nó máthair dóibh; agus pé focal a labhradh a n-athair leó,
do fhreagradh sise é. Mar bhárr ar an bhéas so, níor dhein an bheirt
óg aon taithighe den Ghaedhilg, agus, siúd is go dtuigfidís go
maith í, ní rabhadar i n-ann í labhairt acht go breallach.
Dá óige cuireadh Cáit ar scoil, b'óige 'ná san do cuireadh
an bheirt eile ann. Bhí sise mar ghiolla aca, agus an fhaid bhíodar
ar scoil ní rabhadar ag déanamh leathlámhtha dá máthair. Ní
fheacaís aon nídh riamh ba dheise ná ba ghleóite 'ná an triúr ag
gluaiseacht ar scoil gach maidin. Ní bhíodh ribe gruaige bunos-
cionn, ná biorán i n-ionad cnaipe, ná sál cam fé bhróig duine
aca ó Lá Coille go Lá Nodlag. Bhíodh tosach na scoile ar
maidin aca agus tosach na ranng um thráthnóna.
Leanadar mar seo rith na haimsire bhíodar ar scoil, agus,
nuair bhíodar n-a ngirrseachaibh sgothfhásta, théidís ar scoil
rinnce cúpla tráthnóna sa tseachtmhain feadh an tsamhraidh, tar-
éis a ndinnéir. Níor bh'fhada go raibh léigheann agus rinnce agus
ceól aca; agus gan amhras bhíodar oilthe ar an bhfuagháil. Níor
bh'fhearr chun ceachtair aca so iad 'ná chun freastail tighe agus
ullamhughadh bídh. Bhí bród mór ar a máthair n-a dtaobh, agus
bhíodh sí go mustarach asta; agus, siúd is ná leigeadh sé aon nídh
air, bhí Domhnall gach aon bhlúire chomh áthasach n-a dtaobh.
Ní túisce stad cáit ó scoil 'ná luigh sí isteach chum fuaghála
i dteannta a máthar; acht d'fhan Nóra agus Sighle ar scoil go
rabhadar n-a gcailíníbh óga beagnach.
Ní raibh idir tigh na scoile agus bearraic na gconnstábla
acht an falla, agus ní raibh aon fhaithche ag dul leis an scoil, i
gcás gur ar an mbóthar ós comhair na scoile agus an bhearraic
amach bhíodh a gcuid caitheamh aimsire age sna scoláiríbh um
meadhon lae. Rud eile, bhí an bhean chonganta a bhí sa scoil pósta
ag an Sáirseant. Thug an dá nídh seo caidreamh mór ag na
páisdíbh ar na connstáblaibh. Ní raibih puinn le déanamh ag na
connstáblaibh acht siubhal na mbóithre agus ag pléarác le mnáibh
óga, pé áit go mbuailfidís n-a dtreó. Ba mhinic a bhuail duine
nó beirt aca uime Nóra agus Sighle agus iad ag teacht ó scoil,
agus is dócha go mbíodh "gach-re-seo" anois is arís aca.
Áit an-dheas cois fairrge b'eadh an sráidbhaile seo, agus is
beag na daoine thagadh go Portláirge, ná go Dún Garbháin, ná
go Tráigh Mór,, ar laetheannta saoire, ná téigheadh ann chum
spóirt agus caitheamh aimsire.
Ní hannamh bhíodh long chogaidh ar slabhra i gCumar na dTrí
nUisce agus na márnéalaigh ar fuaid na cúntaethach go scléip-
each caithteach aerach. Thagaidís ós gach cuan sa chonntae go dtí
an áit seo d'aonghnó, chum srian a leigint le na dtoil - ag ól,
is ag amhrán, is ag damhas, agus ag troid anois is arís. Is minic
bhíodh os cionn dáfhichid duine aca i dteannta a chéile ann. Agus
nách aca bhíodh an clisiam agus an gleó. Ní raibh aon locht le
faghál ag lucht na dtighthe tábhairne ortha. Chaithidís a gcuid
airgid go bog ar ól agus ar bréagánaibh, agus théidís fé dhéin
na luingeas um thráthnóna. Ní chuiridís garrabhuaic ar éinne,
agus chuiridís spríos mór sa tráchtáil an fhaid a bhídís ann. Dá
dheascaibh sin, bhíodh fáilte rómpa nuair thagaidís agus cathughadh
n-a ndiaidh nuair imthighidís. Chífeá scata leanbh ag rith n-a
ndiaidh agus ag imirt ortha, agus iadsan ag ceannach mílseáin
agus seóiníní, agus ghá dtabhairt do sna leanbhaí. Agus, go
deimhin, ní hiad na páistí amháin a chuireadh suim n-a ngeáitsíbh:
bhíodh a súil i n-áirde age sna mnáibh óga ná bhíodh ró-bhruid-
eamhail ag braith ar spórt bheith aca ar na "Jolly Tars".
San am soin ní raibh aon chosc ar ólachán Dé Domhnaigh, agus
is ar an Domhnach a dheineadh na tighthe tábhairne an tráchtáil is
mó ar an lionn dubh agus ar an mbiotáille. Tar éis Aifrinn,
d'fhanadh na fir óga, na mná óga, agus cuid de sna seandaoine
ag cainnt, is ag ól, is ag gabháil amhrán, is ag rinnce, furmhór
den lá. Seanbhéas b'eadh é seo bhí san áit leis na ciantaibh.
Agus, nuair bhíodh máirnéalaigh sa chomharsanacht, ní raibh teóra
leis an "rírá" bhíodh ann. Bhíodh píobaire amuigh ar an dtráigh,
agus pátrún aige. Bhíodh "Sean Bhiddí," agus a bóirdín cruachta
le mísleánaibh agus le hubhlaibh agus le spiúnánaibh aici, fé
scairt, ag casadh an bhóthair, le hais na trágha; agus ní díomhaoin
bhíodh sí ann. Geallaim-se dhíbh gur 'mdhó pinginn ruadh agus
tuistiún agus leathréal gheal théigheadh sa "sparán buidhe" úd
bhí aici, ó n-a dó dhéag go neóin, gach Domhnach is lá saoire rith
an tsamhraidh.
Níor stad Nóra agus Sighle ó scoil go rabhadar ós cionn sé
bliadhna déag d'aois; acht ní túisce stadadar 'ná mar thosnuigh-
eadar ar an bhfuagháil i dteannta a máthar. Bhíodar deaslámhach
ar an ngréis agus ar an gcnotáil chomh maith leis an bhfuagháil.
