Seanchus Grinn na Tuaithe.
MICHEÁL Ó CONCHUBHAIR 
do scríobh.
X. - AN CLEAMHNAS.
Baile beag niamhrach is eadh Baile na Leacan.  Tá sé ar thaobh
na fothna ó ngaoith adtuaidh de Shliabh Mis.  Talamh shaidhbhir 
thoramhail atá ann, agus tá an baile go léir roinnte i n-a dhá 
leath idir bheirt fheirmeoirí.  Cáirde dilse agá chéile do b'eadh
an bheirt seo.  Ní túisge bhíodh Diarmuid Ó Séaghgdha i nguais 
ná thagadh Tadhg 'ac Gearailt chum a fhuasgalta, agus aon uair a 
bheireadh cruadhchás ar Thadhg théigheadh Diarmuid gan ró-mhoill 
chum fóirthin air.
Bhí go maith go tosach na bliadhna so againn dá chaitheamh.
Bheartuigh Tadhg ar chleamhnas a dhéanamh dá mhac, agus ní raibh 
cailín fé luighe na gréine a b'fhearr leis mar mhnaoi mic 'ná 
inghean Dhiarmuda.  Ba dhóbair don gcleamhnas eascáirdeas
a chur idir Dhiarmuid agus Tadhg.  A leithéid d'aoide béil is 
thugadar araon dá chéile!  Ag seo agam dá luadh an fáth a bhí 
leis an gcíoradh.
Maidin Lae Fhéile Brighde bhí an Gearaltach go gnóthach ag 
dúnadh beárnan agus ag deisiughadh claidhtheacha teorann an uair 
chonnaic sé Diarmuid Ó Séaghdha ag gluaiseacht anall chuige
trasna na ngort.  D'aithin sé ar an imtheacht a bhí fé Dhiarmuid 
go raibh scéal nuadh nó eachtra iongantach éigin aige le hinnsint.
Bheannuigh Tadhg dó agus bheannuigheadar araon dá chéile.
Chaitheadar tamall ag cainnt thar an aimsir agus ag cur síos
ar na cleamhnaistíbh a bhí dá ndéanamh 'san gcomhursanacht.
Annsan do chromadar ar na daoinibh a dh'áireamh a bhí i dteideal 
pinsiun d'fhagháil.
 
"Ó's ag cainnt thar daoinibh aosta é," arsa Tadhg, "ní'l fear
ar m'aitheantas de d'aois chomh scóipeach chomh díreach ná chomh
anamamhail leat féin.  Féach chomh seirgthe séideánach is tá 
Seán Ó Cathail.  Ní'l sé drochshláinteach, agus fear deigh-
bheathach a b'eadh é riamh.  Déarfadh éinne, le féachaint orraibh
araon, go bhfuil deich mbliadhna aoise aige ort."
"Cad é an t-aos anois é, a Thaidhg?" arsa Diarmuid.
"Is clos dom," arsa Tadhg, "go bhfuil an dá bhliadhain déag
is trí fichid beagnach slánuighthe aige.  Acht cad is gábhadh dhom
a innsint sin duit-se; nách comhaos tusa agus é féin?"
"Airiú, cia dubhairt leat gur comhaos mise agus an  Cathalach
cromtha dronnach míochúmtha?  An é féin an t-ughdar atá agat
leis?  Ní chuirfinn thairis é."
"Mhaise go deimhin ní hé, a Dhiarmuid, agus ná bí-se á chur
i n-a leith.  Chuadhas siar go tigh Mhichíl Uí Chúrnáin athrughadh
aréir.  Theastuigh uaim an táilliúir d'fheicsint, agus bhí amhras
agam go mbeadh sé ar an scoruidheacht ann.  Ní féidir leis aon 
obair a dhéanamh ist oidhche anois, mar tá an radharc ag 
goilleamhaint ar an bhfear mbocht.  Bhí lán an tighe bailighthe 
ann.  Ar ár nós féin ó chianaibh, bhíodar ag áireamh na ndaoine
go bhfuil pinsiun i n-áirithe dhóibh.  D'fhiafruigheas féin de 
Mhícheál an bhfaghadh Seán Ó Cathail an choróin 'san tseachtmhain.
