Bás Shéamuis Uí Áilgheasa.
Do b'oth linn a chlos bás Shéamuis Uí
Áilgheasa, do thárla an trímhadh lá den mhí
seo i nDún Maonmhuighe. Is mór an méala
do'n Ghaedhilg é; mar ba bheag fear i
nÉirinn do b'fhearr 'ná é ar amhrán a rádh
ar shean-nós na nGaedheal. Do bhí sé
Gaedhlach ar gach cuma. Do bhí sitheach
soilbir macánta. Go ndeine Dia na ngrás
trócaire ar a anam.