Nuadh-Litridheacht na nGaodhal
agus 
Cionnus is fearr í chur chum cinn.
MÁIRE NÍ CHINNÉIDE do scríobh.
Ceist lán-thabhachtach 'seadh an cheist seo na litridheachta
nuaidhe againn - b'fhéidir ná fuil éin-cheist dá pléidhe fé láthair 
is mó tabhacht do'n teangain ná í, mar is ar an gcuma 'na 
socróchar í atá cinneamhain na litridheachta ar fad ag brath.
Agus is deachair an cheist seo do réidhteach leis.  Táimíd ag
tosnughadh fé láthair ar Shean-Theangain a bhí i riochtaibh báis
d'aithbheodhchaint, táimíd ag iarraidh litridheacht do ceapadh san 
teangain sin - teanga nár saothruigheadh le fada bhliadhantaibh -
agus súil againn ná buadhfaidh éin-litridheacht iasachta uirthi,
agus táimíd 'ghá iarraidh súd go léir san bhficheadh aois, nuair is 
amhlaidh atá teangthacha eile an domhain go bhfuil an furmhór
díobh caithte, traochta, agus iad i mbéal bháis le haois.  Is 
fuiriste a fheicsint nach féidir an tsean-teanga óg so againne
do láimhseáil díreach mar a deintear leis na teangthachaibh
caithte úd.  Mar sin féin, ní fuláir dúinn ár dteanga agus an  
litridheacht nuadh a scríobhfar innti do chur i gcomórtas leis na 
teangthachaibh sár-chleachtuighthe úd agus a gcuid litridheachta sin,
agus má theipeann orrainn teacht as an gcomórtas go maith, sin 
deire linn agus le n-ár dteangain, chomh fada agus a bhaineann
le cúrsaíbh an domhain.  Má 's rud é ná héireochaidh linn teacht
as go maith, b'fhéidir go mairfidh an Ghaedhealg i mbéal na 
ndaoine, acht sin a mbeidh ann di, agus is beag suim a curtar
fé láthair i dteangain ná fuil de thádhbhacht innte, acht chum 
daoine a chur i dtuigsint d'á chéile maille le ráidhtibh béil.  Níl 
innti acht mar bheadh cainnt phíoróide i gcomórtas le teangthachaibh
eile atá dá saothrughadh i gceart agus go bhfuil litridheacht mhór
ag baint leo.
Anois, cad is féidir linn a dhéanamh i dtreo is ná beidh an 
smál so ar ár dteangain duthchais?  Cionnus is féidir linn do 
cheapadh agus do chur ar bun innti litridheacht a bheidh oireamhnach
di agus dos na daoine a labhrann í, agus d'oirfeadh, chomh maith
céadna, do'n aimsir fé láthair.  Agus is í sin an adhb, dar liom.
Muna mbeidh na trí feabhais seo go léir agus go soiléir ar an 
litridheacht nuadh so againn, ní fiú trácht thairsti mar litridheacht.
B'fhéidir go ndéarfaidh duine éigin gan tuigsint liom nach
gádh an fuadar so go léir mar go bhfuil litridheacht againn
cheana - go raibh sí againn nuair ná raibh a leithéid, ná cuimhneamh
ar a leithéid, ag éin-dream eile daoine san domhan lasmuich
de'n Róimh agus de'n Ghréig, agus ná fuil le déanamh againn
anois acht an tsean-litridheacht seo d'fhoillsiughadh do'n phobul.
Fóiríor géar! is beag de'n bhfírinne a bheadh aige.  Tá na mílte
láimh-scríbhinn againn, gan amhras, acht is róbhaoghalach liom gur 
lag dúinn bheith ag brath ar a bhfuil ionnta chum ainm litridheachta 
do thuilleamh dúinn féin.  Ní deirim i n-aon chor ná go bhfuil 
maitheas éigin ionnta, agus ní deirim, leis, ná gur cheart árd-
mheas agus árd-onóir do thabhairt dos na daoinibh do scríobh iad,
acht is é rud adeirim go dána ná hoireann acht fíor-bheagán díobh
do'n ló indiu.  Do scríobhadh fad ó iad nuair a bhí an domhan so 
againne i dtosach a óige, agus nuair ná raibh sé chomh deacair 
agus atá indiu chum daoine do shásamh i gcúrsaíbh litridheachta.
