ÁR nDUAISEANNA.
Is oth linn a rádh nár éirigh le héinne duais an mhí
seo a sholáthar. Do thug triúr fúithi, acht i dtuairim
na mbreitheamhan, ní raibh éinne aca maith a dhóthain
chun duais d'fhagháil.
Beam ag súil le haistíbh fóghanta i gcóir uimhir
na hEarrach. Tá cáirde agaibh fós, a scríbhneóirí
.i. go dtí an cúigmhadh lá déag. Ní mór dúinn gach
aiste a bheith ar láimh againn an lá soin. Tá an duais
ar tairgsint fós.
Ní fuirist aiste an chéird nó ar ealadhain a
scríobhadh i nGaedhilg, de bhrígh go ndeaghaidh an Ghaedh-
ilg a taithighe na n-ealadhan léigheanta. Bhí an Ghaedh-
ilg, tráth dá raibh sí, ar an dteangain ba líomhtha is
ba chruinne sa Roinn Eórpa. Is féidir í chur ar áir-
eamh na dteangtha leigheanta arís, acht sinn-na do
chlaoidhe le chéile is do bheith i ndáríribh chun na
hoibre. Ar ár scríbhneóiribh foghanta atá an cúram
so.
I scoileanna na tíre tá dian-ghábhadh le téarmaíbh
ag baint le gach aon ealadhain geall leis dá múintear
ionnta. Aistí dhen tsórd so a chuirfidh i n-umhail
do sna múinteóiríbh cionnus téarmaí a cheapadh dhóibh
féin is cionnus iad do chur dá n-úsáid sa chainnt.
Ní fheadramair féin an dtuigid na scríbhneóirí is
fearr againn cadé an dualgus atá ortha sa chás so.
Tá an Ghaedhilg dá husáid anois ar shlightibh ba chian
uaithi tá chúig bliadhna ó shoin ann. Is amhlaidh a bheidh
sí ag tarrac chúichi gach aon lá. Féachaidís na scríbh-
neóirí chuige nach é an cogal a bheidh á tharrac chúichi
aici. Tugaidís an chruithneacht di.
Badh dheacair, dar linn, aon adhbhar cainnte d'fhagh-
áil badh chruaidhe nó b'achrannaighe 'na an t-adhbhar
cainnte do tharraing an Laoideach chuige san aiste
atá i gcló againn uaidh an mhí seo. N-a dhiaidh-san,
féach a fheabhus agus atá curtha dhe aige. Ní dóigh
linn gur scríobhadh riamh sa Nua-Ghaedhilg aiste ba
léigheanta nó ba chruinne 'ná í seo. Molaimíd an
Laoideach, agus molaimíd na téarmaí atá ceapaithe
aige.
Deir Sceilg linn gur dóigh leis ná teastuigheann
tagra ó n-a aiste féin, mar go bhfuil míniughadh
déanta san aiste ar na tearmaíbh go léir.