Sgoruidheacht na gCearrbhach.
CONCHUBHAR Ó DEASMÚMHNA do sholáthruigh.
Do bhailigh gasradh mhór againn i bhfochair a chéile, i dtigh Thaidhg 
Chóraigh, an oidhche fá dheireadh, ar íntinn feidhre stocaí 'imirt ar 
chártaíbh do sheana-mhnaoí bhoicht gur b'ainm di Peg Mhór.  Ní 
fhéadfainn cearrbhaigh a ghlaodhach ar an ngasradh so, mar níor 
chearrbhaigh a leath; acht ar aon chuma, do thángadar go tigh Thaidhg 
ar íntinn na stocaí 'imirt, nú 'fhághail imiortha, fé mar oireamh-
nuigh an cás. 
Do bhí fáilthe agus céad ag muíntir an tighe rómhainn go léir. 
Tar éis bheith tamall ag caint 's ag gleótháil dúinn féin, 
dúbhairt bean an tighe go mb'fhearra dhúinn gan bheith ag sgaoíl-
eadh na hoidhche thorainn, agus tosnughadh ar imirt. 
"'Seadh, tosnuíghmís má's eadh," arsa fear an tighe: "a 
Dhiarmuid," arsa eisean lem' dhritheáir, "an bhféadann tusa 
cártaí 'imirt?" 
"Ní fhéadaim, a Thaidhg," arsa eisean; "acht ó iarr an bhean 
bhocht orm teacht ag imirt na stocaí dhi níor mhaith liom í 'eiteach, 
agus cheapas dam féin acht bualadh i leith go bhfaighinn cearrbhach 
éigin i measg na gcearrbhach, imireóchadh dam thar mo cheann 
iad." 
"Ní fhéadaim-se leis iad 'imirt," arsa duine eile - agus 
duine eile - agus duine eile - agus mar sin do dháréag éigin 
aca: 
Fear an Tighe. - 'Seadh, is fearra do-s na cearrbhaigh féin 
imirt ar dtúis go háirithe. 
Seághan Bán. - Is feárr, a Thaidhg; agus b'fhéidir, nuair a 
bheimís-na ollamh, go n-imireóchadh na tosnóirithe eatortha féin 
an cluichín dorcha. 
Fear an Tighe. - Deinidís díreach, má's maith leó é; acht 
tosnuíghmís-na ar dtúis.  Ní fheadar an amhlaidh a chaithfam 
cuireataí ar phárthnaéiríbh? 
Seághan Coróinneach. - Isé is feárr.  Caith féin na cuireataí, 
a fhir an tighe, ar an méid fhéadann cártaí 'imirt d'á bhfuil ann 
againn. 
 
Fear an tighe. - Sásta leis, [ag suidhe chun an bhúird].  Tabhair 
dham na cártaí, a mháighistreás.  [Tugann].  An 'mó cearrbhach 
so ann againn?  Tagaidh tímcheall an bhúird chun go mbeidh 
fhios agam cad a bheidh ar siúbhal agam - cioca imirt sheisir, nú 
imirt ochtair, nú imirt naonbhair a bheidh againn. 
Seághan Coróinneach. - Fan go mbeidh fhios againn an mór 
atá ann againn: [ag cómhaireamh], triúr - cúigear - ochtar -
dáréag: dáréag atá ann againn. 
Fear an Tighe. - Ó, is deas é sin.  Is fearra dhúinn dá 
sheisear a dhéanamh de'n dáréag.  Níor thaithn imirt ochtair ná 
imirt naonbhair riamh liom; is deacair áireamh a dhéanamh idir 
ochtar; agus bíonn an iomad cártaí amuigh idir naonbhar.  'Seadh, 
an bhfuileann sibh go léir 'n-bhúr n-áit chun go gcaithfead cuir-
eataí oraibh? 
Seághan Coróinneach. - Táimíd, a Thaidhg; agus is fearra 
dhuit cuireataí a dhéanamh de'n dá Aon dhúbha ná bheith ag suathadh 
agus ag leogaint amach arís chun beirte 'bhaint a hochtar.
