An Mac Mallachtain.
PÁDHRAIC Ó DOMHNALLÁIN do scríobh.
II.
Cé'rbh'é an buachaill báire seo a tharraing an méid seo
cainnte? Cé'n cineál duine bhí ann cor ar bith? Ní raibh ag a
mháthair acht é. Bhí a athair caillte. D'fhás sé suas fiadháin go
leór. Ní rabh rud ar bith ag dul uaidh. Ní rabh cleas ar bith nach
raibh sé i n-ann imirt. Ní fhéadfá a bheith suas leis. Bhí a shrón
sáighte i ngach áit. Bhí a mhéar i ngach nídh bhí ag imtheacht. Nuair
thuitfeadh rud ar bith amach sa mbaile 'sé "An Mac Mallachtain"
a rinne é. Dá ngoidthí gé de shiubhal oidhche, budh é "An Mac
Mallachtain" a thóg leis a shean-ualach dhí. Dá gcuirtí sgrath
ar shimiléir Mháire Nig Fhionnáin, ionnus go líonfaidhe an teach
le deatach agus go bplúchfaidhe ise - mar bhí giorr-anála ag
gabháil di - 'sé "An Mac Mallachtain" bhéadh thíos leis.
'Sé bhí i n-ann na coiníní a cheapadh! Nach iomdha sin oidhche
chaith sé sa gCabair agus a mhála aige ar a lorg? Ar an
mbealach céadna bhuailfeadh sé amach agus isteach ní thiocfadh go
mbéadh bradán nó dhó leis. Ní raibh na báillí riamh i n-ann
greim d'fhagháil air. Mhionnuigheadar go mion minic dhá bhfuighidís
greim air go mba gearr é a shaoghal - go mbainfidís na cosa
uaidh.
"Bíonn anbhruith agus feóil ag mo mháthair gach lá sa tseacht-
mhain agus iasg úr Dia hAoine," déarfadh sé, "sin rud nach dtig
le cuid de na boicínibh a mbíonn fuadar mór fúbhtha a rádh."
Ní raibh sé acht rí-óg nuair d'éag a athair. Thóg a mháthair go
múirneach é. Budh é grádh a croidhe é. Níor cheap sise go
ndéanfadh sé rud ar bith as bealach. Ní chreidfeadh sí é.
"An é an buachaillín a altuigheas a bhiadh agus a deireas a
phaidrín agus a téigheas chuig an Aifreann dó fhéin go féil-
teamhail a dhéanfadh na rudaí sin?" déarfadh sí. "Níl baoghal
air, agus bíodh a fhios agaibh nach bhfuil sé rúinne níos measa ná
gasúir eile an bhaile - a thiubhras leobhtha é i ngach áit. Ní fheicim-
se cá bhfuil an dochar má thiubhrann sé breac beag nó cúpla
coiníní isteach anois agus arís. Nár chuir Dia ar an saoghal le
haghaidh na mbochtán iad chomh maith is chuir Sé le haghaidh lucht an
tsaidhbhris."
Go mion minic, nuair bhíodh sise in a toirchim suain - ag
brionnglóidigh, b'fhéidir, fá'n maicín múirneach sin bhí aice -
bhuailfeadh seisean amach i gceart-lár na hoidhche, a chú le n-a
chois, agus caithfeadh sé an chuid eile den oidhche ag marbhughadh
na gcoiníní. Annsin, le fáinne an lae, d'fhillfeadh sé abhaile,
caithfeadh sé na coiníní ar an áilléar, agus isteach leis sa leab-
aidh arís go dtogruigheadh dé féin éirghe.
Nuair d'éireochadh a mháthair, thuigfeadh sí go rí-mhaith cé mar
bhí an sgéal, agus "ní bhacfadh sí leis an gcréatúir. Bhéadh sé
tuirseach go leór th'réis na hoidhche!"
Maidir le sgoil, dubhairt "An Mac Mallachtain" go raibh
an oiread aige is bhí an máighistir i n-ann a mhúnadh dhó. Ní mar
sin bhí an sgéal chor ar bith, ar ndóigh, mar nuair bhí sé ar sgoil,
ní ar na leabhraibh bhíodh sé ag cuimhniughadh, acht ar throid agus ag
imirt chnaipí agus gach cleas eile bhíos ag an aos óg. Marach
rud eicínt a thárla lá áithrid, nuair bhí sé sa tríomhadh leabhar,
níl a fhios agam nach bhfanfadh sé i n-éadan na leabhar go bhfuigh-
feadh sé an oiread léighinn is tá le fagháil i sgoltachaibh na
tuaithe. Ní fios dom-sa ná duit-se!
"Sé "An Mac Mallachtain" budh chionntach leis. Seo é an
chaoi bhí an sgéal. Bhí an máighistir th'réis spéacláirí nuadha
d'fhághail. Sean-fhear b'eadh é a rinne gach rud go féilteamhail
agus go dtí an móiméd. 'sé thiubhradh dualgas an tslisne
dhuit dhá mbeiththeá faillightheach ná leisgeamhail.
