Saoghal-Ré Sheathrún Céitinn.
III.
Ní fuláir nó gur 'mdhó mí-áird is guais do 
thárla do Sheathrún Céitinn agus é ag 
taisteal na hÉireann ar lorg leabhartha a 
seanachuis.  Ba bheag an t-iarmhar a bhí san 
dútha de mhaithibh Gaedheal ná raibh creachta 
lom: ba fánach iad lucht léighinn, dá 
mb'é fiú na heaspuig é, mar bhíodar súd go scaiptheach scaoilte 
ar fuaid na hEórpa, cé go raibh bogadh beag ar an ngreim 
a bhíodh ar Ghaedhlaibh tamall roimhe sin.  Bhíodar na Gaedhil ag 
dul i dtreise arís gach lá ó Lá Bealtaine 1623 aleith, acht 
mar sin féin, is léir ná raibh puinn éirghe cinn san dútha maidir 
le cúrsaíbh eagluise.  Dhá bhliadhain i n-a dhiaidh san .i. i mbl. a 
1625, ní raibh i nÉirinn acht aon easpog amháin (easpog na Midhe), 
ar fairchíbh na proibhinnse sin Árdmacha: árdeaspog na cathrach 
úd níor thug cuairt riamh uirthi; san Róimh a bhí comhnuidhe air. 
Gach fairche eile san tuaisceart bhí sí gan easpog.  Bhí an 
t-iarthar níos measa ioná san féin; ní raibh easpog beó ann. 
Bhí an tAthair Finghín Ó Conaire i n-a Árd-easpog ar Thuaim, acht 
 
i Labhain do lonnuigh, agus níor thug sé cuairt riamh ar a fhairche 
le linn a easpogaidheachta.  Ní mó ioná maith a bhí an scéal ag 
Gaedhlaibh phroibhinnse Áth Cliath: bhí easpog Osraighe síolta innti 
i n-a aonar; níor bh'fhios do chléir Áth Cliath cá raibh an tAthair 
Tomás Pléimeann, a nÁrdeaspog féin!  An deisceart is 
fearr a bhí as: bhí easpog i n-a chomhnuidhe i ngach fairche dhíobh so 
.i. Corcach, Luimneach, Imleach.  Ní raibh éinne toghtha fós i 
gcomhair Chaisil féin ó cailleadh an tÁrdeaspog.  B'in í an Éire 
a bhí ann an tráth san.  Is ró-léir gur shuarach an feisteas a bhí 
ar ár sínsear le linn na huaire sin.  Ní heagla roimh ghéarlean-
mhain dhlighe Shasana, féin, a choinghibh na heaspuig a hÉirinn, acht 
an dútha bheith ró-aindheis, ró-bhocht, chun a gcothuighthe, agus do 
b'fhuiris iad do chothughadh, de réir gach tuairisc. 
Acht, féibh mar athá luaidhte cheana agam, bhí an ghéarleanmhain 
ag dul i maoile, agus ní dócha go raibh puinn cosca ar Sheathrún 
Céitinn gabháil annso ná annsúd.  Ní heól dam fí láthair cad é 
an cineál culaithe a bhíodh um chléir na haimsire sin i nÉirinn, cé 
go gcloisim go bhfuil a chruinn-chunntus i dtuairisc dár chuir 
easpog an Chéitinnigh anonn gus an Róimh, ag cur-síos dó ar 
chúrsaíbh a fhairche. 
An fear a chuir Céitinn chun siubhail fuair sé bás an 25adh de 
mhí Meádhon Fhoghmhair 1624, .i. Donnchadh Ó Briain, Barún Uibh 
Breacáin, an 4adh duine d'Iarlaibh Tuadh-Mhumhan, Uachtarán Nua-
Ghall ar an Mumhain, tar éis dó bheith os cionn naoi mbliadhna 
déag i gceannus.  Is dócha gur ghluais Céitinn gan bac annsan, 
acht bhí sé i n-a sheana-chomhursanacht féin i nEarrach na bliadhna 
1626, mar do cheap sé an mharbhna úd darab tosach "Lá dá rabhas 
ar maidin go fánach" nuair d'éag Seán Óg Mac Gearailt, 
Tighearna na nDéiseach, an chéad lá de Mhárta, i n-aois a 46.  