Fear an Tighe. - Bheadh san luath-lámhach.  An bhfuileann sibh 
sásta leis sin, a bhuachaillí?
Na Cearrbhaigh. - Táimíd, a Thaidhg.
Fear an Tighe. - 'Seadh, tuigeann sibh pé duine go ngeobhaidh 
Aon triuth nú Aon spéarthait chuige gur cuireata dho é; agus 
go mbéarfaidh an chéad chuireata an chéad shuathadh leis, ó's é "an 
t-uan ag múineadh mhéidhlighe dh'á mháthair é".   
Seághan Coróinneach - Ní raibh an focal cómhgarach aistearach 
riamh uait, a fhir an tighe.  Steall amach na cártaí.  Táim ar 
peiriú go bhfeicfear sa n-imirt sinn. 
Fear an Tighe. - 'Seadh, á's eadh: [ag caitheamh cárta amach], 
me féin; [cárta eile], Seághan Bán; [cárta eile], Seághan Óg, 
Dar fiadh a Sheághain Óig, tá an lá leat.  Tá Aon triuth agat, 
agus tá an chéad shuathadh agat. 
Seághan Óg. - Go raibh maith agat, a Thaidhg.  Lean leat go 
bhfaighir párthnaéir dam. 
Fear an Tighe. - 'Seadh, má's eadh.  Iompuigh do chárta ar a 
bhéal fé, a Sheághain.  [Cárta eile], Seághan Buidhe; [cárta eile], 
Seághan Saoír.  Ambasa, a shaoír, tá an cuireata triuth agat. 
Is tu párthnaéir Sheághain Óig. 
Seághan Saoír, [le Seághan Óg]. - Tabhair dham do lámh, a
  
Sheághain Óig.  Tá móráil orm gur chuir fear an tighe agus na 
cártaí i dtosach troda an rígh sinn.
Seághan Óg. - B'fhéidir go dtabharfaimís-na díolaidheacht mhaith 
fós d'fhear an tighe as san - nuair a bheidh sé ag rínnce ar ár 
bpósadh agus a bhróga ar a mhuin aige. 
Fear an Tighe. - Eist, a ghleóisínigh, agus leog dúinn le 
pósaidheachaibh.  Iompuigh do chárta ar a bhéal fé, a Sheághain. 
Leanfad-sa liom.  [Cárta eile], Tadhg Mháire; [cárta eile], 
Micil Sheághain Donchadh.  Ambasa tá cuireata spéarthait ag 
Micil.  Iompuigh do chárta ar a bhéal fé, a bhuachaill. 
Micil Sheághain Donchadh, [ag iompáil a chárta]. - Iompóchad 
le háthas, mar níor mhaith liom riamh bheith im "Pholl ar Deireadh." 
Fear an Tighe, [ag tosnughadh arís ar a ghnó]. - Conchúbhar 
Máighistir.  Ambasa tá Aon spéarthait agat, a Chonchúbhair. 
Conchúbhar Máighistir, [ag iompáil a chárta]. - Mise agus 
Micil.  Lean leat ar do ghnó, a fhir an tighe. 
Fear an Tighe. - [Cárta eile], Eoghan Ruadh; [cárta eile], 
Mac na Baintreabhaighe; [cárta eile], Séamas Cháit; [cárta 
eile], Seághan Coróinneach; [cárta eile], me féin arís: ambasa 
tá cuireata an hart agam.  Ní gádh a bhéal so 'iompáil fé, ó'n 
uair a's ná fuil uainn anois acht cearrbhach eile. 
Na Cearrbhaigh. - Ní gádh, a fhir an tighe.
Seághan Buidhe. - Fairfear go maith anois tu, ó's tu féin atá 
sa lorg.  Is maith le cearrbhaigh an tsaoghail bheith cómh-pháirteach 
le fear an tighe; "fear an tighe nú an seana-gharaidhe," deir 
an sean-fhocal. 
Fear an Tighe. - 'Seadh, leanaimís linn go mbeidh na cuireataí 
caithte againn.  [Cárta eile], Seághan Bán; [cárta eile], 
Seághan Buidhe; [cárta eile], Tadhg Mháire; [cárta eile], Eóghan 
Ruadh; [cárta eile], Mac na Baintreabhaighe - cuireata.  Ambasa, 
mise a's Mac na Baintreabhaighe. 