Tá a ré siúd caithte na céadta bliadhan ó shoin, agus ní héan-
mhaitheas dúinne a iarraidh ar an saoghal mhór féachaint ortha mar 
féachaimid-ne - sliocht na ndaoine a scríobh iad - ortha.  "Autres
temps, autres moeurs," ars' an sean-fhocal Franncach.  Ní mór 
dúinn bheith ghár mbogadh má's maith linn brath ar an gcuid eile
de'n tsaoghal, agus gan a bheith ag brath air go réidhteochaidh na 
scribhní a bhí oireamhnach do dhaoinibh a mhair cúpla céad bliadhain
ó shoin agus níos sia siar, le daoinibh an lae indiu.  Cad adéar-
faimís leis an mBéarla dá mbeadh sé ag brath ar shaothar Lang-
and, nó Alfred, nó Chaucer féin, agus gan iarracht aige ar rud
a bheadh níos oireamhnaighe do'n am fé láthair a cheapadh?  Cad ba 
dhóigh linn des na Franncachaibh dá mba rud é ná raibh éin-
Corneille nó Racine nó Molière nó Chateaubriand 'na measc,
mar go rabhadar chomh ceanamhail soin ar an Chanson de Roland 
agus ar obair na dTrouvères ná leigfidís do dhuine éan-rud ná 
raibh cosmhail leo-soin do scríobhadh?  Agus cad mar gheall ar 
an nGearmáinis dá mba ná raibh le fágháil innti acht na Nibel-
ungen Lied agus ar dhein na Minnesinger? - nó ar an Iodáilís
dá mbadh rud é nár fhéad Dante an Divina Commedia do 
scríobhadh ar eagla go mbeadh sé bun os cionn le Brunetto Latini?
Ní dóigh liom go gcuirfidh sé garrabhuaic ar éinne freagra a 
thabhairt ar na ceisteanna seo, acht sin mar atá an sgéal
againne fé láthair.  Na scéalta móra clúmhara úd - "An Táin"
agus a leithéid - gur fiú iad do chur i gcomórtas le hóig-
litridheacht éin-tíre sa domhan is fada siar do scríobhadh iad, 
nuair ná raibh ag teastáil ós na daoinibh an saghas céadna 
litridheachta agus atá uatha anois.  Tá na céadta bliadhain ann,
leis, ó chuir Colmcille síos i bpratainn dúinn cad iad na 
smaointe uaigneacha dobrónacha a bhí ag rith tré n-a aigne agus 
é i bhfad ó'n tír go raibh a dúil innti, agus is fada atá
Cormachán Éigeas agus Cinaeth Ó hArtagáin agus Donchadh Mór
Diadha Ó Dálaigh et hoc genus omnes fé'n gcré.
Mar sin féin, 'sí an fhilidheacht an t-éan tsaghas litridheacht
amháin atá 'na bheathaidh 'nár measc i gcomhnuidhe, agus níl sé 
saoghail ó theacht Clainne Míleadh anuas ná fuil ainm mhóir-fhile
éigin ag baint leis.  "Ní as filidheacht amháin a ceaptar litridh-
eacht," ámh, agus ní mór dúinn féachaint chuige ná fágfar chum
deiridh sinn ós rud é go bhfuilimíd ag brath uirthi amháin. Tá
áthas orm a rád ná fuilmid chomh dall soin as an méid seo
le déidheannaighe agus a bhíomar, acht tá sé ró-luath fós chum 
tuairim chruinn a thabhairt ar a bhfuil déanta againn go dtí seo.
"Bíonn gach tosnughadh lag," mar adeir an sean-fhocal, agus 
nílmid acht i bhfíor-thosach na hoibre fós.
Ó's rud go bhfuilmid ag tosnughadh, agus gur mhian linn an 
oiread agus is féidir des na lochtaibh atá curtha 'nár leith do 
sheachaint, ní fuláir dúinn a fhiafruighe dínn féin cad iad na 
deismireachta ba cheart dúinn a chur ós ar gcomhair féin.
