SEÁN Ó GADHRA, FILE.--VI.
VIII.
Seo caoineadh do cheap Seán Ó Gadhra
ar bhás an Athar Éimhir Ó Gadhra. Leabhar
Ruaidhrí Mhic Dhiarmada, an t-aon áit
amháin gur bhuail sé umainn ann. Tá
leathanach 45 agus cuid de leathanach 46
faoi. Is furus a thuigsint ón ndán so féin
ná fuil sé go hiomlán againn annso; acht
féibh mar atá sé, ní baoghal ná go bhfuil sé
go hoireamhnach is go canta, is táimíd
buidheach dhe Ruaidhrí ar a shon. "Tuireadh
an tsagairt oirdheirc riaghalta foghlumtha,
Éimhir Ó Gadhra" atá thíos aige-sean ós a
chionn; agus fá n-a bhun tá, féibh mar is
gnáthach aige, "Maighistir Gadhra," ghá
chruthughadh is gá dhearbhughadh dhúinn gur bh'é
Seán Ó Gadhra a cheap é
Ní fuláir nó bhí gaol idir Sheán is an
tAthair Éimhir. B'éidir gur dearbhráith-
reacha iad, is b'éidir ná rabhadar acht a dó
is a dó. Do ghoill a chumha go dian ar
Sheán, tráth is gur thug air a rádh :
"Nárab fhada go ndeacham ar féasta
Go flaitheas mar bhfaiceam a chéile."
Ní'l éin-eólus againn i dtaobh an
tsagairt oirdheirc seo acht amháin an méid
is féidir a bhaint as an gcaoineadh féin;
go bhfuair sé bás "i lár a saegail" i
dtosach an Mhárta san mbliadhain 1703, is
go bhfuil sé curtha i reilig an Chnuic Mhóir,
mar ar cuireadh an mhuinntir a tháinig
roimhe. B'éidir, ó thá an dán so dá chur i
gclo, go ndéanfar amach a thuilleadh eóluis
n-a thaobh.
CADÉ AN BRÓN SO.
Cadé an brón so ar chóip na Cléire!
Tá gruaidh-fhliuch fá bhuaireamh a gcéibhe,
Mar luing ar cuan 's a cuallacht rébtha
Gan stiúir gan ráimh gan bhláith gan éide.
5 Ní hiad amháin tá cráidhte créchtach,
Tá tuilte deór ón óg 's ón aésta;
Gáir bhaintreach ag tarrang a gcéibhe;
Gáir dílleacht ag síor-ghol i n-éinfheacht.
Is ní mó a ngáir 'ná a n-ádhbhar égnach,
10 Is luath fuair bás i lár a shaégail
Éimhir Ó Gadhra, bláth na cléire,
Sagart sásta cráibhtheach déirceach.
Do scrúdadh na hughdair is Tollétus.
Do thuig tú an scriptúir go faébhrach
15 Mar ba dhual do bhuachaill tréada.
Níor chuiris glas ar mhaith an tsaégail,
Acht ar ghlacais a scapadh le daéndacht;
Mná uaisle 'do chuallacht ar féasta,
Daoine móra ag ól go haérach;
20 Lucht ceóil i sógh mar d'éirigh;
Scor dílleacht ar do chuid bídh 'gus
éadaigh;
Na geócaigh fá'n spólla dhá rébadh;
Daoine aosta bhí i gcríne na laétha.
Do b'é a mhaoin gach aon do réidhteach,
25 Is do chuireadh i ngníomh a mbrígh dá
réir sin;
Do bhí do phobul ag osnaidhe go déarach,
Mar ba ghnáthach a bheith grádhmhar fá
chéile;
Ní hé amháin do cháirde ag éimhghe
Is do lucht eóluis go mór dot éigne.
30 Do b'urus liom do thuireadh do dhéanamh,
Acht barr bróin gur clóidh mo chéadfadh,
Da gcuirfinn i gcuimheas do ghaélta
Ón gCasiseal go Mala na Céise;
Léigim tharm, acht sealad dá réamhadh.
35 Is í an uaisle bhí i n-uachtar do mhéine.
Má's dual di suarcus is féile,
Smacht is reacht ceart is tréithe.
Truagh do chuallacht gan éitir
Neamh-mhaithmheach don aicme bhí éigceart;
40 Ní cás dhuit, is (do) cháil ar an tsaéghal so,
Mairfidh do chliú go buan tar 'éis sin.
Tá do leabaidh i measc aingeal an
trénfhlaith.