"Gheobhaidh," ar seisean, "tá sé á fagháil cheana féin, is dóigh
liom.  Fuair Seán a aos i n-a dhubh is i n-a gheal fé láimh an 
tsagairt pharóisde, agus beidh sé dhá bhliadhain déag is trí fichid
d'aois Lá Féile Muire an fhoghmhair seo chughainn."
"Is mór an deifrigheacht atá idir é féin agus Diarmuid 
Ó Séaghdha," arsa bean Mhichíl.
"Is fíor san," arsa Mícheál, "ar a shon gur bh'aon lá amháin a 
baisteadh iad araon."
"Níor chreideamair an méid sin uaidh."
"Ó, cuiridh uaibh," ar seisean.  "Nár theasbáin cléireach
an tsagairt domh-sa an leabhar go bhfuil lá a mbeartha scríobhtha
ann."
Bhí Diarmuid feadh na haimsire ag brothallughadh chum feirge,
agus ní túisge bhí deireadh ráidhte ag Tadhg ná scairt air.
"Go mbeiridh an diabhal go hEochaill aicme an tsuainseáin,"
ar seisean go dúlaithe.  "Ní hiongnadh an braon anuas a bheith 
 
ar Mhícheál manntach mar tá.  I n-inead é bheith ag biorradh 
scolb i gcomhair an tuigheadóireachta, cad a dheineann sé ná 
a chos a bhualadh ar a leathghlúin chuige agus an oidhche do 
chaitheamh ag tabhairt aighnis do ropairíbh na dúthaighe a bhailigheann
isteach chuige.  Nách náireach agus nách scannaileach an gnó 
d'éinne inead coinne do dhéanamh dá thigh i gcomhair lucht éithigh 
agus cúlchainnte."
"Anois, a Dhiarmuid," arsa Tadhg, "caithfidh mé teacht romhat 
'san  méid sin.  Ní thabharfadh Mícheál cead a thighe acht do 
bhuachaillíbh cneasta creideamhnacha, agus táim cinnte ná 
lomhálfadh sé dhóibh cúlchainnt ná masladh do chur asta ar a 
theinnteán.  Thugas dhá uair an chloig ag éisteacht leo an oidhche
úd, agus mo lámh is m'fhocal duit níor labhair éinne den 
chuideachtain focal acht socal nár náir do shagart é theacht as 
a bhéal.  Agus deirim leat nách id cháineadh-sa a bhíodar, acht 
id mholadh."
"Is cuma liom," arsa Diarmuid; "acht dá mbeinn-se ann
d'inneósainn m'aos dóibh, agus d'inneósainn a thuilleadh ná 
taitneochadh go maith le cuid aca.  'Sé is dóichighe gur 
airigheadar go bhfuilim ar aigne pósadh thar n-ais, agus measann
siad a chur i n-a luighe ar dhaoinibh go bhfuilim ró-chríonna."
"An dá ríribh ataoi," arsa Tadhg, agus iongnadh an domhain 
air.  "Seadh, a Dhiarmuid, má phósann tú arís beidh muinntear 
do thighe ar buile chughat.  Níor mheasas féin go raibh aon 
chuimhneamh agat ar leasmháthair a chur ós cionn do chloinne."
Do stad sé ar feadh tamaill agus é ag machtnamh.
"Tá athchumaireacht gaoil eadrainn araon," ar seisean fé 
cheann scathaimh bhig, "agus tá súil agam ná tógfair orm an 
méid a déarfad leat."
"Abair leat," arsa Diarmuid.
"Tugaim mar chómhairle dhuit gan an pósadh úd do bhac.
Caithfir féin a admhughadh go bhfuil an chríonnacht ag liathadh
t'fhéasóige agus ag baint lúth do chos agus neart do ghéag díot.
Cad déarfaidh na comhursain má phósann tú anois an uair ba 
chirte dhuit bean mhic a bheith ar an dteinnteán agat, agus 
t'inghean a thabhairt mar chéile do bhuachaill chiallmhar éigin.