Cúl-Chearrbhach. - 'Seadh, féadfaidh sibh haighbeirt a bheith anois 
agaibh.  Brostuighidh oraibh agus imirighidh briosg iad. 
Fear an Tighe. - 'Seadh, a Mhic na Baintreabhaighe, suidh-se 
thíos ag deireadh an bhúird, agus fanfad-sa annso, mar a bhfuil 
agam, i n-aice an tsoluis.  Im' briathar féin go bhfuil an radharc 
ag dul iarracht i maoíle agam ó'n uair a bhí an plé-abhrais orm, 
nár chasaidh fiadh ar an ndúthaigh é.  [Deineann Mac na Bain-
 
treabhaighe mar a dúbharadh leis].  'Seadh, a fheara na páirte, 
socruighidh síos sibh féin i n-úghm oibre.  Suidheadh beirt idir gach 
dís pháirtithe.  [Suidhid siad síos ar aghaidh a chéile mar is ceart 
dóibh.  Beireann Seághan Óg ar an bpaca cártaí agus suadhann 
iad]. 
                        
Seághan Óg, [le cearrbhach a lá' deise .i. fear an tighe féin]. 
Beárr díobh so, a fhir an tighe.  [Do bheárr].  Is dócha, a fhir an 
tighe, dá ndeininn luaith-imirt 'imirt ar an leogaint amach go 
mbeadh cuir 'n-a choinnibh agaibh, 'sé sin a chúig chárta 'chuir ar an 
mbórd i dtómas gach duine i n-aon iarracht amháin, agus gan 
bheith ag déanamh dá chuda dhíobh. 
Fear an Tighe. - Do bheadh sé chomh holc le tuaiplis.  Do 
bheadh seana-nós agat 'á bhriseadh: agus dúbhairt an sean-duine 
gan nós a bhriseadh ná nós a dhéanamh. 
Seághan Óg. - 'Seadh, má's eadh; sgaoílfead amach 'n-a dhá 
sraith iad.  B'é ba chóra dham a dhéanamh ó thúis, a's gan bheith ag 
déanamh glig gleaig díom féinig ag fiafruighe.  Ar nóin bheadh 
an gnó go léir déanta agam an fhaid atáim ag caint.  [Sgaoíl-
eann sé amach na cártaí 'n-a dhá sraith.  Nuair a bhí a ndeireadh 
amuigh aige]: 'seadh, a fhir an tighe, an 'mó cárta iontála bheidh 
againn - cárta, nú dhá chárta? 
Fear an Tighe. - Bheinn-se ar son cárta.  Sgriostóir tíre 
iseadh an tarna cárta. 
Cúl-Chearrbhach. - Is de'n bhreis atá gnó agaibh.
Seághan Óg. - Má's eadh, ní breis chártaí é.  Má bhíonn breis 
chártaí ag aoinne ar an mbórd so, agus ná hadmhóchaidh sé iad 
sara mbeidh an tarna cárta imiortha aige, cuirfear a lámh i 
bpaca; agus má admhuigheann, beidh an sgéal 'n-a thuaiplis ag 
an té shuaidh iad, agus caillfidh sé a shuathadh pe aca is olc nú is 
maith leis é. 
Cúl-Chearrbhach. - Sin deigh-imirt.
Seághan Óg. - Ní headh, ná a leithéid.  Go díreach, a chearr-
bhacha, dlígidh an imirt sara n-iontuighead mádh.  Cioca deigh-
imirt, nú imirt bhéil a's lá', nú imirt chaithimh aimsire bheidh 
againn. 
Cúl-Chearrbhach. - Nách deangmháltha atánn tú ort féin, a 
Sheághain Óig. 
Conchúbhar Máighistir. - Fágaimís órdughadh an tighe fé fhear 
an tighe. 
 
Na Cearrbhaigh. - Tá an ceart agat, a mháighistir.
