BEARTA CRUADHA.
MOLADH AN BHIOTÁILLE.
Thimcheall cheithre fichid bliadhain ó shoin tháinig
sagart ó'n gCathair i dTiobrad Árann go dtí Inse
an Rinnce, agus thug sé iarracht an ólachán do chur
fé chois. Nídh nach iongnadh níor réidhtigh le fear an
tábhairne, Donnchadh an Chrathaigh, an obair seo agus
do chúm sé amhrán ag moladh a chéirde féin:
Ní chuirfeadh an saoghal i dtuisgint dom féin
Go bhfuil aon rud chomh saor le biotáile;
Do leigheasann sé an péin is an cuilleacha tréith
Agus tógann na céadta 'na sláinte.
Ar bhaiste nó ar phósadh nach ró-bhréagh an chuideachta é,
Nó le linn dul chun bháis nach bhreágh an rud gloine dhe;
Nuair a glaodhtar sa chúis,
Tá maithte air 's a chionnta
'Ge'n té dh'ólfadh a phiúnt in the morning.
An mairtíneac tréith, cé go shuarach a shaoghal,
Nach tapa do ghlaodhann sé ar bhiotáile —
Nuair a bhidheann sé as a chéill go mbruigheanfadh sé
an saoghal
Agus Hercules tréan, cé gur láidir.
Nuair a dh'éirigheann an ghaoth i n-uachtar i bhfad aige
Ní dheimhineóch' an saoghal le méirleach Sasanach,
Bhidheann na míle Hurroo 'ge
A mhaidí ar siubhal
Nuair a dh'ólann sé a phiúnt in the morning.
Ní'n éinne ghluaiseóch' ó chathair a nduthaigh
Do cháinfeadh go cruaidh an gráinne
Ná go mbeadh sé sin go fuar agus 'aghaidh soir ó thuaidh
Agus an fhearthainn ag bualadh na sál air.
Ní'n sagart ná bráthair, easbog ná Pápa,
Do dh'fhoghluim na grásta ná léigh é
Do bhuinfeadh le é cháineadh súghlach an ghráinne,
Acht é mholadh go hárd agus glaodhach air.
B' í Cáit, bean Shéamuis de Barra, i Lios na
Bruighne, le hais na Ruadh-ghlaise, i gConndae
Chorcaighe, d'innis an t-amhrán dom.
SÉAMUS UA CASAIDE.
Ag seo tomhas a chualas nuair bhí mé i dTuar Mhic
Eadaigh. Ní fhuil a réidhteach agam, agus ní raibh ag
fear a innste, acht b'fhéidir go bhfuil agat féin, nó
ag duine de lucht léighte an IRISLEABHAIR.
Seanduinín bocht, bocht,
'S a mhaide faoi n'-ucht,
A' tóruigheacht an eolais,
Go tobairín Ríogh an Domhnaigh
'S a charabhat róin faoi n-a mhuinéal.
LIAM.