NA BEARTA CRUADHA.
DEAGH-CHAINT GHAEDHLACH.
An File.
Ceist ort, a chailín chaomh, mhacánta
Is áilne gné, 's is dathamhail snú.
cia mhéid uisce — gan galún no cárta —
Do theitheas le fánaidh aig Cilldhalú?
An Cailín.
Ceist sheafóideach nach bhfuil mo shuim ann,
A dhuine eólgach is aoirde clú.
Nuair do líontar linnte agus locha an tSionainn
Teitheann an fear-as-barr le fánaidh aig Cilldhalú.
SEAGHÁN UA RUAIDHRÍ.
—
“Crumisgin = a little pile or heap; a small
cluster, as of people, trees, etc.
Seafóid = a trifle, a thing of no importance.
Seafóideach = trifling, more frequently used than the
noun.
S. Ua Ruaidhrí.
GIOTA.
M. (ag léigheadh) —“ … táid siad creimithe ag
luchaibh agus —“
T. (ag éisteacht) —“Ag — ?”
M. (á ath-léigheadh). —Ag luchaigh.”
T. — “Ó léigh leat é.” Shamhluigheas gur “ag luchaibh“
a dubhraís. Sin é an chúis gur threasuigheas ort é“ -
that is the reason why I desired (asked) you to repeat
it.
M.
TADHG GAEDHEALACH.
“Mo theagasc i dtráth glacaidh le grádh
A ghasradh bhan bhéarach.”
Ceapaim féin gur oireamhnaighe “bhéasach” ná
“bhéarach” annso.
“Is eaglach liom-sa ruile ruathar nímhe
Do lasadh ná luisne gonta ar shluaighte an Ríogh.”
Chuirfinn-se “buile“ i n-áit “ruile.” “Béarach”
& “ruile” atá i “dTadhg Gaolach” Sheáin Uí Dhálaigh,
1868. “Béusach” & “buile” atá ag Pádraig Denn
(Fifteenth Edition).
BEIRT FHEAR.
—
Dá mbeadh rósta ar bórd is fíonta ag cách,
Arán cróidh go leór is fíoga sáith,
Ceann gach sórt de nós mar líontar clár,
Anois, dar leó, ní sógh gan snaoise d'fhagháil,