Fear an Tighe. - Ní fheaca puínn caradais riamh i ndeigh-
imirt. 
Conchúbhar Máighistir. - Godé "deigh-imirt" i n-aon chor? 
Is minic airigheas teacht thairis, acht sin a bhfuil d'á chúnntas 
agam. 
Fear an  Tighe. - Imirt chiopánta go maith is eadh deigh-imirt, 
a Chonchúbhair.  Díbirigheann sí caradas as an mbórd 'n-a mbíonn 
sí.  Dá gcuirfeá aon iarracht de dhraid ort féin, nú dá 
bhféachfá de dhruím do ghualann, nú ar do phárthnaéir, nú anáirde 
ar an lochta, nú ar an solus, nú i n-aon bhall eile acht ar do 
chártaí féin, nú ar bhórd na himiortha, an fhaid a bheadh cártaí id' 
láimh agat, d'fhéadfaí a rádh go rabhais ag déanamh cómharthaí, 
agus d'fhéadfaí do lámh a chuir i bpaca. 
Conchúbhar Máighistir. - Ach, imirt bheag dhóighte ghlaodhfainn-
se ar an saghas sain imiortha. 
Fear an Tighe. - Imirt dhóighte, agus dhóighte go maith, is eadh 
í; mar dá gcuirfeá do lámh ar do cheann, nú ar t'-uiseannaibh, 
nú ag cimilt do shúl, nú ar bhórd na himiortha, d'fhéadfaí 
'áiteamh ort go rabhais ag déanamh cómharthaí, agus d'fhéadfaí 
do lámh a chuir suas, agus lámh do phárthnaora chómh maith leat, 
'sé sin dá ndéanfaí amach air gur chaith sé súil ort, nú gur fhéach 
sé fé n-a mhailíbh ort le línn tu bheith ag déanamh aon chleas 
díobh so. 
Conchúbhar Máighistir. - Airiú is dócha anois gur b'amhlaidh a 
bhí pé sean-duine, a dúbhairt go "leanann clampar cártaí," 
lán suas de dheigh-imirt. 
Fear an Tighe. - Im' briathar, a Conchúbhair, ná feacaís crádh 
croidhe riamh acht bheith ag pléidhe le cráidhteachán i ndeigh-imirt. 
Dá gcuirfeá do lámh ar na cártaíbh a bheadh imiortha ag féachaint 
ar dhráitibh, ar mhádhaitibh, nú ar cheiliúbhar ó dhráitibh nú ó 
mhádhannaibh, an fhaid a bheadh cártaí id' láimh agat, déarfaí go 
rabhais ag imirt ar sé chárta agus cuirfí do lámh i bpaca.  Chun 
sgéil ghairid a dhéanamh duit de ní fhéadfá do shrón amháin a 
shéideadh, i gcead de'n chuileachtain, i ndeigh-imirt. 
Conchúbhar Máighistir. - Ba bheag orm é mar imirt.
Na Cearrbhaigh eile. - Ní bheidh sé againn-na, leis, mar imirt. 
Fear an Tighe. - Ná bíodh, agus seachnaídh go brách an baoghal.
 
Is minic a chonnac-sa eascaradas mór ag teacht ó dheigh-imirt. 
"Ní lúgha an fhruigh ná máthair an uilc;" mar is duine grás-
tamhail, go maith, nuair a cuirfí a lámh i bpaca gan aon chúis dar 
leis, ná go ngriogfaí chun orachóide agus aighnis é i n-aimhdheóin 
a dhíchill. 
Mac na Baintreabhaighe. - 'Seadh, tá an oidhche agaibh 'á mheilth 
ag trácht thar chráidhteacháin na mbúntáistidheacha.  Ní bheidh 
againn-na acht "buail do phoc a's liúigh."  Iompuigh an mádh, a 
Sheághain Óig. 
Conchúbhar Máighistir. - Fan go fóil go n-ínsidh fear an tighe 
dhúinn mar gheall ar an imirt bhéil a's lá'.  Airighim teacht 
thairis an fhaid atá cuímhne im' cheann, acht níor sgrúduigheadh 
riamh dam é. 