Ciaca ba cheart dúinn a dhéanamh - leanmhaint dos na som-
plaíbh atá againn i sean-litridheacht ár dteangan féin, nó 
aithris 'dhéanamh ar litridheachtaibh an domhain lasmuigh?  Tá a lán 
le rádh ar gach taobh de'n scéal, b'fhéidir, acht is dóigh liom
gurab é an rud is tabhachtaighe anois ná luighe isteach ar an 
gceist i gceart agus gach aon chuid de'n litridheacht d'infhiuchadh 
agus do mheas i ndiaidh a chéile.  Ní féidir, dar liom, an cor
céadna do thabhairt do'n bhfilidheacht atá dá síor-shaothrughadh
againn agus do'n phrós, rud nár chuireamar puinn suime ann
riamh.  Maidir leis an tríomhadh roinnt mhór de'n litridheacht, an 
dráma, is ar éigin atá fiú an machtnaimh déanta againn air fós.
Dála na filidheachta ar dtúis, ní dóigh liom gur féidir dúinn 
rud dob' fhearr a dhéanamh 'na aithris ar ár bhfilíbh Gaedhilge féin 
i ngach a bhaineann le meadar nó le binneas friotal.  Ní heol 
dom éin-teanga go bhfuil an feabhas agus an binneas agus an 
ceol céadna 'na filidheacht agus tá againne annso i nÉirinn -
go mór-mór sna filibh do bhí ag scríobhadh san ochtmhadh haois
déag.  Buadhann Eoghan Ruadh agus Aodhagán Ó Rathaille agus 
Tadhg Gaodhlach ar fhilíbh an domhain móir san méid úd, agus ní 
taise do chuid des na sean-fhilíbh a bhí againn acht chomh beag.
'Sé an truagh, ámhthach, ná raibh an feabhas céadna ar ár 
bhfilíbh san chéill agus a bhí san cheol.  Is baoghalach gurab amhlaidh
a bhí sé go ró-mhinic go raibh an oiread suime aca i mbinneas na 
bhfocal agus i mblastacht a gceathramhan ná raibh san méid a bhí
le rádh aca acht ádhbhar meadarachta, mar adéarfá, díreach mar 
a tugtar ádhbhar cainnte do bhuachaill nó do chailín bhocht ag feis 
chum aiste scríobhadh air, agus gur chuma cad é an saghas
smaointe a bheadh ann an fhaid is bheadh an Ghaedhealg go maith 
ann.  B'é sin udhálta furmhóir na bhfilí seo againne is baoghalach;
an fhaid is bhí an fuaim i gceart, bhí gach éinnidh i gceart, dar 
leo.  Bhí fhios aca ná cuirfidhe a ndánta i gcló, gurab í an 
tslighe is mó 'ná scaipfidhe iad 'ná tré ráidhtibh béil, agus bhí 
fhios aca, leis, ná déanfaidhe géar-scrúdughadh ar a gcuid
saothair fé mar a déanfaidhe dá mbeithí 'gá léigheamh i n-ionad 
bheith ag éisteacht leis, nó 'ghá aithris.
Locht eile a bhí ar na filíbh seo, gur ceart d'ár bhfilíbh nuadha
'sheachaint - dheineadar an iomad aithrise ar a chéile.  Mar sin,
dá mbadh mhaith le duine aca cur síos ar chruadhtain na hÉireann,
níor bhfhuláir do, dar leis féin, an Spéirbhean do tharraingt
chuige agus gach a mbaineann le "hAisling" fhilidheachta, chomh
maith léi.  B'éigin do trácht ar 
"A slat-fholt saor faon-chluthmhar siar go feór,
'Na ndlaghthaibh réidh' dréimreacha ciabh go cóim,
'Na srathaibh saor slaodacha bianndach' bóirr,"
agus mar sin de; níor mhiste dho na sean-cheisteanna céadna do 
chur chúichi -
"An tú Iuno nó Bhéanus 'nar umhluigh an laoch mear 
An t-ubhall di gan pléidhe thar gach mhnaoi?
Innis dam an tú hÉlen thug léir-scrios na Traoi,
Nó plúr na mban Déirdre …"
agus an freagra céadna d'fhágháilt uaithi -
"Ní haon dár luadhais id starthaibh mé."
Nó "Ní duine de'n méid sin mé," ar sise, is feas nó rud 
dá leithéid.  Ba dhóigh leat nuair do meallfidhe an file cúpla
uair, go dtiocfadh sé isteach ar an scéal fé dheire, agus go 
n-aithneochadh sé nárbh í Iuno na Menorbha ná éinne des na 
daoinibh móra soin a bí aige, acht Éire bhocht; acht "ní mar a 
síltear bítear!"
