Síoghra Dubh
Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh.
IV.
Ar na chlos sin do Shíoghra, do ghabh truaighe dhó é, agus do
thógaibh leis ar a ghualainn tar ais chum na tiobraide é. Agus
do fhuráil air uisge dh'ól as an dtiobraid, agus do ibh Earca sin,
agus do éirigh slán, go nár mhothuigh cnead ná galar. Agus do
imgheadar rompa ón dtiobraid, agus adubairt Síoghra Dubh:
"Muna bheith nach áil liom olc do dhéanamh dhon tí dá ndearnas
maith, do sgarfainn do cheann ria do cholainn tríd an míochoin-
gheall do rinnis orm fán uisge."
31. Do chuadar iar sin mar a raibhe Rí Lochlann, agus do
bhádar mar sin go fíorthosach na hoidhche, gur ísligh an ghaoth agus
gur fhuaruigh an tsíon, gur ghabh fuacht mór Rí Lochlann. Agus
do bhí dho mhéid na grána do ghabh a mhuinntear féin roimhe nachar
aomh aonneach acu luighe maille ris, gur iarr ar Earca luighe ina
fhochair, agus faomhas Earca sin. Agus mar do bhádar i
n-aoinleabaidh san oidhche, do smuain Earca cionnus do bhéaradh
sé féin furtacht don Rígh. Agus, ó nach fuair ionnus oile re
fóirithin air, do sgéith a raibhe ina chorp d'uisge na tiobraide fá
thaobh agus fá chneas an Ríogh, agus gach ionad ar bhean an t-uisge
fris, ba slán dá éis é. Do bhádar mar sin go moch laoi ar n-a
mhárach; agus ba hiongnadh mhór leis an gcobhlach uile Rí Lochlann
d'fhaicsin ina chruth féin, agus do aithin Síoghra gurab é Earca
tug fóirithin éigin don Rígh.
Fiafruigheas Rí Lochlann do Shíoghra cá fad uatha an rí chum
ar thrialladar.
"Ní fada anois uait é," ar Síoghra.
"Eadamair ní dá iarraidh dob' áil leatsa dul ní bhus fuide,"
ar fear dá mhuinntir fris an Rígh.
"Ní fearr liomsa a theacht ná a anmhain," ar an Síoghra,
"acht muna maith leis féin é."
"Is maith," ar an Rí, "agus déana-sa eolas damh dhá
ionnsaighe."
32. Gluaiseas Síoghra chum a luinge, agus leanas Rí Lochlann
go n-a mhuinntir é, agus do bhádar ag taisdeal na dtonn
go dtáinig meadhón laoi. Agus do chonnarcadar dúnadh
ríoghdha ró-mhaiseach uatha, agus iomad bhfear n-armtha i n-aonach
agus i n-árdoireachtas ar faithche an dúnaidh.
"Cia hí an chathair úd?" ar an Rí.
"Ag súd dúnadh an ríogh chum ar thriallais-se," ar Síoghra,
"agus isé tighearna an dúnaidh atá i n-oireachtas annsúd.
Agus ní fhóghnann díbhse teachta ná daoine do chur d'fhiafruighe
sgéal díobh, ná d'innisin sgéal dóibh; acht tabhraidh bhur n-airm
amach, agus cuiridh re bhur nguaillibh iad, agus fanaidh 'bhur
seasamh mar a bhfuiltí nó go gcuirid na sluaigh fiafruighe oraibh;
óir isé sin gnáthughadh na críche-se."
Do rinneadar mar do órduigh Síoghra dóibh. Agus ó
'dchonnarcadar na sluaigh do bhí ar an bhfaithche sin, agus iadsan
agus a n-airm re a nguaillibh acu, agus inneall áigh agus
iorghaile forra, agus a n-aighthe ar an mbaile, do rinneadar féin
éirghe athlamh aoinfhir, agus do ghabhadar a n-airm agus a
n-iolfhaobhair iompa. Agus tángadar i n-aghaidh Ríogh Lochlann
go n-a shluaghaibh, agus níor fhiafruigh ceachtar aco sgéala dhá
chéile, nó gur dhiubhraiceadar a sleagha snasta séimhrighne for a
chéile. Agus do chuaidh Síoghra dubh ar na sluaghaibh amach, agus
do thógaibh sé Earca Astalla ar maoil a ghualann. Agus do bhí
sé féin agus Earca ar árd na tulcha is aoirde fuaradar, ag
féachain ar na sluaghaibh, nó gur thuit Rí Lochlann go n-a mhuinntir
le sluaghaibh an dúnaidh, go nach deachaidh fear innisde sgéal as
do mhuinntir Ríogh Lochlann acht Earca Astalla amháin, ar n-a
anacal do Shíoghra Dhubh.
