Tibra Faine.
A Eagarthóir an Irisleabhair,
Ó thugais cead dúinn scéalta beaga "i dtaobh
áiteann áirithe" a bhain le n-ár muinntir i gcéin, do
chur chugat, i mBéarla nó i nGaedhilg, déanfad mo
dhicheall ar roinnt bhig a chur síos, leath mádh leath,
ar mo thuairim ar a bhfuil ráidhte ag J. F. Lynch san
uimhir 177, Iml. 14, idtaobh "Tiobra Fáine" agus "Sliabh
Riffe" agus rl., ar Imtheachta Mhílidh o'n Sceitia go dtí
an Éigipt. Deir Donnellan san Transactions of the
Ossianic Society, 1857, Vol. VII., gur chum Cinnfhaela
(d'éag i 678 A.D.) dán ar an imtheacht san, cuid des
na ceathramhna mar seo:
No. 3. Ansad trí mísa san indsi
Ag Tipra Fáine na port;
Trí mís eile, ead congarbhi,
Lodur for fairge na folt.
No. 8. Do ludar as i cind ocht mbliadhan
Ar do chuala ba hí an chóir,
Ansad mís ag Tipra Fáine
Gideadh on nir baire bron.
No. 9. Reithsidh seach sind Slébe Rifi
Do ratsad ó thír ar tuind;
Bliadhain dóibhsion laimh le Tragia
Imrid isa nAicia nduine.
"As e raon 'nar ghabh Neimheadh ag teacht i nÉirinn
dó, o'n Scitia ar an bhfairrge caoil atá ag teacht
ó'n aigeán dá ngairthear Mare Euxinium, is í an
teora idir an leath thiar-thuaidh do'n Asia agus an leath
toir-thuaidh do'n Eoraip; agus ar an roinn thiar-
thuaidh do'n Asia atáid Sléibhte Riffe do réir
Pomponius Mela. I gcomhroinn na caol-mhara do
luaidheamar agus an aigéin tuaisceartaigh;
"Thug láimh ndeis
(recte clí) do Shléibhte Riffe, go ndeachaidh san aigéan
budh thuaidh,
agus láimh chlí (dheis) do'n
Eóraip go ráinig i nÉirinn.
Ansad mís an Aicia ndathaich
Lodur isin nGoithiam ngluair
In Bealdund, in Breagdunn brioirig
Isin Espain nduilig nduair.