Ní hamháin ins na hAislingthibh mío-ádhmharacha atá an locht so 
le fágháil.  Do réir mo tuairim-se is beag rud do scríobh 
furmhór ár bhfilí gan duine éigin eile des na filíbh do chur roimis
amach mar dheismireacht.  Mar sin is beag brath a bhí aca ortha
féin, agus is tearc rud do dheineadar as a stuaim féin.  Dá 
mbeadh ortha dán caointe níorbh fuláir dóibh Éire a thaisbeáint 
dúinn fé bhrat dubh "ag sileadh na súl" nó ag sníomhadh a lámh;
nó Aoibheall agus Cliodhna agus an chuid eile do chur ag 
screadaigh ar fúid na tíre, agus is 'mó "geaitsí" eile a bheadh
aca.  Dá mba mhaith leis roinnt grinn a bheith aige, do leigfeadh
sé air gurab amhlaidh a ghoid duine éigin a hata nó a sparán, nó 
"uibhrach leastair" nó a leithéid, agus do scríobh sé "barántas"!
Dob' adhsaideach an tslighe é, gan amhras, agus ba leisceamhhail.
Níor ghadh dhuit éin-mheidhreán do chur ort 'g iarraidh a dhéanamh
amach ciacu fuirm dob' oireamhnaighe chum a raibh agat le rádh -
bhí soin go léir socruighthe agus ní raibh le déanamh agat-sa acht 
leanmhaint dóibh-seo a chuaidh romhat.
I n-ainm Dé cuireadh ár bhfilí suas dón droch-nós so.  Caith-
idís uatha na haislingthí agus na caointe - ár ndóigh tá ár 
ndóthain caointe againn i nÉirinn gan é bheith i gcomhnuidhe 
os comhair ár súl 'nár bhfilidheacht!  Ceapaidís fuirm nuadh dhóibh 
féin, má's mian leo, nó tógaidís isteach na fuirmí is coit-
cheannta sa tsaoghal lasmuigh, acht ná leigidís do'n rud iasachta 
meadar nó ceol na filidheachta Gaedhilge do loit; ná bíodh 
baint aca le héan-tsaghas filidheachta nách féidir é tháthughadh go 
réidh le meadar na nGaedheal.  Cuiridís síos dúinn go binn
agus go blasta agus go Gaodhlach ar an saoghal atá i nÉirinn nó 
i dtíorthaibh iasachta fé láthair nó ar an saoghal a bhí ann fadó;
nó má's amhlaidh atá dúil 'na leithéid aca, tráchtaidís ar an 
Saoghal atá romhainn, nuair raghaimid anonn.  Teasbáinidís
dúinn áilne na tíre agus gile na spéire agus binneas na n-éan.
Innsidís dúinn eachtra agus imtheachta ár leomhan Cúchulainn, agus 
Fionn, agus Eoghan Ruadh Ó Néill, agus Pádraig Sairséal, 
agus a leithéidí.  Cuiridís i n-úil dúinn cad iad na smaointe 
atá i n-aigne an fhile féin - an rud go bhfuil súil aige leis, agus 
an rud go bhfuil déistin aige air, agus a thuairim ar gach a bhfuil 
mór thimcheall.  Go deimhin féin, dá luighfeadh ár bhfilí isteach ar 
an bpáirc seo go léir do threabhadh, ní bheadh easbaidh oibre ortha 
go fóill beag.
Tá eagla orm gur deachra ceist an Phróis do shochrughadh ná 
ceist na filidheachta.  Ní mar a chéile an dá rud againn.  Tá 
an fhilidheacht dá saothrughadh, agus dá síor-shaothrughadh againn 
riamh ó tháinig Clanna Mhílidh i nÉirinn ar dtúis.  Ní mar sin 
do'n phrós.  Is ar éigin a bhí prós i n-éanchor againn go dtí an 
séamhadh nó an seachtmhadh aois, nuair scríobhadh an Táin san chruth
'na bhfuil sé againn fé lathair, nach mór.  Ní raibh sa "Táin" 
féin, do réir gach deallraimh acht aith-innsint ar scéaltaibh a bhí
coitcheannta i bhfilidheacht le fada roimis sin.  'Na dhiaidh, ní raibh 
éinnidh againn i bprós gur fiú litridheacht do ghlaodhach air go 
dtí deire na deachmhadh aoise nuair do scríobhadh "Cogadh 
Gaedheal re Gall."