33. Agus mar do thuit Rí Loclann agus a mhuinntear, táinig
Síoghra Dubh agus Earca Astalla i measg shluaigh an dúnaidh,
agus do fearadh fáilte friu ag an rígh agus ag na sluaghaibh.
Agus do innis Síoghra a eachtra agus a imtheachta dhóibh ó thúis go
deireadh, agus mar do rinne a mhuinnteardhas le Rígh Lochlann,
agus an t-adhbhar fá dtáinig Rí Lochlann ar an siobhal sin, agus
mar do thuiteadar a mhuinntear ón oiléan go aroile.
Dála Earca Astalla, do ghoir sé Síoghra Dubh leis ar fód fá
leith, agus do fhiafruigh de cia an rí úd ler thuit Rí Lochlann go
na shluaghaibh, "nó cia thú féin, a Shíoghra?" ar sé.
"Rí Dubhlochlann siúd," ar Síoghra, "agus is mac dó mise
féin, agus isé mh'ainm díleas Síoghra na Srothán, agus Síoghra
Dubh is ainm dhamh re siobhal an domhain. Agus isé is mian liom
anois ríoghacht Fhionnlochlann do bheith agam féin, agus dul do
ghairm ríogh dhíom innte."
34. Dála Shíoghra, do ghluais roimhe go críochaibh Lochlann,
agus Earca Astalla leis. Agus gabhas le hEarca go Dún
Eibhlinne ar cheann a mhná, inghean Duinn Eibhlinne, agus rugadar
leó í go críochaibh Loclann, agus do bhí 'na mnaoi agus 'na ban-
chéile ag Earca ó soin amach. Annsin do fhiafruigh Síoghra Dubh
do Earca:
"Créad doghéanam anois?" ar sé.
"Créad doghéantaoi againn," ar Earca, "acht rí do ghairm
díotsa ar chríochaibh Lochlann, óir is cubhaidh riot ríoghacht Lochlann
do bheith agat."
Mar do chualaidh Síoghra sin, do chuaidh ar faithche chathrach na
Beirbe Lochlannaighe, agus do ghairm ar mhaithibh chríche Lochlann,
agus do ghoireadar Rí Lochlann do Shíoghra Dhubh. Agus do bhí
go ceann míosa san mbaile go n-onóir agus go muirn móir,
agus banais bhríoghmhar bhuan-tiodhlaiceach ag maithibh Lochlann aga
déanamh dhó. Agus tugadh a dhúthchas agus a fheadhmannas féin da
gach aon aco. Agus do imgheadar na sluaigh dá dtighthibh féin,
agus do chuaidh Síoghra Dubh fó na hoiléanaibh do thógbháil a chíosa
dhíobh. Agus do bhí cíos agus cánachas ar chríochaibh Lochlann
dá éis sin aige, agus do bhí an ríghe gan imreasan ag Earca
Astalla ó sin suas.
Gonadh i Tóruigheacht an Chairthe Sgárlóide gonuige sin.
(A Chríoch).
Is mairg nár fhreagair an calm 's an caoin trágha,
An fhaid do bhí an teanga gan lacadh gan baoighal báis;
Is mairg nár theagasc an leanbh n-a naoidheanán,
Is nuair chruadhann an tslat gur deacair í shníomh slán.
Cheithre nídh gan tábhacht gan téagar:
Sílim, is dóigh liom, do b'fheárr, is b'fhéidir.
Mo thoil an toil tug toil mhaith díbh go héag;
Má's toil let thoil mo thoil beidh sí dot réir;
Gach toil dot thoil, a thoil mo chroidhe 's mo chléibh;
B'í toil lem thoil let thoil-se luighe let thaobh.