Ba ró-ghearr i n-a dhiaidh san go dtí gur cailleadh bile mór eile 
de shliocht Sean-Ghall, .i. Tomás Buitléar an 4adh duine de 
Thighearnaíbh na Cathrach.  I mbl. a 1627 a fuair seisean bás, i 
n-aois a 59, agus sidé mar thosnuigheann agallamh Chéitinn leis 
an mbaile sin "Is uaigneach duit a phuirt na bpríomh-fhlaith." 
 
Tá sé luaidhte gur i mbl. a 1629 do críochnuigheadh an 
"Díonbhrollach", acht sin a bhfuil againn de dheimhin ná de 
dhearbhadh mar gheall air, acht tá gach deallramh air gur mar sin 
a thárla.  Ins an mír chéadna tá an méid seo — gur i mbl. a 1631 
do cuireadh críoch ar chorp an leabhair .i. "Forus Feasa ar 
Éirinn".  Tá deallramh ar an scéal san leis.  'Sé mo thuairm 
gur san mbl. úd 1631 do chóirigh sé is do chuir fí sheól: —
"(a)." "Forus Feasa ar Éirinn"
"(b)." "Trí Bior-Gaoithe an Bháis"
"(c)." "Eochair-Sciath an Aifrinn".
Agus má tá gur fíor an tuairm sin, siúd í an bhliadhain is tásc-
mhala i saoghal-ré Sheathrún Céitinn.  Dubhairt Maelsheachlainn Ó 
Comhruidhe gurab i mbl. a 1631 do scríobhadh "(b)" is "(c)" 
acht gur idir an dá linn sin 1629 — 1635 do scríobhadh "(a)". 
Macsamhail de "(b)" dá bhfuil againn i mBaile Átha Cliath, seo 
mar adeir nóta ann, ag leabhar a trí, an chéad ghoin: —
"Aois an Tighearna ar chríochnughadh na hoibre sin do ughdar, 1631."
Macsamhail eile, ó láimh Ultaigh, .i. Cormac Mac Cuain éigin, i 
mbl. a 1724, don Athair Féidhlim Ó Néill, seo cur-síos atá 
ann: —
"Ar n-a scríobhadh, ar n-a gcur i n-eagar, agus ar n-a gcnuasach re Jeoffry 
Keating, Sagart is Dochtúir Diadhachta, agus ar n-a roinn i dtrí leabhraibh, 
gach leabhar díobh roinnte i n-altaibh agus gach alt i ngoinibh.  Ar n-a 
scríobhadh anois san mbl. de aois Chríosta 1631." 
Macsamail eile san áit chéadna, tá an méid seo ann —
"Aois an Tighearna ag críochnughadh na haiste seo do úghdar 1631."
agus mar sin do n-a lán cóibeanna atá ar fagháil.  I dtaobh 
"c.", tá an chainnt seo i macsamhail athá againn ó láimh Dháibhí 
Ua Mohir: —
"Ar n-a scríobhadh agus ar n-a chur i n-eagar agus ar n-a gcnuasadh le 
Seathrún Kéitinn, Sagart is Dochtúir Diadhachta.  Aois an Tighearna ag 
críochnughadh na hoibre don ughdar 1631, an dara lá de mhí December; agus 
ar n-a haithscríobhadh liom-sa, amhail do chí tú romhat is it dhiaidh san mbl. de 
Aois Chríost 1726." 
 
Níl amhrus ná go ndearnaidh Dáibhí Ua Mohir a ghnó go maith is 
go cruinn.  Is é mheasaim ná gur as leabhar ana-thábhachtach a 
scríbh sé an ceann so, as leabhar an ughdair fhéinidh b'éidir.  Tá 
macsamhail seanda i gColláiste Phádraig i Magh Nuadhat: i mbl. 
a 1676 do scríbh Pilib Ó Cearbhalláin éigin é. 
Maidir le "(a)."  An leabhar go bhfuil an fothram go léir 
déanta mar ghioll air agus go n-abartar gurab é an ceap é 
de "Forus Feasa ar Éirinn", tá sé scrúduighthe agam go mion. 