"Nach hé atá go bródamhail as na gloineachaibh nuadha
indiu?" arsa Micheál Ó Cléirigh bhí ina shuidhe ar láimh dheis "An
Mhic Mhallachtain."
"Budh mhór an spóirt dhá mbristí ceann aca," arsa Pádhraic
Mac Aodha, stócach eile a mbíodh éirghe i n-áirde agus fuadar
faoi minic go leór.
"Tá sé ró-fhada as seo, marach sin d'fhéachainn urchar leis,"
dubhairt "An Mac Mallachtain". "Nach mairg nár chuimhnigheas
ar sin cheana," ar seisean, ag baint crathadh as féin.
"'Bhfuil an chrann-tabhall leat? Má tá, ní bhéidh stróbh ar
bith é a bhualadh leis. Ní bhfuigh' sé amach go bráth cé rinne
an gníomh!" ars' an Cléireach.
"Tá sé agam acht dheaman blas agam le cur ann. Theas-
tóchadh rud eicínt réasúnta trom agus toirteamhail le dul chomh
fada sin."
"Tá cnó agam-sa," arsa Pádhraic Mac Aodha. "'Sé a
dhéanfas go deas. Béidh sé le báine ar an bpoinnte boise.
Annsin béidh greann ann."
Ní a bhfad go rabh an chrann-tabhaill feistighthe agus fá réir.
Bhí an t-oide ag glaodhach ainmneacha na sgoláirí amach as
leabhar an chunntais.
"Bídhgídh socar annsin, deirim libh," ars' an t-oide agus chrom
sé ar an mbuidhin a chomhaireamh. Ní rabh na focla as a bhéal ar
éigin nuair dhún "An Mac Mallachtain" a shúil chlí, agus sgaoil
sé an t-urchar chun bealaigh. Níor chlis air. Buaileadh an máigh-
istir bocht ar an ngloine. Leim sé. Sgread sé agus bhéic sé go
rabh an tsúil bainte as. "Táim marbh," ars' an duine bocht.
"Tá neart cainnte agat go fóill muis, má tá," ars' an
Cléireach.
"Níor chruthuigheas go dona, chor ar bith," ars' an "Mac
Mallachtain," "ní 'chuile dhuine a bhfuil urchar chomh díreach aige."
Leis sin bhí an máighistir chuca.
"Cé rinne é sin?" ar seisean. "Cá bhfuil an bitheamhnach a
cheap mé a mharbhughadh. Cá bhfuil sé, adeirim," agus bhí an
máighistir ag éirghe as a chorp le teann feirge, nídh nár
bh'iongnadh.
Níor fhreagair "An Mac Mallachtain," ar ndóigh, ná buachaill
ar bith as a bhuidhin.
"Bhfuil a fhios agat-sa cé rinne an cleas tuatach mí-mhúinte
seo, a Shéamuis Uí Dhomhnaill?" ar seisean. B'in é ainm an
mhic a bhfuil an sgéal seo faoi.
"Tá a fhios agam, a mháighistir," d'freagair Séamus breágh.
"Cé hé féin?" ars' an máighistir go mí-fhoighdeach.
"Ní maith liom é a innseacht," arsa Séamus.
"Caithfidh tú é innseacht. A' gcloiseann tú mé?"
"Cloisim, acht b'fhearr liom nach n-innseochainn."
"Innis go deifreach dhom é, adeirim leat. Mar má cheileann
tú ainm an bhuachalla orm-sa gheobhaidh tú féin an t-slat, agus í
sin go trom mar gheall air. A' dtuigeann tú?" ars' an
máighistir.
"Tuigim. Is mise chaith an t-urchar. Is mise a thuilleas an
léasadh, ní buachaill ar bith eile," dubhairt "An Mac Mallachtain"
go réidh roighin socair.
Is beag nár bhain an freagradh an anál den mháighistir. A
leitheide de fhreagradh ní bhfuair sé riamh ó sgoláire ar bith dár
mhúin sé.
"A Shéumuis Uí Dhomhnaill," ar seisean. "Cuireann
do fhreagra níos mó feirge orm ná an t-urchar chaithis liom. Ní
deágh-chomhluadar thú do dhream ar bith. Acht uaidh seo amach ní
dhéanfaidh tú níos mó dochair annseo. Feasta caithfidh tú do
chuid bheartaidheachta imirt i n-áit eicínt eile. Móiméad eile
ní bhéidh tú fá dhíon na sgoile seo. Sguab leat as seo go
deifreach, thú féin agus do chuid mhangarae. Sguab leat,
adeirim, nó má fhághann mo chuid feirge an ceann is fearr orm,
bhéarfad léasadh dhuit nach ndéanfair dearmad air an dá lá is
beo thú. A' gcloiseann tú mé."
Níor fhan "An Mac Mallachtain" leis an gcuid deiridh
den chainnt. Sheas sé. Bhúirligh sé leis a chuid leabhar.
