Ár nDUAISEANNA.
Is oth linn a rádh nár éirigh le haon duine duais
d'fhagháil an mhí seo. Ní fuláir nó tá scríbhneóirí
againn d'fhéadfadh aistí oireamhnacha a scríobhadh dá
gcuiridís chun na hoibre. Tugaidís faoi agus feic-
eam a ngníomh. Tá's againn nach fuirist aistí eal-
adhna a scríobhadh. Ní mór a bheith cúramach i n-a
dtaobh; iad do scríobhadh is do ceartughadh is d'ath-
scríobhadh. Tá súil againn go n-éireóghaidh le duine
éigin an mhí seo chugainn, mara gcuirfidh an Nodlaig
i n-a choinnibh.