Is follus don saoghal, dom dhóigh so, ná fuil ann acht macsamhail 
a bhain le bráithribh San Phroinsiais i mainistir Dhún na nGall, 
agus dá chomhartha san, seo mír atá ar stuadh 52b: — 
"I gConbhint Chille Dara do tionnscnadh an leabhar so do scríobhadh, 4 
Sept., agus tairnig a scríobhadh 28 den mhí chéadna.  54 stuaga go leith ro 
baí ins an sean-chairt den leabhar so, agus chúig stuaga go leith isin 
seanchus." 
Ba chóir go bhfuil an chainnt sin soilléir go leór d'éinne, agus ní 
thuigim i n-éan-chor cionnus do fríth an cháil mhór is an árd-theist 
ar an macsamhail seo ó dhaoine léaghanta, má's rud é go 
ndearnadar an leabhar do bhreithniughadh.  Leabhar seanda is eadh 
é gan amhrus. 
Cloisim go raibh "1636" le feicsint ar sheana-chumhdach a bhí 
air seo acht ní léir dam indiu na nodaí áirimh sin.  Tá macsamhail 
de "Forus Feasa" againn ó láimh Thomáis Ó Faoláin, i dTulach 
an Mhaoilin, i Mumhain Uachtaraigh, agus tá ann dearbhadh gur i 
mbl. a 1633 do scríobhadh an tseana-chairt.  B'é tráth do rinn 
Tomás an ceann nuadh ná an 15adh lá de bhliadhain a 1662.  
Leabhar eile aca san áit chéadna, i mbl. a 1641 do scríobhadh é. 
agus tá macsamhail breagh againn a bhí, uair, (1652) i seilbh an 
Athar Séamus Ó Dubhlaoich, Dochtúir de Nathscoil Shorbonne, fear 
a bhí i n-a dhiaidh san i n-a easpog ar Luimneach.  Ar leathanach a 
214 tá nóta ó scríbhneoir i Laidin dá rádh gur ar an 20adh de 
mhí Bealtaine 1641 do shrois sé deire an chéad chuid.  Sin mac-
samhail ana-sheanda, ana-léir, so-léighte.  Tá go leór cóibeanna 
ársa eile den "Forus Feasa" ná tagann liom a luadhadh annso 
 
agus go sonnradhach a lán i gColláiste na Tríonóide, mar a 
bhfuil mórán de shaothar na rí-scoláirí úd, muinntir Mhaolchonaire 
ó Chondae an Chláir.  Acht is gearr go mbeidh againn an "Forus 
Feasa" i n-iomlán fí chló, eagraithe ag an Athair Pádraig Ó 
Duinnín, ceann comhairle Chraobh an Chéitinnigh de Chonnradh na 
Gaedhilge, agus tá súil agam nach gábha dhúinn puinn imshnímh a 
bheith orainn feasta i dtaobh a fheabhusa so nó súd de mhacsamhail. 
Agus ó's ag tagairt d'eagarthóireacht é is cóir gan ainmneacha 
eagarthóirí shaothair Chéitinn go dtí so do leigin ar ceal .i. 
Diarmuid Ó Conchubhair, Liam Ó hArgadáin, Seán Ó Math-
ghamhna, Ribeárd Mac Aitcin (is Seán Pléimeann), Pádraig 
Ó Briain, Pádraig Seóigheach, An tAthair Eóin Mac Giolla 
Eáin C.I., Dáithí Ó Coimín.  Go ndéinidh Dia trócaire ar an 
gcúigear aca san atá imthighthe ar shlighe na fírinne,agus gurab 
fada fós againn an triúr eile atá i n-a mbeathaidh, slán. 
Dhá nídh eile atá againn i scríbhinn de cheapadóireacht 
Sheathrúin Céitinn, gan cur i mbuan-chló fós .i. "Saltair 
Mhuire" is "Coróinn Mhuire".  Timcheall có-fhaid atá 
ionnta, agus táthar dá n-ullmhughadh i gcomhair an chlódóra fí 
láthair, i gcruth is go bhfeicfam iomlán saothair Chéitinn i gcló 
gan mhoill muran rud é go deimhin gur scéal ó amhrus gur 
leis an blúire sin "Iomagallamh an Anma is an Chuirp" atá 
i scríbhinn dá bhfuil i seilbh Eóin Mac Néill.  Is mór an nídh 
agus is mór an t-adhbhar mórdhála is maoidhte againn-na é indiu 
gur san teangain Ghaedhilge a scríbh Seathrún Céitinn gach ar 
cheap sé. 