Glac mo chómhairle-se anois agus ná bí id cheap magaidh ag 
an ndúthaigh ar ball."
 
"Ní'l iarraidh ná éileamh agam-sa ar do chomhairle, a dhuine,"
arsa Diarmuid; "agus nuair a bheidh a sáith magaidh déanta
ag mo chomhursanaibh stadfaid siad uatha féin."
"Seadh, thugas-sa cómhairle i n-aiscidh duit," arsa Tadhg.
"Muna ngeobhair léi lean do shrón féin, mar ní'l leaghas agam-
sa ort.  Caithimís uainn ár n-argóint, ámhthach.  Dheineas a 
n-iomad dánaidheachta ort, acht tá súil agam go maithfhir dom
é."
"Ó, ná bíodh pioc buaidheartha ort i n-a thaobh.  Ar mhaithe 
liom, dar leat, a bhís.
"Fágaimís mar sin é, i n-ainm Dé," arsa Tadhg.  "Tá 
gnóithidhe eile ag cur imshníomha orm-sa an aimsir seo.  Tá 
a fhios agat go bhfuil Nóra gan a bheith ar foghnamh ó rugadh
Seáinín.  Is tearc duine ná caitheann deachmhadh na sláinte 
dhíol, acht is baoghalach ná beidh sé íoctha go héag ag mo mhnaoi 
bhoicht-se.  Táimíd an-leathlámhach de cheal cabhartha ban.  Na 
cailínidhe aimsire atá ag imtheacht ní fiú salann a bpraisce iad.
Ní'l ionnta acht súmairidhe gan anam gan slacht.  Ar a shon
go bhfuil ceann aca againne is é Donnchadh chrúdhann na ba 
gach ceann lae.  Ní fhéadfaimís seasamh leis an obair sin.  Tá 
a dhá dhóthain ag Donnchadh le déanamh agus an treabhadh agus 
an fuirseadh agus an chuireadóireacht do fhritheáilt.  Caithfeam 
cailín slachtmhar críochnamhail a bheith i mbun gnóithidhe an tighe
againn, agus is é rud go bhfuilimíd ceapaithe air ná cleamhnas 
do dhéanamh do Dhonnchadh."
"Molaim-se an cailín a bheidh snadhmtha i gcleamhnas le 
Donnchadh," arsa Diarmuid.  "Beidh sonuachar a beathuighthe
aici.  Tá aithne agam air ó rugadh é agus ag dul i méid is eadh
tá mo mheas air gach lá.  Má theastuigheann eadarghabháluidhe
uaibh is mise an fear a bhéarfaidh scéala cleamhnais díbh.  Is 
é mo thuairim láidir, a Thaidhg, a chara ionmhuin, go mbeadh 
cailínidhe na dúthaighe ag baint na sál dá chéile féachaint cia 
aca ba rogha le Donnchadh mara ndéanfadh sé acht seasamh ar 
chlaidhe agus fead a leogaint ortha."
"Tá árdmholadh faghta aige uait, a Dhiarmuid," arsa Tadhg,
"agus is ró-mhaith uait tú féin a thairsgint dúinn mar eadar-
ghabháluidhe.  Chuir Nóra agus mo mhac is mé féin ar gcómhairle 
i gceann a chéile aréir.  De réir mar thuigim-se an scéal 
 
ní'l d'easnamh anois ar chleamhnas mo mhic acht an fíorbheagán.
Is féidir linn araon é shocrughadh ar an láthair seo má taoi-se
toilteanach."
"D'fhágais dall mé, a Thaidhg.  Ní thuigim cad é an bhaint atá 
agam-sa leis an gceist.  Dar ndóigh ní'l éinne annso ón 
gcailín, pé hí féin.  Cionnus a mheasair cleamhnas do chríoch-
nughadh agus gan coinne socair agat le duine éigin ughdárásach
ón gcailín?  Agus go fírinneach, a Thaidhg, is aisteach an áit 
lúb na páirce seo chum cleamhnas a shocrughadh ann."