Bhí cuid mhaith le déanamh ag á máthair, acht, má bhí féin, nuair
rug cabhair na beirte óga uirthi, do fhéadfadh an ceathrar tuill-
eadh a dhéanamh. Theastuigh tuilleadh slighe uatha.
Bhí gréasaidhe 'n-a chomhnuidhe ag an gcúinne ag bun Sráid an
Teampaill, agus b'é leónughadh Dé go bhfuair sé bás. Tar éis
bháis dó, do dhíol a bhean an tigh beag agus d'fhág sí an áit ar
fad. Cheannuigh an gabha an tigh ar dhá phúnt déag ar fhichid, agus
shocruigh é i bhfoirm siopa, agus chuaidh Cáit chum gnótha ann.
Siúd is go rabhadar ar a dtoil, ní raibh an iomarca den acmhuin
aca; rud eile, ní raibh aon eólas ag na cailíníbh ar dhíol agus
ceannach. Dá dheascaibh seo, ní raibh ag Cáit sa siopa acht
nidhthe beaga suaracha - mísleáin, tobac, té is siúicre, bábóga,
éadach naoidhnáin, stocaí, agus rl. Acht ní raibh sí ag braith ar an
siopadóireacht amháin; chuir sí chuichi an fhuagháil n-a theannta.
Ba ró-ghearr go raibh dóthain beirte le déanamh aici, agus bhíodh
ceann éigin de sna deirbhshéaracha n-a teannta gach seachtmhain.
Dá fheabhas í an mháthair, b'fhearr 'ná soin na hingheanacha chun na
daoine a tharrac ortha. Bhíodh siopa beag Cháit Ní Shíocháin lán
gach Domhnach agus lá margaidh, agus laetheanta nách iad. D'fhág-
adh na mná tighe na boscaedí agus na pithilíní ar coimeád aici;
théigheadh na fir ar lorg an tobac ann; théigheadh na cailíní óga
chum a ngúnaí agus a seacaodaí fhagháil déanta ann; agus théigh-
eadh na páistí ag ceannach na milseán ann.
Dá mhéid an brughadh bhíodh ann tar éis Aifrinn, bhíodh sé go
léir i leathtaoibh i gcomhair a dó a chlog, agus is ró-bheag a
deintí ann as soin go brise suas an phátrúin im thráthnóna.
Tugadh an sos soin cead faisc do Nóra agus do Shighle - mar
bhídís araon ag cabhrughadh le Cáit na laetheannta bruideamhla -
feadh an chuid is mó den lá ó aimsir dinnéir anuas. Agus
geallaim-se dhíbh ná caillidís puinn den spórt bhíodh ar an
dtráigh. I dtaobh Cháit féin, coinghibheadh an siopa istigh í, agus,
pé aca bhí dúil sa spórt aici nó ná raibh, ní bhfaghadh sí faill air.
An Domhnach, an t-aon lá bhí ag Domhnall saor ó bhruid, agus
blúire moilleach, ní dheineadh sé tar éis breacfaist acht bualadh
síos go tigh Cháit agus fanamhaint ann go gcloisfeadh sé clog
an Aifrinn. San am soin bhíodh cúrsaidhe na seachtmhaine curtha
tré chéile aige féin agus Cáit, agus is annamh dheineadh sé aon
mhoill tar éis Aifrinn, acht a aghaidh a thabhairt lom díreach ar a
theinteán féin. Coinghibheadh sé cú i gcomhnuidhe, agus ní túisce
bhíodh greim dinnéir ithte aige 'ná bhíodh sé féin agus an chú ar an
gcasán ag triall ar chnoc na gcoiníní. Nuair bhraitheadh sé
tuirseach é féin, shíneadh siar ar an bháinteán agus lasadh sé a
phíopa agus thógadh sé gal ar a sólástacht.
Nuair ná bíodh éinne chúichi ná uaithi, agus badh annamh soin,
téigheadh Sighle Ní Chatháin síos ag féachaint ar an spórt agus ag
cainnt leis na cailíníbh; acht, má théigheadh, ní fhanadh sí i bhfad -
mar nár mhaith léi an glas bheith ar an ndoras roimh Dhomhnall ar
filleadh a-bhaile dho. Go deimhin, ní hamhlaidh a bhíodh, acht a shuip-
éar ar bhord roimis, agus teine dheas shoillseach ar an dteinteán
ag cur fáilte a-bhaile roimis. Pé aca Nóra nó Sighle bhíodh chun
fanamhaint sa bhaile an tseachtmhain 'na dhiaidh, badh thúisce sa
bhaile í 'ná a hathair gach tráthnóna Domhnaigh, agus níor bh'fhios
cia aca budh mhó ná budh dheise scéalta thar éis an lae -
Domhnall agus é ag trácht ar Scuaibín agus ar na coiníníbh,
agus a inghean ag cur síos ar chaitheamh aimsire an tSráidbhaile.
Badh chuma iad nó triúr leanbh le clisiam cainnte agus scitir-
eacht gáirí ó aimsir suipéir go ham codlata.
Lean an cúrsa mar seo aca ar feadh cúpla bliadhain thar éis
an siopa a cheannach, agus, má lean, bhí an siopa ag dul i méid
de réir mar a bhí eólas ag teacht do Cháit san ngnó, agus thóg
sí isteach cailín beag bocht den tsráid mar sheirbhíseach, chun
freastail an tighe a dhéanamh agus chun dul anonn is anall ar
lorg nidhthe do theastóghadh uaithi. Ba mhaith seóltha an cailín
beag í. Ba ghearr amuigh í nuair a cuirtí ar theachtaireacht í,
agus ba chruinn ghasta a dheineadh sí a gnó. Dhéineadh sí a gnó
comh maith soin nár ghábhadh dá maighistreás éirighe ó n-a gnó féin
ó dhearg-mhaidin go meadhon oidhche. Bhíodh sí féin agus a dearbh-
shiúr go moch déidheanach n-a bhun, agus ní ghlaoidís scíth acht
tamall beag gearr um thráthnóna tar éis dul na gréine faoi.