An teacht so thuas agam thar an leitridheacht do rinn Céitinn 
do bhreacadh dhúinn, chuir sé beagán bun os cionn mé den 
mbealach a bhí leagaithe amach agam i gcomhair na haiste seo .i. 
réim cheart na mbliadhnta. 
 
IV.
Nuair a bhí na leabhartha san scríobhtha, críochnuighthe, ag 
Seathrún Céitinn ní dóchaíde an nídh do rinn sé ná a shuaimhneas 
do cheapadh ar feadh scathaimh — rud a dh'oir dó tar éis a thaistil 
is a shaothair.  A sheana-dhútha, de réir dheallraimh, do bheir 
caomhnadh dhó, cé gur shuarach an treó a bhí ar Ghaedhlaibh i láthair 
na huaire sin féin.  Ní dóth go raibh éin-leathchuma ag sagart ar 
easpog, maidir le beatha, agus seo aistriughadh gus an nGaedhilg 
ar leitir a fríth chun Lúcas Bhadding san Róimh ó easpog Sheathrún 
Céitinn .i. an tAthair Pádraig Comartún, leitir a scríbh sé ón 
tSráid Mhóir i bPortláirge, an 24adh de Fheabhra 6adh (de Mhárta), 
1629[-30]: —
"An íde athá ar an ndútha so fí láthair ní fheaca riamh a leithéid.  Idir 
dhosaireacht na gceithearnach, teirce an dá bhliadhain seo caithte againn, 
suaraigheacht na beórach ar fuaid fhurmhór na tíreach, réim an fhiabhruis, na 
bolgaighe is an tslaghdáin, agus gannachúise airgid is ceannuigheachta de 
dheasca cogadh an chúpla bliadhain seo d'imthigh thorainn, is é cheapaim féin 
gur ar an ndéirc a mhairid trian de mhuinntir na ríoghachta so.  Níl le 
cloisint de ló ná dh'oidhche acht golfhairt is caoidh is ulagón.  Níor shaoileas 
go bhfeicfinn a leithéid san dútha so choidhche. … Dá mbeadh gan 
leaba agam i dtigh mo dhearbhráthar bhoicht, Pilib, ní heól dam cá sáithfinn 
isteach mo cheann." 
Ráithe i n-a dhiaidh sin .i. an 26adh de Bhealtaine 1630, do chuir an 
tAthair Seán de Róiste, Easpog Fearna, leitir ó Loch Garmain 
ag triall ar an Athair Lúcas Bhadding agus seo mir de sna 
miríbh atá innti: —
"Fágaim le húdhacht, i láthair Dé, ná fuil fachta agam as m'fhairche, le 
bliadhain, an oiread is fiche píosa coróineach." 
Má's é sin an riocht i n-a raibh an t-easpog a bhí os cionn 
Sheathrúin Céitinn féin, agus easpog na fairche ba neasa dhóibh 
ní deacair a mheas cad é an bhail a bhí ar sheana-shagart aonair 
sa chomhursnacht chéadna, muran rud é go raibh sé i dtigh a 
mhuinntire agus is ró-dhóth gur amhla a bhí an scéal.  Tá aon nídh 
amháin deimhnitheach i n-a thaobh, timcheall na haimsire sin, .i. go 
dtug sé ar ghabha geal cailís Aifrinn do dhéanamh dó.  Tá an 
chailís sin slán fós i nEagluis Cheapach Chuinn, agus is minic a 
 
déintar áis dhi.  Airgid an mianach atá inntí, agus sid é brígh 
na bhfocal Laidne atá uirthi scríobhtha: —
"Seathrún Céitinn, Sagart is Dochtúir san Diadhacht fá ndeara mé dhéanamh
23adh Feabra, 1634."
Níl againn go dtí so éan-trácht, beag ná mór, i n-árd ná i 
n-íseal, ar Sheathrún Céitinn go cionn ocht mbliadhna ón ló san. 