Tháinic amach as an suidheachán, agus shiubhal amach chomh neamh-
spleadhachis dhá mbudh é an sgrúduightheóir é.
"Sin buachaill aisteach" ars' an máighistir i n'inntinn féin.
"Ní furusta faitchíos a chur air, ar chaoi ar bith."
Ó'n lá sin amach seadh thosuigh clú agus "cáil" "An Mhic
Mhallachtain" mar dubhras cheana. Nuair goidtí gé nó coileach
nó buidéal poitín budh é an d-l sin "An Mac Mallachtain" a
ghoid iad. Ní rabh éan-mhaith ag cainnt leis! Ní rabh éan-mhaith
a bheith dhá chomhairliughadh. Badh é an cás céadna dhuit é. Ní
rabh éan-tsásamh le fagháil agat.
Lá amháin bhí an máighistir ag obair dhó féin sa ngarrdha beag
bhí aige ar chúl a thighe. Budh mhór an fear glasán agus bláth é.
Bhíodh fataí chéad fhoghmhair aige coighcís roimh duine ar bith eile
sa gcomhursanacht. Rud eile a mbíodh suim mhór aige ionnta,
beacha. Bhí sé cinn de chorcógaibh aige i gcoirnéal den gharrdha.
D'árduigh sé a cheann an lá seo agus cé chonnaic sé i n-éadan
na gcorcóg acht "An Mac Mallachtain" "agus fonn air mo
chuid mheala a bhailiughadh leis," mar dubhairt an máighistir é féin.
"A Shéamuis," ars' an máighistir leis, "is mion minic chualas
daoine a rádh go rabh dúil agat ina gcuid. Níor chreideas féin
riamh é. Tús breithe ag Dia déarfainn i gcomhnuidhe, acht anois
chím le mo dhá shúil féin go bhfuilir ar na gaduidhthibh is cliste
dár léigheas fútha i n-aon stair dár léigheas riamh."
"Go rabh maith agad, a dhuine uasail," arsa "An Mac".
Dhá sgríobhthá síos é sin agus t'ainm a chur leis dhéanfainn mo
shaidhbhreas as; mar d'fhéadfainn a rádh gur chaith mé m'óige le
ceann de na máighistribh is cliste sa gceird!
"Á! a Shéamuis," ars' an máighistir, "Chaitheas dhá fhichid
bliadhain i mbun sgoile san áit seo agus tá orm a rádh nach rabh
faitchíos orm roimh Dhia fá éan bhuachaill a chas orm le linn an
ama sin acht tusa. Is iomdha sin rud a chaithfeas tú freagairt
faoi mar gheall air. Ní bhéidh agam-sa mar dhíbir mé uaim thú
nuair thosuighis le do bhéasaibh mí-mhúinte."
"B'in é an lá bhain mé an ghloine as do spéacláiribh. Bhí an
t-ádh ort nár bhain mé an tsúil as do cheann. Níl call clamhsáin
ar bith agad dhá mbéadh fhios agad," ars' "An Mac".
"Ná cloisim focal eile asat. Bain as chomh teann i nÉirinn
is tá i do chosaibh sul chuirfeas mé fios ar na constáblaibh. An
áit nár sheas mé riamh seasfaidh mé ann anois, i dteach na cúirte,
agus cuirfidh mé i gcarcar thú ar feadh bliadhna."
Acht, mo léan! Níor fhan "An Mac Mallachtain," gur
chualaidh sé deireadh a chómhráidh. Ghlan sé leis sna seala-
babhtaibh ag briseadh a chroidhe ag gáiridhe.
III.
Bhí obair mór i nUachtar Árd. Bhí toghadh le haghaidh tighe na
feise ar siubhal. Siad Sparrow agus Mac Uí Fhathaigh bhí ag
coimhlinnt le chéile féachaint cé aca bheadh i n-a fheisire. Tighe-
arna talmhan bh'eadh Sparrow agus ar son na bhfeilméar agus
na nGaedheal a bhí an Fathach ag troid.
Cheap na tighearnaí móra nach rabh a gcumhacht féin sa tír
chomh láidir is bhíodh. Bhí fútha troid mhór a dhéanamh agus na
Gaedhil a bhualadh agus a chongbháil fá chois. Bhí a shliocht orra.
Chruinnigheadar chuca gach a rabh umhal dóibh as gach ceárd den
límistéir. Bhíodh cruinnighthe aca i ngach áit ag moladh do na
daoinibh go mbudh é Sparrow an fear a b'fhearr agus go mbudh
cóir dóibh a nguthanna a thabhairt dó.
Ní rabh an Fathach ina chomhnaidhe acht an oiread. Bí sé ag
baint deataigh as an dream eile. Bhí neart conganta aige, mar
ní rabh duine bhí i n-ann dhá fhocail a chur i ndiaidh a chéile nach
rabh ag déanamh óráideacha ar a shon.