"Seo mar tá an scéal, a Dhiarmuid.  Do mhóidigh Donnchadh
go daingean ná pósfadh sé go deo aon bhean muna bhfaghadh
sé t'inghean-sa le pósadh.  Deir sé gur thug sí geallamhaint
pósta dhó."
Thug Diarmuid léim as a chorp.
"Is fada bheidh easba céile air má's ag braith ar m'inghin-se
atá sé," ar seisean.
"Cad n-a thaobh san, a Dhiarmuid?" arsa Tadhg.  "An 
amhlaid ná fuil sé maith a dóthain di?"
"Is cuma olc maith é.  Ní'l aon dul aige ar m'inghin dh'fhagháil,
Tuig uaim-se anois gur féidir liom-sa an feirmeoir is tábhacht-
mhaire i limistéir an tighearna talmhan so orainn do cheannach
dom inghin an lá oirfidh dom í chur amach.  Tusa agus do mhac 
agus d'fhághaltas!  Cúis gháire chughainn!  Agus cheapais id aigne 
go bhfaghadh do shuarachán mic m'inghean-sa le pósadh!  Bíodh ciall
agat, a Thaidhg, a dhalta.  Is cruaidh a bheadh an saoghal orm an 
lá thoileoghainn do mhac-sa do ghlacadh mar chliamhain."
Bhí rabharta feirge ag eirighe do Thadhg an tráth chualaidh sé 
an tarcuisne sin á thabhairt dá mhac gan chúis gan ádhbhar.
"Éist, a challaire mhíochuibheasaigh," ar seisean, "ní cás duit-
se bheith uaibhreach mór-chúiseach, ní cás sin!  Go bhfóiridh Dia
orainn!  Agus taoi ar aigne pósadh thar n-ais, a deireann tú 
liom.  Mo chráidhteacht!  Ní bainchéile is mó theastuigheann uait
acht banaltra, bean chruaidh thapaidh a chuirfeadh umat do bhal-
caisidhe agus a gheobhadh de shlait ort is a mhúinfeadh béasa dhuit.
Mo thruagh-sa an bhean a phósfadh thú!  Bhéadh iarlais ceangailte
dhi.  Bíodh ciall agat, a Dhiarmhid, fé mar dubhraís féin liom-sa 
ó chianaibh.  Tusa ag cuimhneamh ar phósadh!  Ba chirte dhuit do 
phaidrín a tharrac chugat i gcúinne na teine agus bheith ag déanamh 
 
t'anama.  Ceartaos an dá bhliadhan déag is trí fichid ag cuimh-
neamh ar phósadh!"
Má bhí aon fhear buile ar an dtaobh amuigh d'fhallaíbh tighe na 
ngealt an lá úd b'é Diarmuid an fear soin.  Rinne sé iarracht
ar labhairt, acht bhí na focail ag teacht de dhruim a chéile i n-a 
scórnaigh agus theip air iad a thabhairt chum cinn.  Níor fhan Tadhg
le n-a thuilleadh aighnis a chur air; d'imthigh sé air a-bhaile.
Im' briathar go mb'éigean do Dhiarmuid a adharca do chúbadh
chuige.  Nuair chualaidh a mhac go raibh fonn ar Dhiarmuid pósadh
arís dubhairt sé go neambalbh go n-imtheóghadh sé féin thar lear 
agus ná beadh sé ag cumhangadh an tighe ar leasmháthair.  Bhí an 
doicheall céadna ag Cáit Ní Shéaghdha, inghean Dhiarmuda, roimpi,
agus bhí iachall ar Dhiarmuid smaointe an phósta do dhíbirt uaidh.
Chuir Cáit, leis, i dtuigsint dá hathair ná pósfadh sí fear ar 
bith acht Donnchadh 'ac Gearailt.  Ghéill Diarmuid fé dheireadh,
ar a shon gur dheocair leis é.  Deineadh an cleamhnas i dtráth,
agus do pósadh Donnchadh agus Cáit.
Tá Diarmuid agus Tadhg níosa cheanamhla ar a chéile 'ná 
bhíodar riamh.