Seán Ó Gadhra, File - XXI.
27.
Sidé an giota deireannach de shaothar
Sheáin i leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiarmada.
Ní fheadar cia chum é acht táim á cheapadh
gur b'é Seán féin a dhein é, ar bhás a 
athar.  Is deimhin go raibh Seán 'n-a bheath-
aidh d'éis bliadhain a 1701.  Tá dearbhughadh
air sin againn sa chaoineadh do chum sé ar
bhás Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh.
Tá so ar fagháil ar leathanaigh 82-85 i
leabhar Ruaidhrí.  Níor bhuail umam i n-éan-
áit eile.  Sin deireadh lem chóiriughadh-sa
ar shaothar Sheáin Uí Ghadhra.  Ní dhearna
acht slighe do ghearradh do dhuine éigin eile.
Ní gábhadh dham a rádh gur thaitn an obair 
liom.  Go dtuga Dia na grásta dhúinn
go léir.
…