Fear an Tighe. - Mhuise ní heólach dómhsa go bhfuil a leithéid 
d'imirt i n-aon chor ann.  Níor bh'aon imirt dá mbeadh daoíne 
ag imirt a béal a chéile; acht déarfadh fear na deigh-imiortha, 
dá mbeadh sé i measg cearrbhach ná cuirfeadh bheith ag breith nú 
ag cailleamhaint aon ghruaim ortha, agus ná héistfeadh go brách 
le brabúsaíbh acht bheith go súgach faid-sgéalach dóibh féinig, ná 
raibh 'n-a n-imirt acht imirt bhéil a's lá'.  Is minic airigheas 
stuacachán díobh so, leis, ghá rádh, nuair ná tabharfaí cluas d'á 
dheigh-imirt, ná raibh sa n-imirt seo acht ar nós chluiche an trír. 
Conchúbhar Máighistir. - Nách imirt ana-dhian an cluiche trír. 
Ar nóin, leanann breith idir lá' é. 
Fear an Tighe. - Leanann gan amhras, mara n-achtófaí gan é 
bheith ann; acht ní ar an bhfuting sin a chuireann fear na deigh-
imiortha cluiche na ndaoíne faid-shaoghalacha i gcompráid leis an 
gcluiche trír; agus ní mar a chéile "cluiche an trír" agus "an 
cluiche trír," mar ghlaodhann tusa air.  Sgéal eile is eadh mo 
sgéal-sa, agus neósaidh me dhuit ar ball é. 
Conchúbhar Máighistir. - Mhuise ná 'neósfá anois dúinn é.
Fear an Tighe. - Mhuise tá an oidhche againn 'á sgaoíleadh 
thorainn agus gan oiread a's cárta imiortha fós againn, agus 
b'fhéidir go mbeifí ag feitheamh sa bhaile libh.  Imiríghmís an lámh 
so, agus féadfam bheith ag caint an fhaid a bheidh Micil Sheághain 
Donchadh ag suathadh agus ag leogaint amach na gcártaí. 
Seághan Óg. - 'Seadh má's eadh, sara n-iontuighead mádh, an 
'mó cluiche a bheidh againn chun na stocaí. 
 
Cúl-Chearrbhach. - Dá chluiche. 
Seághan Óg. - 'Seadh anois, a chúl-chearrbhacha, fágaidh an 
sgéal fúinn féin.  Ná habraidh éinní eadrainn.  Beidh bhúr lá 
féin agaibh-se chómh maith linn. 
Seághan Saoír. - Och a Sheághain, sgaoíl leó féin.  Ar nóin ní 
hamhlaidh go n-iarrfá ortha glas a chuir ar a mbéal. 
Seághan Óg. - Ní hamhlaidh go deimhin.  Ná tóg mar sin é; 
acht is minic a dhein cúl-chearrbhaigh nídh nár bh'fheárr bheith déanta 
ná gan déanamh, le n-a n-iomad a bheith fé n-a mbéal. 
An Cúl-Chearrbhach. - Caithidh anáirde libh féin é.  Ní baoghal 
go nochtfad-sa mo bhéal a thuilleadh eadraibh. 
Seághan Óg. - Is sean-fhocal é go dtairrigeann focal focal 
eile.  Tá cathughadh orm focal a rádh leat, a bhuachaill mhacánta. 
An Cúl-Chearrbhach. - Go raibh maith agat, a Sheághain.  Tá 
cathughadh orm-sa, leis, nár éisteas, mar bhí sé ceart gach aoinní 
'fhágaint fé fhear an tighe. 
Conchúbhar Máighistir. - Is breágh í an fhoidhnne, a bhuachaillí. 
"An té go mbíonn an fhoidhnne aige bíonn na grásta aige." 
Labhradh fear tighe. 
Fear an Tighe. - Dá chluiche, fé mar dúbhairt an buachaill. 
Ní beag dhúinn é. 
Conchúbhar Máighistir. - Cúig déag ar fhichid, nú cúig a's 
dathad? 
Fear an Tighe. - Cúig déag ar fhichid imiríghmíd-na i gcómhnuidhe.
