Do léigheas i n-alt de's na “Bearta Cruadha,” i
nIrisleabhar Mhí na Bealtaine, go bhfuair “Beirt
Fhear” locht ar chuid des na focalaibh Gaedhilge i
“dTadhg Gaodhalach” Sheagháin Uí Dhálaigh, 1868.
A fhir cheannsa,
Sid í an rann bheag
Gur cheap “Beart Fhear”
Ná raibh sí ceart:
“Mo theagasc i dráth glacaidh le grádh
a ghasradh bhán bhéarach,”
Chuirfadh sé “béasach” i n-áit “béarach.” Ní dóigh
liom féin gur cheart san a dhéanamh. Ní bheidheadh
gádh le “teagasg” ag “gasradh bhán bhéasach,” acht
bhí go daingean ag “gasradh dhall, bhréithreach,” go
raibh ruile fé na dteangain, mar chan file éigin,
mar so:
“I dtighthibh an tabhairne ar charbhus luighinn annsúd,
A's le “suile” mo theangan do spalpainn gach íde
mionn.
Deir duine “Tá ruile aighnis aige.”
Ní maith é ruile ag duine ar bhéim na ndán;
Anois a dtaobh “ruile” tuille ní déarfaidh.
Seaghán.