Dá luighead próis a bhí againn, ní raibh sé gan a lochtaibh féin.
'San chéad chur síos, níor scríobhadh puinn i n-éan-chor acht 
scéalta, agus ós rud é go raibh gach éinne ag scríobhadh scéalta,
agus, dáltha na bhfilí, nach maith le héinne slighe nuadh do bhaint 
amach dó féin acht iad go léir ag leanmhaint dá chéile go dlúth,
ní hiongnadh gur liosta leat an iomad des na scéaltaibh so a 
léigheamh i ndiaidh a chéile.  Ní raibh d'ádhbhar scéil ag na scríbh-
neoirí acht eachtra na sean-laochraidhe, agus, ós rud é, i gceann
tamaill ná raibh éan-rud nuadh le rádh 'na dtaobh súd, níorbh'
fhuláir dos na hughdair ainm nuaidheachta do sholáthairt dá gcuid 
saothar maille le foclaibh móra - "carraigeacha" - agus na 
sluaighte dhíobh leis do thabhairt isteach.  Sin do loit an prós
orrainn.  Dá olcas na filí ar an rud ba sheacht measa na
hughdair próis mar ní raibh aca-son 'na n-oibreacha an ceol agus 
an binneas do chuirfeadh daille-phúicín ar dhuine nuair bheadh sé 
ag léigheamh saothair na bhfilí.  Fuair an rud so greim chomh docht
son ar phrós na nGaedheal nárbh' fhéidir é sheachaint nuair bhítheas
a' cur síos ar na rudaibh do thuit amach dáiríribh.  Mar sin, tá 
an locht so le fágháil go mór ar "Chogadh Gaedheal re Gall
(10adh aois) agus ar "Chaithréim Toirdhealbhaidh Uí Bhriain" (15adh
aois), agus is fíor-bheagán dár bprós ná fuil an smál so air.
Cad é an roinnt de'n bprós is mó gur ceart dúinn a 
shaothrughabh fé láthair annso i nÉirinn?  "Nínsa," mar adeireadh
na sean-leabhair.  Téirigh isteach i n-éan-leabharlainn agus 
fiarfuigh de'n lucht freastail cad é an saghas leabhar is mó go 
bhfuil glaodhach air.  Inneosaidh sé dhuit, gan amhras, go dtógtar
amach leath-dosaon úir-scéal, ar a luighead, ar gach leabhar d'éan 
tsaghas eile a tógtar.  Ó's mar sin atá, agus ó's rud é gur 
maith linn leabhair Ghaedhilge a chur idir lámhaibh na ndaoine i 
n-ionad na leabhar mbeag-mhaitheasach mBéarla a bhíonn á léigheamh
ag ár bhformhór fé láthair ní déanfadh sé puinn-maitheas 'dá 
gcuirfimís an oiread leabhar ealadhnta nó leabhar staire nó a 
leithéid amach agus a lionfadh seomraí na Leabharlainne
Náisiúnta i mBaile Athá Cliath.  Úir-scéalta atá ós na daoinibh 
agus muna bhfaighfidh siad i nGaedhilg iad, beid siad aca i 
mBéarla.
Mar sin, ní fuláir dár scríbhneóirí luighe isteach agus úir-
scéalta a cheapadh ar a lán-dithcheall.  Má tá éan-mhaitheas
ionnta, abair is nach féidir iad do chur i gcomórtas le "Niamh"
nó le "Séadhna", ní baoghal ná go mbeidh glaodhach ortha.  Acht
ná bacaimís le bheith ag iarraidh aithris a dhéanamh ar shean-
scéaltaibh na ndaoine, nó ar "scéalta breaghtha bréige
fiannuigheachta" do scríobhadh.  Tá an oiread dá leithéid súid 
ann cheana fhéin, cuid aca i gcló agus cuid aca i mbéalaibh na 
ndaoine, agus déanfaidh an gnó dúinn go ceann i bhfad.  Úir-
scéalta nuadha ar fad atá ag teastáil uainn - scéalta gur 
féidir iad do chur i gcomórtas le saothar na bhFranncach is na 
Sasanach is na nAmeiriocánach.