Théigheadh Cáit ag féachaint a máthar uaireanta, agus uair-
eanta eile théigheadh sí féin agus an cailín eile ag siubhal leath-
mhíle nó b'fhéidir míle de ghainimh na trátha. Bhíodh gábhtar aca
leis an aeridheacht so tar éis obair an lae, agus is ró-áluinn a
théigheadh dé dhóibh. Bhaineadh an siubhal an tuirse as na cnámhaibh
aca, agus sciobadh gaoth ghlan úr na fairrge an duairceas léi.
Bhíodar calma lúthmhar láidir, mar ba dhual dóibh ó n-a n-athair;
agus bhíodar dathamhail sciobtha mánla, mar ba dhual dóibh ó n-a
máthair. Bhí meas age gach éinne ortha, agus is maith bhí sé
tuillte aca. Dá mbeadh seanbhean nó páiste breóidhte sa comh-
arsanacht, níor mhó leó biorán 'ná fanamhaint ag bainisteóir-
eacht ortha oidhche nó dhó sa tseachtmhain. Sár-bhuimí do b'eadh iad,
agus níor thug duine aca riamh oidhche ag tabhairt aire do dhuine
bhreóidhte ná gur mhaith leis iad a theacht arís agus arís eile.
Agus, siúd is gur ar a bpádh bhíodar ag obair, ní bheadh scoilt i
ngúna sean-mná ná poll i ndíonbhrollach cailín bhig ná cuiridís
greim ann.
Mhéaduigh an chionálacht so a gcáil, agus do tharraing sé
aghaidh na ndaoine chomh mór soin go raibh an siopa agus an
fuagháil ag fás go tiugh. Ní raibh léine do fhear nó do gharsún,
ná aprún do mhnaoi ná do chailín beag, nach ann dó cheannuighthí
é. Bhíodh na stocaí fada do lucht na mbrístí gearra, agus na
stocaí gearra do lucht na mbrístí fada, aca; bhíodh na plainíní
do sna daoine leicthe aca, agus an beaifití agus an línéadach
dóibh seo ná raibh eagla roimh bhrothal an tsamhraidh ná roimh shíon
an earraigh ortha. Is uatha a cheannuigheadh na connstáblaithe
agus na mairnéalaigh gach nidh do bhíodh d'easbha ortha. Nuair
thagadh an Domhnach agus bhíodh a phíob ar tarrac ag Donnchadh
Bacach, ní rinncfeadh connstábla ná márnéalach le aon chailín
eile an fhaid is bheadh Nóra nó Béb gan comráda. Béb a thugadh
a máthair agus a deirbhshéaracha ar Shighle. Ní raibh baoghal go
bhfágfaidhe n-a suidhe díomhaoin iad ag féachaint ar na rinnc-
eóiríbh.
Thuit Diardaoin Deasgabhála ar an naomhadh lé de Mheitheamh
an bhliadhain ba mó go dtáinig luingeas cogaidh Shasana go
cuantaibh na hÉireann. Bhíodar ar imeallbhórdaibh na tíre seo ó
thosach an Abráin go deireadh an Mheithimh. Feadh na haimsire
seo ní raibh Domhnach ná lá saoire gan os cionn fiche máirnéalach
sa sráidín bheag cuain seo. Ní túisce thángadar-san 'ná mar
tháinig Donnchadh Bacach le na phíb. Ba gh'roide de mhí, an chuid
is lugha dhe, cruinniughadh an phátrún an bhliadhain sin 'ná mar a
chruinnigheadh sé bliadhanta eile. Na fir óga ná bíodh ag rinnce
bhídís ag báire, ag léimnidh, ag caitheamh chloch, agus i bhfeidhil
cleasa lúith nach iad. Is annamh thógadh na máirnéalaigh páirt is
na cleasaibh lúith seo; nuair ná bídís ag rinnce, bídís ag ól, nó
ag siubhal na trágha agus ag cainnt le mnáibh óga. Go mion is
go minic feadh na haimsire seo do chífidhe scriosúnach de
mháirnéalach óg agus óigbhean leabhair chúmtha dhathamhail áirithe ag
cainnt le chéile, ag rinnce le chéile, agus ag siubhal na trágha
le chéile. Sasanach do b'eadh an máirnéalach, agus, d'réir
dheallramh, ní raibh sé na fiche bliadhain fós. Fear árd díreach
leathan-ghuailneach b'eadh é, agus dhá scruid ar mhuinchille a chas-
óige, ghá dheimhniughadh gur oifigeach é. Bhí an teanga go líomhtha
aige, agus níor bheag a néatacht acht mar dheineadh sé rinnce.
Siúd is gur togha ceóltóra Donnchadh ar rinncibh Gaedhlacha -
agus bhí sé chomh hoilte ar an bheidhlín agus bhí sé ar an bpíb - ní
raibh puinn den cheól ghallda aige; agus, dá dheascaibh sin, is
minic thugadh sé an bheidhlín do "Mhiostur Bhueldon" chum na
"Leansars" nó stranncán éigin eile gallda do sheinm dóibh
seo bhíodh ag damhas. Uilliam Bhueldon dob' ainm don ghaiscidh-
each óg so; agus ní túisce thógadh sé an bheidhlín ó Dhonnchadh 'ná
go gcloisfidhe cailín óg annso agus girrseach bheag annsúd ag
rádh:
"Come out for a half-set. Willie Weldon is playin' the
"Lancers"."
B'é Bhuillí seo an máirnéalach óg úd ag a raibh na scruidí
(nó "stripes an raiting") ar a mhuinchille.
'Seadh! Acht ciar bh'í seo a cítí ag cainnt leis, ag rinnce
leis, agus ag siubhal leis chomh minic sin? Is ar éigin gur gábhadh
dhom a rádh gur bhí Béb Ní Shíocháin í.
Tháinig long an Bhueldonaigh go Cumar na dTrí nUisce an
dá bhliadhan roimhe sin ar feadh achair bhig, acht ní raibh ann féin
acht smogán de gharsún, gan puinn suime i n-éinnídh aige acht sa
rinnce. Mar sin féin, bhí aithne aige ar Bhéb agus ar a beirt
dhearbhshéar, agus bhí aithne aca-san air. Do dhein an "t-árdughadh"
fear de i n-aon bhliadhain amháin.