I radharc na glóire, i sógh mur déarainn;
Nárab fhada go ndeacham ar fésta
45 Go Flaitheas mar bhfaiceam a chéile.
Míle go beacht 's a seacht de chéadaibh,
Trí bliadhna n-a dhiaidh sin i n-éinfheacht,
I dtús an Márta fágadh Éimhir
San gCnoc Mór i roimh a ghaélta.
GLUAIS.
Líne 1. Cóip na Cléire, the clergy. Cóip, a multi-
tude, crowd.
Líne 2. A gcéibhe, of their hair; gen. of ciabh, the
hair of the head.
Líne 3. Rép(adh) san lscr.
Líne 4. Gan ráimh, without oar.
Líne 5. Taoi cráidhte, san lscr.
Líne 6. Tuilte deór, floods of tears.
Líne 8. Gáir dílleacht, the cry of orphans.
Líne 9. "Not greater their cry than their cause for
lament."
Líne 14. Do thuig tú, this change to 2nd pers. sing.
shows that most likely there are some
lines missing. Another copy may turn
up somewhere else. Go faébhrach,
cogently.
Líne 15. Buachaill tréada, the shepherd of a flock.
Buachaill, san lscr.
Líne 16. "You did not treasure up the goods of the
world."
Líne 17. Ar ghalcais, what your received, possessed.
Líne 18. 'Do chuallacht, in your company.
Líne 20. Musicians, mirthful as the mirth increased.
"A sógh mur a deir(adh), san lscr.
Líne 21. Scor dílleacht, a crowd of orphans. Scol,
do.; comp. scol dáimhe.
Líne 22. Na geócaigh, strollers, vagabonds. Father
Dinneen in his Dictionary truly says that
formerly they were recognised as a dis-
tinct class. They were probably
strolling entertainers, who travelled
from one "tigh mór" to another and
who earned "their bite and their sup"
by entertaining the inmates, both
masters and servants. With the fall of
the old Irish gentry and the rise of
"new" ideas, the geócaigh developed
into ballad-singers and such like.
Líne 23. I gcríne na láetha, "in the withering of
days," in old age.
Líne 24. A mhaoin, probably metric for a mhian, his
desire.
Líne 25. Do chuireadh i ngníomh, he put into action.
Do cuireadh a ngníomh, san lscr.
Líne 27. Fá chéile, with each person.
Líne 28. Ag éimhghe, crying, bemoaning.
Líne 29. Do lucht eólus, those who know you in-
timately. Dot éigne, lamenting you.
Líne 30. "'Twere easy for me to make your tuireadh.
Tuireamh, a dirge, an elegy (Dinneen).
This is the correct spelling, as the word
is pronounceL triumh in the South. In
Ruaidhrí Mac Diarmada's MS., all
amhráin chaointe composed after the
manner of the present one are called
tuireadh. The word tuireamh also
means áireamh, a reckoning, a recounting,
which was its original meaning.
Líne 31. Gur chlóidh (cló MS.) mo chéadfadh, has
overcome my senses.
Líne 32. I gcuimheas for i gcoimheas; "by which I
might extol your relatives."
Líne 33. Mala na Céise, the brink of Kesh, Co.
Sligo.
Líne 34. Dá réamhadh, metric for dá ríomhadh, re-
counting them.
Líne 35. I n-uachtar do mhéine, uppermost in your
mind, your chiefest desire.
Líne 36. "If pleasantness and generosity agus c., are at-
tributes of hers." (.i., uaisle).
Líne 38. Gan éitir, without vigour. The e is un-
accented in both O'Reilly and Dinneen.
Líne 39. Neamh-mhaithmheach, relentless, unforgiving
Neamh-mhaithfeach san lscr.
Líne 40. Ní cás dhuit, 'tis well for you. "Is cháil"
san lscr.
Líne 49. I róimh a gháelta, in the tomb of his rela-
tives.
Tá Scoil na Sean-Ghaedhilge ar siubhal arís i n-ár
measc, agus an Strachánach ag obair go dian féibh
mar is gnáthach leis. Tá an bhuidhean uachtair dá
scoláiríbh ag Léigheamh na Tána Bó Cuailnge agus
Saltair na Rann agus an rang íochtair ag claoidhe
le Bréithir is le Forainm ar Sean do mheabhrughadh.
Is ceart dúinn leis fáilte a chur roimh na daoinibh
a tháinig ón mBreatain, ó Albain agus ó Aimeirice. Tá
súil againn go mbeidh sásta le n-a dturus.