"A Ghaedheala Uachtair Áird," deireadh Tom Sheagháin. "Bhfuil
fúibh a bheith in bhur sglábhaidhthibh i gcomhnuidhe? Bhfuil sibh-se
sásta a bheith ag ithe na gcnámh agus mairtfheoil agus anbhruith ag
an spriosán suarach sin Sparrow. Ní leas-ainm an t-ainm
céadna a thabhairt air (gáiridhe). Mar níl feithide eile mar é
an taobh seo de Bhaile Átha Cliath. Ró-fhada bhí an lámh i n-uachtar
ag na sgriosadóiribh a d'fhág ar muinntir le fán agus seachrán
an tsaoghail. Ruaigimís iad anois nuair atá an faill againn.
Ní thiubhraidh duine ar bith a ghuth do Sparrow acht an seóinín, an
spriosán agus an fealltóir." Agus th'réis dreas cainnte den
chineál sin a sgaoileadh de, mhol sé do gach mac máthar díobhtha a
bheith ag Teach na Cúirte an lá dár gcionn agus a nguth a
thabhairt don deágh-Ghaedheal dílis an Fathach.
Tháinic an lá dár gcionn. Bhí gach dream ag iarraidh an
dreama eile a shárughadh agus an lá a bheith aca féin. Tháinic-
eadar as gach ceárd. Bhíodar ann as Maigh Ullín, as an Spidéal,
as an Mám, agus taobh thall de Loch. Níor facas a leitheide de
chruinniughadh ar shráideannaibh Uachtair Áird riamh roimhe. Ag an
dó-dheág seadh bhíodar leis na guthannaibh a thogáil. Sé an
Tighearna Árd-Oileán an chéad duine bhí le n-a ghuth a thabhairt.
Annsin bhí cead ag saidhbhir is daidhbhir an cleas céadna a
dhéanamh.
"Tá an Tighearna Árd-Oileán ag tidheacht," arsa Seaghán Ó
Máille .i. Seaghán Chnoc na Raithnighe. "Bainfimid truisle as, a
bhuachaillí, sul bhéas an lá thart feicfidh sibh féin. Bíodh "trí ghártha
an chnuic" againn as son Mhic Uí Fhathaigh."
Bhí. D'fhéadfá a rádh go rabh a gcroidhthibh san uaill sin. Bhí
Árd-Oileán ag brughadh i n-aice leóbhtha. Bhí ceathrar consábla
roimhe agus ina dhiaidh agus ar gach taobh de. Nuair bhí sé ag
druidim le teach Sheagháin Uí Mhaidín, thosuigh lucht leanamhna an
Fhathaigh dhá mhasladh agus a rádh gur gearr go mbrisfidhe cumhacht
na nGall agus na dtighearnaí talmhan go deo. Bhí na daoine
ag dul annseo is annsúd. Bhí brughadh agus casadh ann. Bhí
dream ag dul suas an bóthar agus dream eile ag tidheacht in a
n-aghaidh. Bhí an baile mór in a chíor-thuaithbhil! Cloiseadh
sgread éagcaoineach. Rith na sluaighthe 'tí an áit a dtáinic an
glór cráidhte. Bhí an Tighearna Árd-Oileán sínte! Ní rabh
smig ná smag, ná cor ná car as! Dubhradh go rabh sé marbh.
Nach rabh dé ann. Seadh! Acht cé bhuail é? Ní rabh a fhios ag
duine ar bith! Buaileadh le cloich é ar chaoi ar bith mar bhí sé
gearrtha agus gearrtha go millteach fá bhun na cluaise deise
agus bhí lán do dhuirn de chloich i bhfoisgeacht slaite dó agus í
smeartha le fuil. Acht ní rabh sé marbh! Mara rabh féin ní
thiubhradh sé éan ghuth an lá sin. Hiomchuireadh chuig teach na
gconsáblaí é. Cuireadh fios ar an dochtúir agus chuir seisean
caoi air agus d'fheistigh sé é chomh maith is bhí ina chumas.
Acht d'íoc cuide sic de na daoinibh go géar as. D'orduigh
oifigeach na gconsáblaí dóibh na daoine a cheannsughadh. Thug-
adar fogha fá na daoinibh agus fogha agus fogha eile agus ba
bheag nach rabh sé ina chogadh dhearg. Marach an tAthair Cionnaigh -
go ndéanaidh Dia ngrásta air, bhéadh daoine le tabhairt a-bhaile ar
chróchar an oidhche sin! Rinne seisean réidhteach agus níor bh'fhiú
trácht ar an mhéid troda bhí ann ina dhiaidh sin.
Gabhadh ar aghaidh le obair na nguthanna. Comhaireadh iad.
Fuarathas amach gur gnóthuigh an Fathach, bhuail sé le fice guth,
uimhir Sparrow. Bhí áthas agus ríméad agus glionndar croidhe i
nUachtar Árd an oidhche sin deirim-se libh-se.
Seachtmhain nó mar sin ina dhiaidh sin bhí sgata beag daoine
cruinnighthe i dteannta chéile. Ag cur síos ar an toghadh ar
ndóigh, bhí gach duine aca. "Muise, ní mé beirthe beó ná
baiste cé chaith le Árd-Oileán an lá sin," arsa Seaghán Ó Máille.