Is ar an naomhadh lá de Mheitheamh, naoi mbliadhna déag
roimhe sin, do rugadh Sighle Ní Shíocháin, i gcás gur b'é an Diar-
daoin Deasgabhála so luaidhte thuas an ficheadh cuimhniughadh
bliadhna ar a geineamhain. Bhí mórdháil mhór uirthi n-a thaobh, agus,
dá dheise agus dá oireamhnaighe bhíodh sí gléasta i n-éadach roimhe
sin, ní raibh culaith riamh uirthi chomh breagh leis an gculaith nuadh
fuair sí i n-onóir don ocáid seo. Bhí sí ag an bpátrún um
thráthnóna, mar ba ghnáthach. Do rinnc sí le Bhuillí Bhueldon,
do dhamhas sí na "Leansars" leis, agus do shiubhladar leathmhíle
den dtráigh le chéile gan duine chúcha ná thársa. Pé nídh adubhr-
adar nó ná dubhradar le chéile sa siúbhlóid dóibh, ba sheacht
minicí Bhueldon sa siopa - ar lorg tobac, nó píopa, nó rud
beag éigin eile - ar feadh na dtrí seachtmhainí ina dhiaidh sin do
fhan a long ar imeallbhórd Phortláirge 'ná roimhe sin. Ní im-
thigheadh an darna lá gan luach pingne éigin ag teastáil uaidh;
agus dá ránóghaidh ná beidh Béb i mbun an tsiopa, d'fhanfadh sé
ag righnfheartáil i n-aice na háite go mbeadh "cionnus taoi"
aige léi.
Protestúnach do b'eadh é; acht, má b'eadh féin, níor mhó leis
biorán 'ná dul isteach sa tséipéal feadh an Aifrinn. Níor chuir
creideamh ná paidreacha puinn garrabhuaic air. Comhluadar
agus spórt agus dul chun cinn a theastuigh uaidh. Roimh Aifreann
an Domhnach na dhiaidh soin, bhí sé sa tsiopa ag cainnt le Béb
nuair tháinig Domhnall isteach, agus láithreach bonn d'iarr sé
únsa tobac agus bosca lasán, agus chomh luath i nÉirinn agus
tugadh dó iad d'fhag sé an áit.
Níor chuir Domhnall aon tsuim ann, mar ba bheag é a mheas
ar mháirnéalachaibh nó ar chonnstáblaibh. B'fhearr leis go mór
trácht a chloisint ar ghnóthaibh Dhomhnaill Uí Chonaill, nó ar
bhuidhin "Éire Óg". An chéad Domhnach eile tháinig Domhnall, bhí
an máirnéalach roimhe arís - píopa a cheannuigh sé an turas so.
An tríomhadh Domhnach, bhí sé arís ann, agus bhí sé féin agus Béb
chomh doimhin sin sa chomhrádh nár mhothuigheadar ag teacht an gabha
go ndubhairt sé:
"Dia dhíbh ar maidin!"
Phreab an bheirt, agus do fhreagradar:
"Good mornin', sir."
D'imthigh sé thársa isteach go dtí an chistin, agus do shuidh ar
chathaoir i n-aice na teine, agus do chrom ar chainnt le Cáit bhí 'á
gléasadh féin i gcomhair an Aifrinn. Tháinig Sighle isteach i gcionn
chúpla nóimeat agus luisne maith fola n-a gruadh.
"Cad é gnó an bhrealláin máirnéalaigh sin annso gach
maidin Domhnaigh?" arsa a hathair léi.
"'Tis here he buys his tobacco, sir," ar sise, dá fhreagairt,
agus suas an staighre léi, i gcás ná cuirfeadh a thuilleadh ceist-
eanna chúichi mar gheall ar an mháirnéalach.
Ní dubhairt Domhnall a thuilleadh, acht leanamhaint ar a
chainnt le Cáit.
Is air do bhí an iongna, ar dhul isteach sa tséipéal do ar
ball, nuair chonnaic sé Bhueldon ar a ghlúinibh istigh roimis. Thar
éis Aifrinn, thárla go raibh sé féin agus Nóra ag teacht abhaile
le chéile, agus 'sé an chéad fhocal do labhair sé:
"Shíleas go dtí indiu gur Protestúnach an breallán máir-
néalaigh úd go bhfuil na strípes air, acht chím anois nach eadh."
"He is then, sir, a Protestant," arsa Nóra.
"Agus nách é bhí ag an Aifreann indiu," arsa a hathair.
"'Tis, indeed," arsa Nóra, "but those Protestant sailors
don't care where they go to pray, but to go with the crowd."
"Ó! má's mar sin aige é, is deas an saghas é," arsa
Domhnall.
Do fhágadar mar sin é, agus thairngeadar rud éigin eile
chúcha.
"Is dóigh liom go dtriallfaidh mé na prátaí nua indiu,"
arsa Domhnall. Bhí blúire beag de gharraidhe aige ag beinn na
ceardchan. "Dubhairt do mháthair go bhfuair sí cúpla cnaist
mhaith ramhar i ndiaidh na gcearc indé. Abair le Cáit agus le
Sighle an doras a dhúnadh ar ball, agus teacht aníos chun din-
néir. Do dhearmhadas ó chianaibh é nuair bhíos ag cainnt leo."
"That'll be grand; and won't they be delighted," arsa
Nóra. "I didn't hear that anyone round dug them yet."
B'fhíor do Nóra é; bhí áthas an tsaoghail ar na cailíní eile
nuair innis sí dhóibh cad dubhairt a n-athair.
Blúire moilleach níor dheineadar, acht, chomh luath i nÉirinn
agus bhí rudaí curtha i leathtaoibh aca, iad féin do ghléasadh agus
bualadh aníos chun tigh a n-athar. Bhí sé díreach ag teacht amach
doras na ceardchan, agus ránn agus sceitheóg n-a láimh aige,
nuair chonnaic sé chuige aníos an triúr.
"Seadh!" ar seisean, "níor fhanabhair ró-fhada."
"Níor fhanamair," arsa Cáit; "budh mhaith linn na prátaí a
fheicsint ghá mbaint."
"Siubhlaidh libh anois, ma's eadh," adubhairt a n-athair, "agus
chífidh sibh ghá mbaint iad."
"Wait a miniteen," arsa Sighle, "till I get mother's apron,
and I'll pick 'em."