Conchúbhar Máighistir. - Sásta leis.  Iompuigh an mádh, a 
Sheághain Óig. 
Seághan Óg. - Aon chárta amháin a dúbharaís, nách eadh, a fhir 
an tighe? 
Fear an Tighe. - 'Seadh: aon chárta amháin.
Seághan Óg. - Féach, níor fhan agam de'n méid fhágais agam 
i ndiaidh do bhearradh tar éis bhúr riaraibhthe acht an cárta baise. 
Sidé é ['á iontáil anáirde].  Féach airiú!  Aon maol muiltheat. 
Fear an Tighe. - "Muiltheat an mádh, 's is maith an drá an 
spéarthait." 
Seághan Saoír. - Díol as, a Sheághain.  Is oth liom go bhfuil 
an tAon is loime sa phaca gabhta chúghat ar a thorcuid.  Ní bheidh 
aon tseans anocht leat. 
Seághan Óg [ag díol as an Aon, agus d'á thógaint chuige]. -
 
Godé an fios atá agat-sa ar mo sheans, nú ar mo mhí-sheans, 
'n-a thaobh.  Godé an paor a thógais de loime Aon muiltheat 
seochas d'aon Aon eile. 
Seághan Saoír. - Ná fuil fhios agat ná fuil aon Aon eile sa 
phaca ná go mbuaileann a chártaí súl féin, nuair a bhíd siad 'n-a 
ndráitibh, acht amháin Aon muiltheat.  Pleanncann muiltheataí 
an phaca Aon muiltheat nuair a bheidh muiltheat 'n-a dhrá. 
Conchúbhar Máighistir. - Tá an ceart agat, a shaoír.  Féach, 
nár thugas san fé ndeara riamh go dtí san.  Imir leat anois, a 
Mhicil. 
Micil Sheághain Donchadh [ag imirt dó muiltheat].  "Mara 
mbeidh agat acht buicín gabhair bí ar lár an aonaigh leis."  Siné 
an bórd daithte agaibh. 
Seághan Óg. - Ambasa tá an mádh ar an mbórd againn.  Is 
dócha gur fúm-sa thugais, a Mhicil. 
Mac na Baintreabhaighe. - Mise tá sgriosta.  Shiné mo rígh 
breágh muiltheat sgriosta chun siúbhail uaim. 
Seághan Saoír [ag imirt deich spéarthait].  Is beag e mo 
bheann-sa ar bhúr ndícheall. 
Conchúbhar Máighistir [ag imirt Aon a hart]. - Is dócha gur 
bh'é mo cheart-sa cuir isteach leat-sa, a Sheághain Óig. 
Cúl-Chearrbhach [le fear an tighe].  "Géaraidh í a's béarfair 
í." 
Conchúbhar Máighistir. - Á, faire, a bhuachaillí, ná bídhidh ag 
rádh aoinní eadrainn.  Dá mbadh cearrbhach a déarfadh an chaint 
sin do bhí a lámh i bpaca.  Tá deifearaidheacht idir chaitheamh 
aimsire agus gnó gan ghus. 
An Cúl-Chearrbhach. - Gabhaim párdún agat, a mháighistir. 
Im' briathar ná feadar godiad na cártaí atá ag aoinne agaibh. 
Níor fhéachas i láimh aoinne agaibh, acht amháin ar chártaí an bhúird. 
Cúl-Chearrbhach eile. - Ní ceart d'aoinne againn focal a rádh 
idir na cearrbhachaibh, ná i dtaobh cad a dhéanfaid siad ná ná 
déanfaid siad; agus ná habradh, leis, an chuid eile dhe'n oidhche. 
Fear an Tighe. - Shiné an ceart, a bhuachaillí.  Féach, bheadh 
mo chárta imiortha fadó agam dá n-éistfeadh an buachaill sin a 
bhéal; acht annsan bhí eagla orm eascaradas a mhúisgilt idir é 
's a' máighistir. 
An Cúl-Chearrbhach. - Má airigheann tú focal eile uaim-se 
glaodhaidh cladhaire orm. 