Ní rabh a fhios ag duine ar bith. Ní rabh baramhail ar bith aca cé
rinne é. "Acht bhí misneach aige" agus rud níos fearr ná sin
"urchar díreach". Leabhar sa féin, sé chruthuigh go maith.
'Ara! mo chuimhne an bhfaca duine ar bith "An Mac Mall-
achtain" i n-áit ar bith an lá sin; ná cá rabh sé ó shoin? Sin rud
a bhí ón "Yank". Acht níor facas é an lá sin, ná ó shoin, ná ní
féadfadh duine ar bith a rádh cá rabh sé. D'imthigh seachtmhain
eile thart acht ní rabh sé le feiceáil. D'imthigh coighcís acht sgéal
na sguan ní rabh faoi. Bhuail mí an bealach céadna acht de
dheamhan amharc bhí le fagháil ar mo bhuachaill báire. Acht maidin
amháin - seachtmhain ina dhiaidh sin tháinic buachaill an phosta chuig
teach a mháthar. Bhí litir chuige agus uirthi bhí comhartha dubh agus
na focla "New York" i gcló air.
Rith sise anonn chuig teach an mháighistir go léighfeadh sé dhi é.
Rinne seisean amhlaidh. Seo í, focal ar fhocal díreach, mar bhí sí.
"88 Sráid na nÉireannach,
Nuadh Eabhrac,
15/7/18-.
"A Mháthair, a Stór,
"Cé'n chaoi bhfuil tú chor ar bith? Tá súil agam go bhfuil
tí go maith agus i ndeágh-shláinte. Is dóighche go rabh imnidhe
ort fúm-sa le mí anuas. Iarraim maitheamhnas ort mar gheall
ar an mbuaibhreadh chroidhe chuireas ort acht dheamhan a rabh neart
agam air. Seo é an chaoi bhí an sgéal. Nuair a bhí an Tighearna
Árd-Oileán ag dul tharm an lá sin fuaireas faill ar é a bhualadh
agus bhuaileas. Shín mé é. Tá súil agam nach bhfuair sé bás!
Bhí faitchios orm dhá dtéighinn a-bhaile go bhfuigheadh na consáblaí
greim orm agus go gcuirfidís sa gcarcair é. D'éaluigheas ar
chaoi ar bith go Gaillimh. Bhí long ar tí dul go Meiriocá.
Theastuigh beirt fhear ó lucht na luinge le gual a chongbháil ar na
teintibh. Tráthamhail go leór d'éirigh liom féin a bheith ar dhuine
aca agus sin é an bealach ar thuit sé amach go bhfuilim annseo.
"Cé'n caoi bhfuil Partholán Breathnach agus Seaghán Ó Máille
agus an "Yank"? A dtagann siad ar cuairt chor ar bith
chuig teach Bhrighid Ní Fhathaigh anois? Fairíor nach rabh mé ag Feis
na Gaillimhe i mbliadhna go bhfeicfinn Pádhraic Ó Dorcaigh ag
damhsadh! Abair leis an máighistir go rabh mé ag cur a
thuairisge, is beag nach ndearnaidh mé dearmad ar an gCléireach
agus Pádraic Mac Aodha agus Seaghán Ó Catháin. Is gearr go
rabh litir eile agat uaim agus beagán airgid innte. Bíodh
misneach agat, b'féidir le Dia go mbeimís go compóirteamhail
le chéile go fóill.
"Le grádh mo chroidhe,
"Is mise, do mhac,
"SÉAMUS."
Bhí a mháthair ag cuimilt a súl le n-a práisgín. "Mo mhaicín
múirneach!" ar sise. "Glóir do Dhia go bhfuil sé slán sábhalta
ar chaoi ar bith. Ní rabh ciall riamh aige, ní rabh sin.
"Féacha sin anois"! ars' an máighistir. "Agus an chaoi ar
chuir sé mo thuairisg-sa, dheamhan a rabh sé ró-fhiadháin chor ar bith.
Bhí croidhe breágh óg aige i gcomhnuidhe, agus bhí sé i n-ann
seasamh ar a shon féin, deirim-se leat-sa. Ní dhéanainn iongan-
tas dhá n-ionntuigheadh sé amach ina fhear mhór amach annseo,"
ar seisean. Agus d'ionntuigh.
IV.
Cúig bliadhna ina dhiaidh sin. Bhí Partholán agus Seán Ó
Máille agus an "Yank", agus daoine nach h-iad ar cuairt tígh
Bhríghid Ní Fhathaigh. Bhíodar ag cur an tsaoghail thrí'n a chéile,
gach duine agus a phort féin aige. Labhair duine eicínt fá'n lá
ar síneadh an Tighearna Árd-Oileán ar shlatrachaibh a dhroma ar
shráid Uachtair Áird.