Sin mar bhí. Ba ró-ghearr an mhoill uirthi rith isteach agus
aprún a máthar fagháil agus filleadh thar n-ais. Chuadar isteach
sa gharraidh beag, agus níor bh'fhada go raibh sceitheóg de phrát-
aibh breaghtha bainte aca. Thugadar isteach iad, agus thesbeán-
adar dá máthair iad. Is uirthi bhí an mhórdháil n-a dtaobh.
"Ní fheaca a leithéidí riamh um an dtaca so bhliadhain," ar
sise, agus í dhá n-iompáil agus ag féachaint ortha.
"Is annamh a chonnaicís ná éinne eile a leithéidí an dara lá
thar éis lae Fhéile Seagháin," arsa Domhnall, ag baint crothadh
as a cheann.
B'fhéidir, an lá soin, ná raibh líon tighe sa pharóiste ba lugha
buaidhirt aigne agus ba mhó compórd 'ná líon tighe Domhnaill
Uí Shíocháin. Bhíodar subháilcech sítheóilthe grástamhail agus
ceanamhail ar a chéile. Bhí tigh deas feistithe cluthar aige féin
i n-aice na ceardchan; bhí obair a dhóthain agus fuighlach le
déanamh aige ó mhaidin Dia Luain go meadhon oidhche an tSath-
airn; bhí gnó an tsiopa ag méadughadh, idir fuagháil agus trácht-
áil; agus, rud do b'fhearr 'ná ceachtar aca, bhí meas agus cion
ag á chomharsanaibh ortha.
Fuair loingeas Shasana órdughadh a gcáblaí a tharrac isteach,
agus a n-aghaidh a thabhairt ar an Muir Toirrian an céad lé de
Iúl. Ní bheag an radharc acht an fothraga bhí ar na máirnéalaigh
agus ar na captaenibh ar feadh trí nó ceathair de laetheantaibh
roimh ré, ghá ngléasadh féin i gcomhair an bhóthair. Dá mhéid é a
mbruid, níor dhearmhad Bhuillí gan teacht chun "slán" a fhágaint
ag na Miss Sheehans, agus "mar bheadh an uibh ar an aithne,"
b'í seo seachtmhain Shighle ag an siopa i dteannta Cháit. Bhí trí
bliadhna curtha isteach aige ar chóstaibh na hÉireann agus na
Breatan, agus anois bhí air trí bliadhna eile a thabhairt ar na
cóstaibh iasachta, gan filleadh ar imeallbhórdaibh na nOileán so.
Thug na nidhthe seo adhbhar cainnte dhó ar feadh uair a chluig nó
dhó, agus b'aisteach iad cuid des na ceisteannaibh a cuireadh
chuige ar feadh an méid sin aimsire; acht ní gábhadh cur síos
ortha. Bhí freagra aige-sean don uile cheist. Badh dhóigh le
duine air gur faoi bhí stiúradh luingeas Riaghaltais Sasana, bhí
an oiread sin téarmaí agus leigint air aige. Fé dheireadh,
d'fhág sé slán aca agus d'imthigh air fé dhéin a luinge. I gcionn
an dó déag ambáireach bhí a raibh de luingeas Shasana i gcuan-
taibh na hÉireann, i n-aon truithlinn amháin, ag cur díobh ó dheas
i ndiaidh a chéile.
D'imthigh an tseachtmhain sin agus bhí Sighle an tseachtmhain i
n-a dhiaidh ag obair le n-a máthair, agus bhíodar ana-bhruideamhail.
Bhí an tEasbog le bheith sa Pharóiste i gcionn trí seachtmhainí ag
cur na n-aos óg fé láimh Easboig, agus bhí culaith nuadh ó gach
nduine aca. Bhí cuid mhór desna culaithibh ar láimh ag Bean Uí
Shíocháin - cuid aca tosnuighthe, cuid aca leathdhéanta, agus
tuilleadh aca nách mór críochnuighthe. Ní raibh leathuair ón a deich
ar maidin go dul na gréine fé ná raibh duine éigin ar lár an
úrláir ag triaill gúna nua uirthi, chun ná beadh brabús, ná
frupa, ná leathtromaigh annso ná annsúd. Ní raibh ó chuid
desna gúnáibh acht na cnaipí agus an gréais a chur isteach.
Anois is arís, bhíodh ceann aca pas beag gearr nó b'fhéidir
beagáinín ró-fhada. Chuirtí fáthaim sa cheann bhíodh ró-fhada
agus leogtaí anuas beagán an ceann bhíodh ró-ghearr. Fágadh
na nidhthe beaga so go léir ar láimh Shighle, agus nuair
bhíodh an greim deireannach curtha aici, d'filleadh sí suas go
haireach an uile cheann aca i bpáipéar ruadh, agus chuireadh sí
ainm an té nur leis é amuigh ar an gclúdach. Ní raibh le déanamh
annsoin aici, nuair thiocfadh teachtaire ar lorg chinn aca, acht an
beartín do shíneadh amach. Sin mar bhí. Scaoileadh ar siubhal
dosaon éigin desna pithilíníbh seo ar feadh na seachtmhaine, acht
má scaoileadh, tugadh thar n-ais cúig cinn díobh i gcionn cúpla lá
no trí. I mbeirt aca so do tugadh thar n-ais bhí na cnaipí
curtha ar an dtaobh istigh den chabhail. Bhí ceann eile go raibh an
ghreis curtha ar ghualainn an mhuinchille chlé agus móirthiompall
uilleann an mhuinchille deis. Bhí fáthaim ar an gceathramhadh
gúna agus i n-inead é bheith mórthimcheall bun an sciorta, is
amhlaidh bhí sé ó bhuatais go scórnaigh síos suas i dtosach an
ghúna. Imreadh tuathalacht éigin eile ar an gcúigeadh ceann.
Má ba shuairc, ciúin, cneasta, í máthair Shighle, de ghnáth,
chuir an neamhshuim seo athrughadh gnúise uirthi. Bhí sí chomh cráidhte
sin nár labhair sí smiog le Sighle ar feadh leath an lae. Ní raibh
aon amhras aici cad a bhí ag cur aigne Shighle tré chéile. Chuir sí
uaithi an obair bhí idir lámhaibh aici agus do cheartuigh sí an chéad
cheann láithreach bonn, gan an teachtaire leogaint amach; acht
sara raibh an ceartughadh críochnuighthe bhí beirt eile taréis teacht
isteach - dá mbeadh feasóg uirthi badh dheacair í bhearradh um an
taca soin.