Cheapamair go dtí a bhfuil le déadhnaighe gur bh'é Céitinn a chan 
na ranna úd darab tosach "Druididh suas a chuaine an chaointe" 
.i. marbhna ar bhás Thighearna Dhún Bóinne .i. Éamonn Fionn Mac 
Piaruis Buitléar, fear d'éag Lá Fhéile Pádraig 1640, i gCill 
Teimhnein, láimh le Fiodh Árd, acht is léir anois nár bh'é, acht
Pádraigín Haicéad ón dútha chéadna, fear a bhí chomh hoilte i 
bhfilidheacht na Gaedhilge is mar bhí Céitinn.  "Éamonn an 
Chuirnín" an ainm cheana a thugann sé ar Thighearna Dhún Bóinne. 
Beirt mhac leis an dTighearna san .i. Tomás is Seán, do marbh-
uigheadh iad i mbl. a 1642 i gcogadh na hÉireann, an chéad duine 
aca i gcath Ruis, láimh le hÁth Í, an 15adh d'Abrán, agus an dara 
duine i mí Lughnasa, ag Lios Cearbhaill: an chinneamhain sin ba 
trúig le "Mór Antrom Inse Banba" theacht ó láimh Chéitinn. 
Ba ghearr i n-a dhiaidh san gur chúm sé "Mo thruaighe mar tá 
Éire" ag éagcaoineadh daoirse a dhúithche. 
Thiocfadh le duine mórán do scríobhadh go saordhálach ar 
chúrsaíbh na ré san an Chonfederation, ó's dearbh gur chuir Céitinn 
a lán suime sa ghnó úd, acht tá leabhartha againn fí chló cheana 
féin ag cur síos go cruinn ar an obair sin go léir. 
Pé áit n-a raibh Céitinn ar shiubhal na haimsire sin, agus, féibh 
mar adubhairt cheana, ní dóichí an áit n-ar chaith sé earr a aoise 
'ná imeasc a mhuinntire is a ghaolta fhéinidh, níl éan-agó ná go 
raibh sé láimh leo i mbl. a 1644 — sa pharóiste i n-ar rugadh é. 
Sa bhliadhain sin 1644 do tionnscnadh "Cillín Chiaráin" sa chúinne 
soir ó thuaidh de reilg na Tiobrad, mar ionad adhlactha do chléir 
(is do thuathaibh mar an gcéadna, de réir an scéil).  Tá a lán 
de chabhail na cillíneach san slán indiu agus seo aistriughadh sa 
Gaedhilg ar na foclaibh Laidne atá ar leic i n-a héadan: —
"Guidh le hanmainn an Athar Eoghan Ó Dubhthaigh, Biocare na Tiobrad, is an 
Dochtúra Seathrún Céitinn .i. fothadóirí na cillíneach so, agus fós le 
 
hanmainn gach n-aon eile dá bhfuil adhlactha sa chillín chéadna so, idir chléir 
is thuaith, Aois an Tighearna 1644." 
Nuair a ghaibh an rí-scoláire úd Seán Ó Donnabháin an treó i 
mbl. a 1840 do rinn sé cur síos beacht ar an gcillín seo agus 
ar chrut na cabhlach an tráth san.  Seo aistriughadh sa Ghaedhilg 
ar aon rud amháin dá ndubhairt: —
"Ba mhór é mo speóis san tseana-chill seo toisc gur bh'é thóg í ná Seathrún 
cáileamhail Céitinn, Dochtúir sa Diadhacht, fear a rinn níos mó chun teangan 
is startha a dhúithche do bhuanughadh ioná mar a rinn fir uile na hÉireann go 
léir." 
Ní measaide an aiste seo, dom dhóth, bhrigh cunntuis Uí 
Dhonnabháin do chur inntí .i. tuisí faide is leitheid na cille &c., 
&c.  Ní raibh d'fhaid innti (istigh) acht seacht dtroighthe fichead is 
cheithre órdlach, 27' 4", ná de leithead acht 18' 7".  I bhfalla an 
chinn thoir bhí fuinneóigín aonair 7' 0" ón dtalamh — i bhfuirm chuair 
nó fáinne leath 's muigh (11" ar tarsna) agus é ceathair-chúinneach 
ar an dtaobh istigh.  Fuinneóigín eile i ngach falla clítháin agus 
iad ar aghaidh a chéile nach mór; an ceann theas 4' 8" ó fhalla an 
chinn thoir agus an ceann thuaidh 3' 6".  I n-éadan na pinniúra 
tosaigh tá an leac ar ar thráchtas ó chiainibh.  Tá 2' 3" d'aoirde 
innti agus 1' 7" de leithead, agus 11" idir inad na leice is barr an 
dhoruis.  Is é aoirde an doruis ná 5' 6" agus 3' 2" an leithead 
ag a bhun.  Chúig throighthe os cionn an doruis scoiltín beag 
fuinneóige eile, agus os a chionn san arís inad i gcomhair 
cluigín.  Na fallaí clítháin táid siad 3' 0" ar leithead agus 
bhíodar fós 8' 0" ar aoirde le linn cuarda Sheáin Ó Donnabháin i 
mbl. 1840. 