"Mo choinsias! Is maith a chruthuigh "An Mac Mallachtain"
an lá sin," arsa Partholán Breathnach, "agus cé'n dochar acht an
méid consáblaí bhí mar ghárda air."
"D'fhéadfá a rádh," ars' an "Yank". "Acht bhí an buachaill
céadna i n-ann rud ar bith a dhéanamh."
"Bhí," arsa Seaghán Ó Máille. "Bhí sé i n-ann uibheacha a
thabhairt leis."
"Agus buidéal poitín a fhuadach," ars' an "Yank".
"Agus mil an mháighistir," arsa Partholán.
"Agus coin-"
Níor críochnuigheadh an rádh. Buaileadh an doras. D'fhosgail
Brighid; bhain sí maide Éamuinn uaidh, agus cé bhuail isteach
acht an máighistir.
"Muise! do chéad míle fáilte, a mháighistir chroidhe," arsa
Brighid. "Is fadó ó chonncamar cheana thú," ag tabhairt
cathaoireach dhó.
"T'fháilte, t'fháilte, a mháighistir," dubhairt lucht na cuairte.
"Go rabh maith agat, a bhean chóir, agus go rabh maith agaibh-se
freisin," adubhairt an máighistir go múinte. "Séard a thug
annseo mé. Fuaras beart páipéar ó Mheiriocá indiu, agus tá
sgéal breágh ionnta fá dhuine áithrid a bhfuil aithne mhaith againn
ar fad air. Mar tá a fhios agaibh tá cogadh ar bun amuigh ann-
sin le bliadhain anuas. Tá go leór faoi sna nuaidheachtaibh gach lá.
Acht ní bhacfad fá'n sgéal ar fad a mhíniughadh acht innseacht dhíbh
fá na gníomharthaibh tréana gaisgeamhla rinne an té seo ar a
bhfuilim ag cainnt. Tá fir mhaithe i gConamara go fóill, acht
sáruigheann sé seo gach a rabh ann riamh.
"Mhuis, ar son Dé agur sgaoil chugainn é," ars' an "Yank".
"Oifigeach mór é anois," ars' an máighistir.
"Oifigeach"! arsa Brighid. "Ara! cé hé ón áit seo atá i
n-oifigeach ann"?
"Léighfidh mé dhuit anois é, focal ar fhocal díreach mar tá sé
annseo."
"Sul a bheas mé réidh leis beidh a fhios agat cé hé féin, agus
béidh iongnadh ort!"
Tharraing an máighistir a chathaoir i n-aice an tsoluis. Chuir
a dhruim le balla; chuarthuigh a chuid spéacláirí agus chroch ar a
shróin iad. Annsin d'fhosgail sé na páipéir agus léigh sé amach
dhá lucht éisteachta an cunntas seo leanas as páipéar a rabh
mar ainm air, "Guth an Domhain."
"I gcampa na Stát,
"15adh de Mhí na Nodlag, 1-.
"Mar dubhramar annseo cheana tá an baile ar a dtugtar
Árd Uachtardo fá smacht ag seadairibh na Stát le ráithche mhór
fhada anuas. Áit an-fheileamhnach is eadh é mar tá sé i gceart-
lár na sliabh agus tag linn bualadh amach as ar gach ceárd agus
fogha a thabhairt d'ár náimhdibh. Tá sé ag briseadh a gcroidhthe go
bhfuilmid ann agus d'fhéachadar go mion minic an ruag a chur
orrain as, acht níor éirigh leobhtha. Aréir bhí na faireadóirí amuigh
ceathair nó cúig de mhíltibh agus thugadar fá deara go rabh an
námha ag bailiughad an-lear troidhthe agus go rabh faoi sinn-ne a
ruagadh agus a threasgairt amach as Árd Uachtardo. Chualadar
go rabh orra fanacht sgathamh, áit a rabh cuimse gunnaí móra ag
tidheacht de chabhair agus de chongnamh chuca. Bhíomar i gcruadh-
chás annseo mar cuireadh 2,000 fear go Baile na gCailleach
seachtmhain ó soin, agus dhá gcuireamuist fios féin orra ní
bhéidís ar ais i n-am le fóirthín a dhéanamh orrain. Bhí na taois-
eacha thrí'n a chéile. Ní rabh a fhios aca céard a b'fhearr a
dhéanamh. Ní rabh éan chaoi as acht éan chaoi amháin - dhá bhféadfaidhe
na gunnaí móra agus lucht a dtiodhlacan a chur i n-aimréidh
agus brusgar a dhéanamh dhíobhta! Acht ní rabh acht 2,500 fear
againn. Ní fhéadfaidís an baile mór d'fhágáil bán agus bhí
5,000 de lucht leanamhna na námhad ag fuireacht orra dhá gcuir-
fidís a srón amach. Seadh! Bhí sé chomh maith dhóibh fanacht mar
bhíodar agus an troid a bhualadh san áit a rabhadar. Dhá
bhfuighidís bás féin, ní bás náireach bhéadh ann.