An amhlaidh an chomhairlighim dár scríbhneoiríbh aithris a dhéanamh 
ar lucht na scéal soin do scríobhadh?  Ní hé sin ar fad atá im'
aigne.  Dá ndéanfaimís soin, ba dhóigh liom gur mar a chéile
sinn agus leanbh ná siubhlóchadh céim gan maide croise bheith aige
ó bhí a leithéid d'úirlís ag teastáil ó n-a shean-athair.  Sean-
aithreacha bacacha atá i dteangthachaibh eile an domhain i gcomor-
tas leis an nGaedhilg.  táid go léir dá saothrughadh chomh fada 
soin anois nach éin-iongnadh iad do bheith caithte críonna bacach, 
agus gan a bheith 'na gcumus coiscéim a dhéanamh gan saghas 
éigin maide croise aca acht ní mar sin dúinne.  Níl ins an 
teangain seo againne acht mar bheadh leanbh óg do cuireadh
a chodladh na céadta bliadhain ó shoin agus d'fhan ann agus é ar 
an aois chéadna an fhaid is a bhí gach éinne eile mór-timcheall ag 
dul i n-aois agus i gcríonnacht.
Ní hé an maide croise céadna a bhíonn ag lucht scríobhtha aon 
dá theanga.  Tá cuid aca ann, agus sé saghas maide croise
a bhíonn aca ná gach rud a scríobhadh bun-os-cionn.  Ní féidir 
leo na focail do chur i ndiaidh a chéile mar a cuirtear go coit-
cheannta iad.  Ní fuláir dóibh athrughadh cruth do chur ar gach
abairt.  Chítear an locht so go minic sna leabhraibh a scríobhann
na ban-ughdair is mó go bhfuil glaodhach ar a gcuid saothair agus 
ins na scéaltaibh a bhíonn le fagháil in "Irish Society" nó "My 
Darling' Novels", nó a leithéid.
Saghas eile maide croise ná fuil ró-fhada uaidh sin 'seadh an 
chainnt a chleachtann cuid des na hughdaraibh Béarla is fearr
agus is mó clú dá bhfuil ann fé láthair.  Féach an saghas 
teangan atá á labhairt ag George Meredith (Ceilteach 'seadh é
sin), nó ag Walter Pater nó ag "John Oliver Hobbes", nó ag 
Prosper Merimée, agus an saghas cainnte a chuireann na 
hughdair seo i mbéalaibh na ndaoine go bhfuil a scéal á n-aithris 
aca!  Ní thógaim ortha é, ámh.  Is amhlaidh mar atá an scéal -
níl dul as aca, má's mian leo lochtanna i bhfad níos measa do 
sheachaint, agus an Béarla agus an Fhraincis san gcruadh chás 'na 
bhfuilid fé láthair - níl teangthacha eile na hEorpa chomh holc
leis an dá teangain seo ar fad fós.
Maide croise eile nach gádh liom acht tagairt do annso
atá aca sa bhFrainnc agus ar fúid formhóir na Roinnte Eorpa -
'sé sin, an Salachar, nó "Realism" nó "La Litterature Rosse"
 - buidheachas mór le Dia ná fuil gádh againn le n-a leithéid!
Ní dóigh liom go bhfuil sé riachtanach comhairle a leasa do 
thabhairt dár scríbhneoiríbh óga fé'n rud so.  Níl éan-dúil aca
'na leithéid, agus dá mbeadh féin, ní bheadh éan-fhlosc ar a 
léightheoiríbh chuige!
(Ní chríoch).
  
(Tá súil againn go gcabhróchthar leis an Seodhsach.  Tá obair mhaith ghá
dhéanamh aige agus tuilleann congnamh ó chach. - F. an I.).
Seo mar adubhairt duine éigin le Seaán Ó Gruagáin, i mBiorra, tráth dá
raibh Seaán breoidhte:
A Sheaáin a chara, is measa liom tú breóidhte
'Ná an bás dá rachadh ar aicme uile Bhiorra fhóghnta;
Ceárd na bhFlaitheas dot chneasachadh, a bhile órdha,
Agus slán dot thabhairt chun marthanna i leith Fódla.
Dursan milleadh na macaomh
Diarma ghlacshaor chleas ngoile;
Craosól ag clódh a gcéille
Ag sin a dtréighthe uile.