I dtaobh istigh den gCillín seo Chiaráin is eadh d'adhlacadh 
Seathrún Céitinn: ní dócha go raibh sa chillín riamh acht inad 
curtha, mar bheadh sí ró-bheag i gcomhair pobuil agus pobul de ré 
na buadhartha féin do chur chuige.  Acht bhí sí i n-áis ó aimsir 
Chéitinn aleith mar áit adhlactha, agus tá agam dhá dheimhin ar fíor 
na cainnte sin.  Seo ceann aca: I mbl. a 1669 d'éag an 
tAthair Liam Inglis, Sagart Paróiste na Tiobrad.  Is cosmhail 
 
gur bh'é seo an fear a tháinig ann nuair a cailleadh Seathrún 
Céitinn, agus ní fuláir nó bhí aithne aca ar a chéile.  I n-údhacht 
an Athar Liam do thiomain sé "Me do chur i Séipéal Chiaráin san 
Tiobraid, i n-adhnacadh na cléire annsúd."  Fágann san gur 
sagart a chuirtí ann nó, an chuid is lugha dhe, gur le sna bráithribh 
a bhain an áit i gcomhair a n-adhlactha.  Agus an dara deimhin tá 
sé chomh beacht tábhachtach leis an gcéad cheann, dom dhóth.  Sidé 
é: — I mbl. a 1693 d'éag an tAthair Seán Ó Braonáin, Árd-
easpog Chaisil.  Bhí sé i n-a bhiocaire ar fhairchibh Phortláirge is 
Leasa Mhóir roimhe sin, go dtí gur cuireadh go Caiseal é i mbl. 
a 1677.  Seo nóta i n-a thaobh ó láimh Thaidhg Ó Neachtain i mbl. 
a 1704, agus táim-se buidheach den scríobhaidhe, cé ná molaim 
deise a chuid Gaedhilge: —
"An aimsir an dara righ Séamus do cuireadh an tAthair Seán Ó Braonáin, 
Áirdeaspog Chaisil a ttomba Searuin Ketin a Séipéal Thiobruid a gcondae 
Thiobruidáran i bhfuisgeacht dhá mhíle fearuinn do Chathair Dhúin Iasgaigh a 
gcóigeadh Eochuidh Abhraruadh, mar a bhfuil, mar an gcéadna, an buabhal binn-
ghlórach .i. an tAthair Eoghan Ó Duthuigh d'ord San Proinsiais, curtha." 
Ní fuláir nó gur bh'aithnid don Árd-easpog an scríbhneoir 
clumhail seo Seathrún Céitinn, agus gur le barr geana, gnaoi is 
grinn do thiomain sé a chorp do chur sa tuamba chéadna.  Is 
inmheasta gur Ghaedhilgeóir is fíor-Ghaedhal an tAthair Seán féin, 
agus a leithéid sin de mheas a bheith aige ar an úghdar cliste seo 
dá bhfuilim ag tagairt.  Measaim, gur léir don saoghal dá 
réir sin gur sa Chillín úd Chiaráin i reilg na Tiobrad atáid 
cnámha an cheathrair .i. an tAthair Seathrún Céitinn, an tAthair 
Eoghan Ó Dubhthaigh, an tAthair Liam Inglis, S.P., is an tAthair 
Seán Ó Braonáin, Árd-easpog Chaisil. 