Tháinic fear chuig an Árd-taoiseach le contráth na hoidhche
d'iarr sé cead cainnte air. Thug an ceannaire sin dhó. Bhíodar
ag cainnt ar feadh abhfad; seadh agus bhí rúin eicínt eatorra.
Bhéadh fhios agad sin air chomh híseal agus chom aireach is bhíodar
ag cainnt le'n a chéile. Éireannach óg bheadh an fear seo. Tá sé
annseo san arm ó thosuigh an cogadh. Ag iarraidh céad marcach
seadh bí sé ar an gceannaire. Bhí faoi gníomh áithrid a dhéanamh.
Thug an ceannaire sin dhó agus séard dubhairt sé leis. "Tá
faithchíos orm nach bhfuil éan-mhaith dhuit ann. Bí san áirdeall
orra, agus ná cur do chuid fear i gcontabhairt mara gceapfaidh
tú go n-éireochaidh leat."
Tréis an deich a chlog aréir bhuail an tÉireannach óg agus a
chuid laoch bóthar. Ní rabh a fhios ag duine ar bith sa marcshluagh
sin é acht éan fhear amháin .i. an tÉireannach. Bhí an oidhche chomh
dubh dorcha sin nár léir dhuit do lámh. Bhaineadar amach sna
seala-babhtaibh. Bhí treóraidhe maith aca. Bhí eolas cruinn aige
ar chuile chor agus chas den bhealach. Ní rabh cnoc ná cnocán,
sruth, na sruthán tóchar, ná coill, na sgrath-ghlugair, na casán i
bhfoisgeacht fiche míle don bhaile mór nach rabh a fhios aige, chomh
maith is go rabh méar air, cá rabhadar. Ag brughadh i n-aice
trághnamara dóibh chuadar thar mhnaoi bhoicht ar an mbóthar.
D'orduigh an tÉireannach dhá mharcachaibh cosg a chur lenna sodar.
"An bhfaca tú rud ar bith," ar seisesan, leis an té ba ghiorra dhó.
"Chonnaiceas bean ar an mbóthar," d'fhreagair seisean.
"Tabhair annseo í," ar's an tÉireannach.
Tugadh. Bhuail an Gaedheal bleid cainnte uirthi. Chuala sé
rud uaithe chuir glionndar ar a chroidhe.
"Tá linn a dhearbhráthaireacha," ar seisean, "déanfaidhear
gníomh anocht nach ndéanfaidhear dearmad air go bráth."
Agus b'fhíor dhó.
Timcheall a trí a chlog ar maidin indiu shroicheadar an Ros.
I ngleann beag i gcom an tsléibhe chonncadar fuireann fear
agus iad ina gcodladh. Bhí radharc iongantach os comhair a súl.
Bhí chomh maith le fiche gunnaí móra i bhfoisgeacht leith-chéad slat
do na fearaibh. D'éaluigheadar anuas ciúin socar go leór go
rabhadar ag casadh coirnéil an ghleanna. Labhair fear annsin go
borb dána leobhtha.
"Cé sin?"
"Do cháirde féin," ars' an tÉireannach tréan.
"An comhartha?" ars' an fear eile.
"Béidh cogadh dearg sa tír seo go fóill," d'fhreagair an
tÉireannach.
"Buail libh, a cháir -" acht níor chríochnuigh an fear sin a rádh
go deo, mar sgoilt an Gaedheal mullach a chinn le buille
dhá chlaidheamh.
"Anois, a bhuachaillí," ar seisean lena chuid gaisgidheach, "ná
fágaidh mac máthar dhíobhtha beó. Leag orra. Isteach leis an
marcshluagh d'aon bunnóig amháin ar shaighdiúiribh na ngunnaí
móra. Réabadar agus bhuaileadar agus sháitheadar rómpa. Ba
mhillteach an t-amharc é. Fir ag sgreadach agus ag luadh
na mionn. Fir ag iarraidh trócaire agus gan é le fagháil. Fir
ag éirghe as a gcodladh le dearcadh ar an gclaidheamh dhá sháthadh
thrí n-a gcroidhe. Fiadhántas agus sgeón agus sgannradh ar
dhaoinibh. An féar glas dearg le fuil. Éagcaoineadh an bháis.
Na héin bhíodh go croidheamhail gach maidin eile gan gíog asta.
Ná srutháin bhí ag dul le fánaidh na gcnocán agus glugar ina
nglórthaibh. Agus thréise sin fir go bródamhail, go ríméadach, go
práinneach asta féin go ndearnadar an slad agus an sgrios sin.
Níor fágadh fear aca beó. D'orduigh an treóraidhe na
gunnaí a thabhairt le chéile agus púdar a chur fútha. Rinneadh
amhlaidh. Annsin thug sé teine dhó agus an torann rinneadh
nuair phléasgasdar cloiseadh deich míle uatha é. A leithéide níor
facas le linn an chogaidh. Bhí an spéir dearg thart timcheall na
tíre. Bhí deatach chomh tiugh le oidhche mhóir cheodhaigh. Bhí boladh
bréan ag tidheacht as an miotal. As na caiplibh bhí dhá ndóghadh
agus as na nidhthibh eile bhí ag an námhaid. Níl léigheadh ná
innseacht sgéil ar an ngníomh sin, agus ní fhéadfadh peann
chur síos ar an an-bhás fuair go leór ar an ngiodán sin.