Do bhán agus do dhearg ar Shighle bhocht, agus ba bheag nár
tháinig laige uirthi. Chrom sí a ceann agus thóg sí an dara
bheirt, shocruigh sí iad gan puinn moilleach. Dá dtiocfadh an dá
ghúna eile an lá san, ní fios cad d'imtheoghadh uirthi. Acht ní raibh
leigheas air anois acht an scéal is fearr a dhéanamh de. Bhraith
Domhnall neamhfonn éigin ar an dá Shighle nuair tháinig sé
isteach chun dínnéir, acht shíl sé gur bh'é bruid na hoibre bhí ag
goileamh ortha, agus níor leog sé éinnídh air. Bhí an t-aos ag
druidim leis féin anois agus ní réidhtigheadh áirneán ná moch-
éirighe chomh maith leis agus réidhtghidís nuair bhí sé óg. Chuir
tuirse agus fonn codlata ó phuinn suime a chur ins na mnáibh é
taréis a shuipéir, agus d'imthigh an tuaiplis gan focal mar gheall
air a dhul n-a chluasaibh.
An tseachtmhain na dhiaidh sin bhí Nóra i dteannta a máthar
agus Sighle i dteannta Cháit. Tháinig litir ó "Mhiostar
Bhueldon" i lár na seachtmhaine n-a dhá cuid. Thug Sighle an
chéad chuid le léigheadh do Cháit agus chuir sí an dara cuid 'na
póca. Ní raibh coigthigheas as soin amach ná faigheadh Sighle
litir ó Bhueldon chun gur shroich sé na háiteanna abhfad ó bhaile,
agus annsoin thagadh ceann i n-aghaidh an mhí uaidh. D'imthigh
bliadhain mar seo, agus lean an darna bliadhain í, agus níor
bhraith éinne buadhairt ná trioblóid aigne ar Shighle. Ní théigheadh
sí chun an Phátrúin acht go feile-annamh. Thagadh na litreacha
anois is arís. Gheibheadh Cáit le léigheadh iad, mar'dheadh, acht
bhíodh an darna giota i ngach litir aca - giota ná feiceadh
súil acht amhain súil Shighle féin.
Bhí fhios age sna mnáibh go léir go raibh na litreacha ag teacht
ó Bhueldon, acht, toisc an lagmheas bhí ag an ngabha ar éinne bhí i
seirbhís Shasana, níor innseadar focal dó mar gheall ortha.
Mar dubhart cheana, bhí caidreamh ar na connstáblaibh aca ó
bhíodar 'na leanbhaí beaga ag dul ar scoil, agus pé fuagháil
bhíodh le déanamh ag mnáibh na bhfear pósta bhíodh sa bhearraic, is
í Cáit gheibheadh le déanamh é. Dhá dheascaibh sin do lean agus
do mhéaduigh an caidreamh. Nuair ná bíodh aon bhruid eile ag
glaodhach ortha théigheadh na spiosáin óga ag caitheamh aimsire
leis na cailíníbh - mar is annamh bhíodh siopa Cháit gan cailíní
óga eile seochas í féin agus a dearbhshéaracha. Siúd is go
mbíodh Cáit síbhialta leó, níor mhó meas a hathar ná a meas-san
gach aon lá riamh ortha. Níor mhar sin ag an mbeirt óga é: bhí
dúil mhór aca i ngach-ré-seadh anois is arís leó.
Thar éis fagháil na litreach tosaigh ó Bhueldon ní dheineadh Sighle
puinn comhrádh leó acht chomh beag le Cáit; acht bhíodh Nóra ag
clisiam agus ag "seadh mhuise 'neadh mhuise" leó nuair
theangmhaidís léi. Bhí Domhnall dall ar aon chaidreamh ar aon
chor bheith ag a chlainn le máirnéalaigh 'ná le connstáblaibh. Agus,
siúd is gur mhaith leis Cáit fhagháil pósta, ní raibh aon tsúil aige
le n-a dhóthain airgid fagháil ná a dhéanamh chun bunudhas a chur
ar na cailíníbh eile 'na diaidh. Labhair sé léi mar gheall ar mhac
feirmeóra gur bhraith sé beagán airgid bheith aige, acht sé an nídh
dubhairt Cáit - "tá aimsir mó dhóthain agam fós." Ní dheaghaidh
sé níos sia.
Um an taca so, bhí na trí bliadhna nách mór caithte ag
Bhueldon amuigh, agus bhí na litreacha ag teacht níos minicí.
Árduigheadh céim eile é an fhaid bhí sé amuigh. Bhí sé le mí
fhagháil ar a thoil féin nuair shroichfeadh a long Pórtsmut, agus
níor bh'fhios cad dhéanfadh sé feadh an mhí seo. B'fhuraiste a
aithint ar Shighle go raibh sí ag dul i méardamhlacht. Is minic
oidhche ná codladh sí néall go dearg-mhaidin, agus, tar éis
éirighe dhi, bhíodh sí ag méanfuigheach go dtí aimsir breacfaist.
Fé dheireadh, shroich long Bhuillí Pórtsmut, agus an lá n-a dhiaidh
fuair Sighle litir ghá chur i n-umhail di go raibh sé le bheith i
nÉirinn an Sathairn n-a dhiaidh sin, dá mbadh beó dhó. Anois,
b'fhéidir, go raibh a smaointe tré chéile. Cad badh cheart di
dhéanamh? An inneósadh sí dá muinntir cionus bhí an scéal idir
í féin agus Bhueldon? Nó an bhfanfadh sí go dtiocfadh sé i
láthair? Má bhí fonn is faitchíos ar dhuine riamh, bhí sé ar Shighle
anois. Fé dheireadh, cheap sí ná inneosadh. Rinne sí a dicheall
gan leogaint uirthi go raibh fhios aici go raibh sé ag teacht i
n-aon chor. Acht bhí an méard ró-mhór ag cur uirthi, agus um
thráthnóna Dia hAoine bhris ar an bhfoidhne aici.