 
Conchúbhar Máighistir. - Ó, ná tigeadh brón mar sin ort i 
dtaobh a ndúbharaís.  Ní bheadh aon ghog sa tsaoghal dá gcaith-
feadh daoíne a mbéal a chimeád dúnta i dtaobh gnóthaí na 
ndaoíne thall.  Imir do chárta, a fhir an tighe.  Buail, nú sgaoíl 
thort. 
Fear an Tighe [ag imirt an chuireata muiltheat]. - Is usa 
aoinne amháin a throid ná an bórd go léir. 
Seághan Óg. - B'olc an áit gur sheól do chosa thu ['á bhualadh 
le poc de'n chíoná]. 
Seághan Saoír. - Mhuise "ceól an domhain duit, 'á mba 's ná 
seinnfí choidhche é." 
Cúl-Chearrbhach. - D'aithnigheas ná deighidh beirt le haoinne 
amháin riamh ná go mbuailfí. 
Cúl-Chearrbhach eile. - Eist do bhéal agus ná bí ag sádh do 
chínn idir na cearrbhachaibh. 
Conchúbhar Máighistir. - Ach, labhraidh libh, a bhuachaillí.  Ní'l 
aon díoghbháil i gcaint i n-aon bhall ná bainfidh sí le gnó imior-
thóra ar línn imiortha dho.  Ní raibh aon rath riamh i nduarcánaibh. 
Imir leat arís, a Sheághain Óig. 
Seághan Óg [ag imirt an Aoín]. - Ní'l aon ghnó dhe seo agam, 
agus sibh go léir ag faire air, is dócha-s. 
Seághan Saoír. - Tá sé chómh maith agat é chuir ag tuilleamh a 
fhoirtiúin. 
Micil Sheághain Donchadh [ag imirt ocht spéarthait].  Im' 
briathar nách baoghal do.  Tá an bóthar réidh go maith anois do. 
Mac na Baintreabhaighe [ag imirt bhanríoghain mhuiltheat]. - 
Á, anois a sgriosadh ar fad mise. 
Cúl-Chearrbhach. - "Sgrios gan sguabadh ort:" marab ochlá-
nach ataoí. 
Seághan Saoír [ag imirt dó an hart]. - "Ná bíodh brón ort 
an fhaid a bheidh dó an hart agat." 
Fear an Tighe. - Is breágh thagann an saoghal ort, a shaoír.  Is 
túisge iontóchadh an imirt ort ná ar dhuine bheadh ag síor-
cheisneamh ar nós Mhic na Baintreabhaighe. 
Seághan Saoír. - Á 'stó', níor chailleas-sa aoinní go mbeinn 
ag ochlán 'n-a dhiaidh, mar ná raibh sé agam chuige.  Ní mar sin 
do Mhac na Baintreabhaighe.  Im' briathar go raibh sé, tamall, 
neamh-spleádhach go maith.  Tá sé anois ar nós an té bristear, 
 
ag caoineadh a stóir.  Mara mbeadh an stór i n-aon chor aige 
ní chuímhneóchadh sé go brách ar bheith 'á chaoíneadh.  B'fhéidir go 
mbeadh sé anois i n-aon aigne liom-sa agus leis an té a dúbhairt 
"Dé beatha an tsaidhbhris; tigeann an bhochtineacht uaithe féinig." 
Conchúbhar Máighistir [ag imirt deich muiltheat]. - Im' briathar 
nách ag cuímhneamh ar na cártaíbh a táim i n-aon chor acht ar na 
cainteannaibh agus ar na smuaíntibh le greannamhaireacht a 
ritheann chúghaibh.  Chonnac ráidhte i leabhar éigin ar Chlanna 
Gaedheal ná raibh dream sa domhan ba shúgaighe ná iad uair a 
bheadh gasradh aca i deannta a chéile i gcuileachtain, agus ní'l aon 
bhaoghal ná go raibh an ceart ag an leabhar.  Imir, a fhir an tighe. 
[Ag féachaint ar an gclog] Tá sé a naoi láithreach.  Féach nár 
mhuthuigheamair an oidhche ag gabháil thorainn. 
(Ní chríoch).