Ní fhéadfá rud ar bith a chur i gcomórtas leis acht ifreann.
Cualathas an ráig sin - an pléasgadh i gcampa an 5,000.
Thuigeadar gur thuit rud eicínt uathbhásach amach. Cuireadh 500
aca chun bealaigh go dtí an áit a dtáinic an fuam millteach as.
Bhí a fhios aca go rabh a gcomráidí ag tidheacht de chabhair orra.
Bhí a fhios aca go rabh orra sgíth a ghlacadh ar an mbealach sul
bhuailfidís treasna na gcnoc. Sé an faitchíos bhí orra gur éirigh
timpiste eicínt dhóibh.
Acht ní bhfuair an chúig céad greim ar sheadairibh na Stát. Ní
rabh baoghal go bhfuigheadh. Ní rabh baoghal ar an taoiseach óg
a leag amach an turas go siubhlfadh sé isteach chuca. Bhí sé chomh
glic géarchúiseach aireach ag filleadh dhó is bhí sé nuair bhí sé
ag tidheacht. Threoruigh sé a chuid ghaisgidheach - chuile 'fhear
dhíobhtha ar ais go slán, sábhálta.
Bhí fearadh na fíor-chaoin fáilte rómpa. Bhí bratacha go
glórmhar ag follamhain le gaoith. Taobh amuigh den bhaile mhór -
ar feadh míle bhí muinntir na háite ag fanacht orra. Bhí
an tUachtarán ann. Ceannairí an airm agus airchinneacha na
gCoisdí mar an gcéadna. Gach móiméad phléasgadh urchar as na
gunnaibh móra bhí leis an mbaile a chosaint - ag déanamh chomh-
gháirdeachais mar gheall ar na laochraibh.
"Seo iad iad," arsa guth, "agus an Caiptín Séamus Ó
Domhnaill, an seadaire is cródha agus is cliste i n-arm na Stát
dhá dtreorughadh. Goirm go deo iad." A leitheide de luthgháir
agus d'fháilte is bhí roimhe féin agus a mharcsluagh, níor facas
ariamh i n-aon áit.
"Séamus Ó Domhnaill! Séamus Ó Domhnaill"! arsa Seaghán
Ó Máille. "Ní féidir gurab é "An Mac Mallachtain" bhí ann."
Dhá mbudh é saidhbhreas Ríogh Sheoirse bhí sé th'réis d'fhághail ní
bhéadh an oiread riméid air.
"Is iongantach an gaisgidheach é," arsa Partholán Breathnach.
Mh'anam péin féin go rabh a fhios agam go rabh an mianach ann
'chuile lá ariamh, go rabh sin.
"Mo choinsias go bhfuil árd-mheas agam féin air," ars' an
"Yank". "Chruthuigh sé go háidhbhéil. Cá bhfios dúinn nach
Bónapart eile atá againn ann. Cá bhfios sin," ar seisean.
"Á! deamhan lá ariamh nach rabh fir mhaithe i gConamra,"
arsa Brighid. "Agus cá rabh bualadh muinntir Dhomhnaill le
fághail. Goirm go deo mo bhuachaill bán."
"Níor léigheas féin a leitheide ariamh agus léigheas cuid
mhaith," ars' an mháighistir, "acht ceann eile mar e."
"Agus cé'n ceann é sin, a mháighistir," ceistnigh Brighid.
"Gníomh an tSáirsealaigh ag Baile an Fhaoitigh fadó," ars' an
máighistir. "Fuair an duine bocht bás i gcéin agus é i lár an
áir agus "go ce'n dochar," ar seisean, "dhá mbudh ar son na
hÉireann thuiteas"."
"Ara! mh'anam gur fíor dhuit é," arsa Brighid. "Nach minic
bhíodh mo mháthair - go dtugaidh Dia soillse na bhflaitheas di, ag
cur síos ar Phádhraic Sáirséal agus an Ogánach, agus na "Geadhna
Fiadhanta," agus an chaoi a bhfuair an Sáirséalach groidhe bás ag
treasgairt na námhad. Nach hé an truagh saoghaltach nach
bhfághann na Gaedhil faill mar sin sa mbaile, le teinidh a chur le
gunnaí móra na Sasanach agus an claidheamh a chur go feirc
ionnta mar rinne ar "Mac Mallachtain". Saoghal fada le
séan go rabh aige."
"Seadh!" ars' an máighistir. "Sé an feall críochnuighthe nach
bhfaghann. Acht tiocfaidh an lá féin fós agus, le congnamh Dé,
déanfaidhear gníomha chomh hiongantach is rinne ar "Mac
Mallachtain"."
Go dtugaidh Dia go ndéanfaidhear.
(CRÍOCH).