D'innis sí do Cháit go raibh long an Bhueldonaigh tar éis
teacht go Pórtsmut, agus go raibh sé féin le teacht 'á bhfeicsint
an lá n-a dhiaidh. 'Seadh! chuir so fonn cainnte ar Cháit, agus,
sa chomhrádh dhóibh, d'admhuigh Sighle dhí go raibh geallamhna pósadh
idir í fhéin agus Bhueldon; acht chuir sí na geimhleacha cruadha
uirthi gan smiog a leigint as a béal mar gheall air an dtigh a
ghléasadh suas agus an uile nídh a chur i dtreó i gcomhair cuire
an duine uasail.
Cia bhuailfeadh an doras isteach chúcha i lár na bruide acht
Nóra. Bhí iongnadh uirthi cad chuige an sciomracháil. Dá mbadh
tráthnóna Sathairn é, ní bheadh aon iongnadh uirthi.
"What's up," ar sise leó, "that ye're tidying up to-night?".
Níor labhair éinne den bheirt.
"Sure to-morrow is only Saturday," ar sise an darna
hiarracht leó.
D'fhéach Cáit ar Shighle.
"Willie Weldon is home on holidays, and is coming to see
us to-morrow," arsa Sighle, go ciúin réidh, agus le linn na focail
seo rádh do mhéaduigh an luisne agus do shleamhnuigh osnadh beag
uaithi. Thug Nóra fé ndeara an osnadh, agus dubhairt, ag
smigireacht gháirí:
"There's something behind that sigh, Babe."
"Time will tell," arsa Cáit, go háilteórach. "She is goin
to leave us behind."
"Wisha, what harm!" arsa Nóra, agus gan fhios aici
cionnus a bhí an scéal.
Pé nídh theastuigh ó Nóra fuair sí é, agus ar imtheacht di,
dubhairt:
"I'll find some excuse to come down to-morrow evening;
don't let him go till I come."
Seadh! pé báidh bhí ag bean an ghabha leis an ngalántacht, bhí
fhios aca go léir ná raibh aon báidheamhlacht ag an ngabha féin
leis. Dá bhithin sin, ní raibh fonn ar éinne aca innsint dó go
raibh Weldon le teacht ar cuaird chúcha.
Ar an mbóthar a-bhaile dhí bhí Nóra "ag cur 's ag cúiteamh"
léi féin cionnus fhéadfadh sí slighe fagháil nó leathscéal a cheapadh
chun cead teacht anuas fagháil um thráthnóna ambáireach. Ní
bheadh aon fhéachaint n-a diaidh ag á hathair, acht cionnus fáth a
gnótha a cheilt óna máthair ní raibh innti a dhéanamh amach. Leis
sin ní raibh slighe as aici acht a innsint dá máthair go raibh an
duine uasal le teacht, agus cead d'iarraidh chun teacht ag
cainnt leis. Bheadh a hathair ag obair sa cheardchain agus ní
bheadh fhios aige cad é a gnó. Pé aca sa cheardchain nó as dó,
ní raibh aon chur isteach aige ar bhainisteóireacht na mban.
Ní raibh sa bhaile roim Nóra acht a máthair. Thug so uain di
chun teacht an mháirnéalaigh a nochtadh dhi. Ar dtúis bhí iongnadh
ar a máthair, acht nuair bhí beagán comhrádh aca ar an gcúrsa,
níor chuir sí puinn suime ann; nó má chuir níor leog sí uirthi é -
b'fhéidir gur mheas sí gur mhaith an cliamhain oifigeach i máirnéalas
na Banríoghna!
Tháinig an Satharn agus tháinig Nóra acht ní tháinig Bhueldon
ná aon scéala uaidh. Bhí súil leis feadh an lae, agus ba bhacach
le Nóra mar scéal teacht a-bhaile gan é fheicsint. Éalaigh an
tráthnóna, agus do dhorchaigh scamaill na hoidhche, acht níor
chorraigh sí cos ag braith ar theacht an stróinséaraigh. Ar ball
bhí an oidhche ann agus níor mhaith léi dul a-bhaile n-a haonar i
lár na hoidhche. Ní raibh puinn gan déanamh nuair d'fhág sí an
baile, agus ní raibh leigheas air. Bheadh a hathair istigh roimpi,
agus pé neamhshuim chuireadh sé i n-imtheachtaibh an lae, ní leomh-
fadh sé dá ingheanchaibh bheith amuigh istoidhche. D'fhan sí i dtigh
Cháit go maidin.
Bhí gnó an lae críochnuighthe ag Domhnall le dul na gréine
faoi - níor bh'aimsir ró-bhruideamhail ar ghaibhnibh é - agus bhí a
bhean 'na suidhe cois na teine nuair tháinig sé isteach, agus a
shuipéar ullamh aici. Chuir sí na táclaí ar an mbórd, acht ní
raibh mórán deithnis uirthi ag chur an tsuipéir air. Faoi dheireadh
d'iarr Domhnall cá raibh Nóra.
"Chuaidh sí síos go dtí an sráid ó chiainibh beag, agus badh
mhithid di bheidh annso anois," arsa a bhean, "ní bheimíd ag
feitheamh léi; beidh sí annso sara mbeidh an suipéar caithte
againn."
Shuidheadar isteach chun suipéir, acht má shuidheadar, ní tháinig
Nóra go raibh sé críochnuighthe, 'ná an uair sin féin.
"Is fearra dhom dul 'na coinnibh," arsa Domhnall, nuair bhí
dorchadas na hoidhche ag teacht.
"Ná dein," arsa a bhean, "is óige agus is treise í féin anois
'ná thusa, agus má leog sí dhon oidhche tuitim uirthi, bíodh a
thoradh aici."
"Mar sin féin," arsa Domhnall, "ní dhéanfaidh sé dochar
dom dul síos tamall den bhóthar 'na coinnibh."
"Ná cuir aistear ort féinn-a thaobh, ní beag dhuit do thuirse
taréis an lae. Glac do shuaimhneas an fhaid gheobhair é; tá
baoghal mór uirthi go deimhin!"
Shuidh Domhnall agus ní dubhairt sé a thuilleadh.
Bhí Sighle deimhnitheach dhe gurab amhlaidh bhí Miostar Bhueldon
tagaithe, agus gur shleamhnuigh an oidhche i ganghios ortha ag caint.
Ní raibh aon smuaineamh aici go raibh geasa geimhleach idir é
féin agus a hinghin óig. Badh dheacair cur síos ar a smuaintibh
feadh na hoidhche, agus dár ndóigh ní gábhadh é.
Tháinig agus d'imthigh an Domhnach, acht ní tháinig Bhuillí.