Is mór an iongna nár fríth éan-tuairisc i dtaobh na bliadhna 
i n-ar éag Seathrún Céitinn, mar níl againn fós acht a tuairm, 
cé gur cruinn an fios atá le fagháil ar éag dhaoine ba lugha le 
rádh ioná é.  B'éidir go bhfaghfaí roinnt eóluis ar leic dá 
ndéantaí sean-urlár na cillíneach do nochtadh, cé go ndearnadh 
rud éigin den tsórt san i mbl. a 1801 fé stiúradh Shagart 
 
Paróiste na Tiobrad .i. an tAthair Seán Ó hEachthigheirnn, agus 
ní raibh ann acht obair in-aisce.  Mar sin féin tá muinighin 
agam go bhfaghfam i bhfaid na haimsire a thuilleadh tuairisce i 
dtaobh léithe is éaga Chéitinn.  An seana-scéal úd, gur chuir, 
saighdiúirí Chromaill chun báis é i dTeampul na Pláighe i gCluain-
meala ar ngéilleadh an bhaile sin an 10adh de Bhealtaine 1650, 
measaim féin ná fuil sa méid sin acht rádhmhaill. 
Bhí Seathrún Céitinn i n-a sheanóir chríona chaithte i mbl. a 
1646 agus is léir dúinn gur ar an dtaobh cheart a bhí sé nuair a 
dh'eirghidh feall i gcuid de dhaltaíbh an Chonfederation.  Do ghaibh 
Céitinn le sna Seana-Ghaedhlaibh a bhí páirteach le hEoghan Ruadh 
Ó Néill, agus chuaidh sé i gcoinne Iarla Urmhumhan, .i. duine dá 
cháirdibh is dá bhráithribh gaoil.  Bíodh go raibh an Dochtúir geall 
le cheithre fichid bliadhain d'aois an tráth san is follus go raibh 
an mheamhair iongantach san a bhí aige chomh haibidh, chomh breith-
nitheach, chomh cruinn is bhí sí riamh, agus go raibh an chainnt chomh 
cliste, chomh fuirbhthe, is chomh gasta is mar ba ghnáth, nuair a chuir 
sé ar pár "Múscail do mhisneach a Bhanba".  Ocht bhfichid líne 
atá insan iarracht san agus ní miste an míniughadh atá leis san 
scríbhinn do chur annso: —
"Duain Gríosuighthe na nÉireannach, 1646 a.d., iar bhfoillsiughadh a bhfeill is 
a bhfionghaile i ndéanamh síothchána le heiriceadhaibh, agus iar dtógbháil a 
gceinn don druing ar a dtugthar an Faction, .i. lucht leithleachuis, do 
dheaghail (i gceilg is i mbriseadh mionn) iad féin amach as an gCorp Catoilice 
ar a dtugadar an Confederation, .i. as an gcomh-cheangal síthe is cabhra is 
comhaill do rinneadar Éireannaigh eatorra féin fá mhóidibh Bíobla Dé um 
chogadh do dhéanamh ag cosnamh an chreidimh fhírinnigh i nÉirinn." 
Do b'áil liom roinnt den duain do chur isteach annso, acht 
ní'l slighe agam den iarracht so, agus ar éan-chuma ní chun 
ceapadóireacht Sheathrúin Céitinn do ghlinn-mheas a bhogas an 
bóthar i gcomhair na haiste seo. 
Sin bun beag ar an mbarr mór ar a bhfuil de chunntus agam 
i láthair na huaire, ar shaoghal-ré an Athar Seathrún Céitinn, 
Dochtúir san Diadhacht, ar chúrsaíbh a bheatha, agus ar inad a 
adhlactha i gCillín Chiaráin san Tiobraid.  Sin luaidhte agam, 
fós, ainmneacha na leabhar mbreagh mór-luach do chur sé le chéile, 
— na leabhartha do bheir dó gan phléidhe an teist úd: —
 
"Fear a rinn níos mhó chun buanuighthe teangan is startha 
a dhúithche ioná mar do rinn fir uile na hÉirann go léir." 
Congbhaimís-na buan ainmis cáil is saothar Sheatrúin 
Céitinn, agus ná déintar dearmhad ar an ngáir chatha úd do 
chan sé do sna hÉireannaigh .i. 
"MÚSCAIL DO MHISNEACH, A BHANBA."
[A CHRÍOCH].
RISEÁRD Ó FOGHLUDHA
"Fiachra Éilgeach".
[Chuaidh an duais don aiste seo, fí ainm chleite "Eochadh Abhraruadh" ar Fheis
na Mumhan i gCorcaigh, anuiridh — comórtus a 4.]