D'imthigh an Luan agus an Máirt, agus an tseachtmhain le chéile,
agus ní tháinig sé 'ná scéala uaidh. Bhí Sighle go buartha, bhí na
mná eile go méardach. Fágadh post annso agus beart annsúd
gan comhlíonadh, agus na nidhthe a deineadh ní go ró-bhastalaighthe
do cuireadh as láimh iad. Chonnaic Domhnall go raibh rud éigin
bun-os-cionn tuitithe amach, agus bhí iongnadh a chroidhe air nár
innis a bhean dó fáth an imshnímh. Fé cheann coigthidhis b'fhuraiste
aithint ar Shighle óig cionnus bhí an scéal aici. Chonnaic Nóra é,
chonnaic a máthair é, agus bhí eagla ortha go bhfeacaidh a hathair é.
Chonnaic; bhí na comharthaí ró-shoiléar chun a rádh ná feacaidh, acht
ní raibh fhios aige cad ba chúis leis. Um an taca so bhí fios a
scéil go léir ag Nóra agus ag á máthair.
"Cad tá ag guilleamh oraibh le déidheanaighe go bhfuileann
sibh chomh méardach neamhshuimeamhail sin is chím sibh," arsa
Domhnall le na mnaoi oidhche taréis dul a chodladh dhóibh. Ní
raibh aon mhaith bheith a d'iarraidh an fhírinne a cheilt níos sia air,
agus d'innis sí dhó focal ar fhocal an chúrsa thríd síos lom-
díreach, mar thuig sí féin é. Bhí sé ar deargbhuile; bhí sé chomh
mór sin tre chéile 'ná feadair sé cad badh cheart do rádh 'ná
dhéanamh. D'imthigh an oidhche sin gan codladh uaidh. Chuir a
bhean na hathchuinghí ba chruaidhe d'fhéad sí air gan an cás a
dhéanamh níos measa, agus gan milleán a thabhairt do Bhéb, mar
go raibh sí nach mór as a meabhair cheana féin le buadhairt aigne.
Chífeadh éinne i ngnúis Dhomhnaill ar éirighe dhó ar maidin
ambáireach gur chuir sé oidhche bhuadhartha dhe. Bhraith Sighle air go
raibh fios a cúrsa féin aige, agus ní thiocfadh sí ós a chomhair dá
bhfaghadh sí saidhbhreas Déamair.
Daoine deiscréideacha b'eadh iad; agus, cé gur bhraith na
comharsain go raibh rud éigin neamhghnáthach ag goilleamh ortha, ní
raibh tuairim ag éinne cad é féin. Bhí a dtuairim féin ag
lucht na cainnte, acht, t'réis chomhrádh naoi lá do stadadh de.
Bhí Domhnall agus a bhean, agus Cáit agus Nóra ag tabhairt aire
dá ngnó chomh maith agus bhíodar riamh, agus bhí Sighle ag déanamh
a díchill: cé nár bh'fhéidir léi a toirmeasc aigne a chur fé chlóca
draoidheachta, bhí sí i bhfeidhil a gnótha amuigh is i mbaile mar ba
gnáthach léi. Scríbh sí arís agus arís eile, acht ní raibh aon mhaith
ann, ní raibh scéal 'na duain aici le fagháil ó Bhueldon. Bhí a
súil i n-áirde ar feadh mí is ar feadh ráithe; ní raibh maith ann.
Ar dtúis cheap sí n-a haigne féin go laghdóghadh an griogadh
croidhe mhothuigh sí leis an aimsir, acht i n-ionad laghdughadh is ag
méadughadh bhí sé. Nuair badh cheart dhí bheith n-a codladh, i
n-am mharbh na hoidhche, is ag smaoineamh, is ag ceapadh agus ag
osnadhail bhíodh sí. An fhaid bhí sí bruideamhail le hobair an lae,
ní raibh an scéal comh dona aici, acht sos nóimit ní raibh ionáirmhthe
dhí ná raibh tugtha do mhachtnamh duairc, dorcha, brónchroidheach.
Fé dheireadh cheap sí n-a hinntin féin dá mbeadh sí i n-áit
iasachta go scaipfeadh na smuainte duairce seo. Mheas sí dul
go Mericea! Chuir sí i gcomhairle a máthar agus a dearbhshéarach
é. Níor mhaith le ceachtar aca í leogaint uatha, acht, nuair ba
léir dóibh ná raibh socard 'ná sásamh aigne i ndán dí sa bhaile,
do aontuigheadar le n-a toil féin a thabhairt dí, agus d'iarr a
máthair comhairle agus cead a hathar dí. Acht bhí Domhnall ró
mhór tré cheile, agus a chochall ró-árd, de bhárr í bheith suas is
anuas le máirnéalach Shasana, chun cead 'ná congnamh a thabhairt
uaidh. 'Sé an freagra thug sé ar a mhnaoi: "Má thug sí croidhe
brónach dí féin leighiseadh sí sa bhaile é."
Dá réidhe é Domhnall agus dá sítheóilthí, bhí sé staisiúnta go
leór nuair chuirfidhe chuige é. Dá bhrígh sin, bhí fhios aca ná raibh
maitheas bheith leis; agus níor chuireadar a thuilleadh toirmisc
air mar gheall ar bhrónchroidhe Shighle. Seadh! bhí an bheárna
dúnta anois uirthi, agus i n-ionad glacadh leis go humhal mánla,
is amhladh a mhéaduigh a duairceas agus a durchroidheacht. Go
dtí so, nocthuigh sí a haigne ar fad dá deirbhshéaracha agus dá
máthair, acht anois chinn sí ar a hintinn a choingbháilt chúichi féin.
Do dhún sí suas a croidhe i gcoinnibh an cheana agus an ghrádh
bhíodh aici dá máthair agus dá deirbhshéaracha, agus do ghlac sí
saghas sásaimh as an dúrchroidheacht soin. Shíl na cailíní eile
agus a máthair, go raibh sí leighiste ó n-a brón, toisc an misneach
agus an neamhspleádhchas bhí ag teacht dí. In ionad sin is
amhlaidh bhí sí ag cailleamhaint a cuid daondhachta.
(Ní críoch).
Dígh gach síne sioc,
Dígh gacha baoine drochbhean,
Dígh gacha teine fearnóg úr,
Dígh gacha dighe meadhg mádh sean.