An Leigheas
Nuair a bhí m'athair 'na ógánach bhí sé as baile lá ag
sealgaireacht agus um thráthnóna cheap sé gur bhfeárr
dó dul isteach i dtigh-tábhairne éigin a bhí ag bun sléibhe
ann chum dighe d'fhagháil t'réis teasa an lae. Fear
an aosta is eadh a bhí istigh roimis agus bhí a lán de
gharsúinibh beaga ann ag súgra thimcheall an urláir.
Nuair a bhíodar ag ól sláinte a chéile tháinig duine de
na páisdibh anonn chuca chum cainte leis an seanfhear -
a bhí 'na sean-athair dó is dóigh - agus cheistigheadar a
chéile mar so i nGaoluing i bhfochair m'athar, agus
iongnadh a chroidhe air-sean í chlos ó n-a leithéidibh.
"A dhaidín dáith!"
"Cad tá uait, a leinbh?"
"Tá mé ana-theinn!" (go righin truaighmhéileach)
"Cad leighisfeadh thú, a leinbh?"
"Leamhnacht beirbthe, cupla gloiní biotáile ruadh,
agus roinnt aráin ghil briste síos ionnta!"
Carraig-na-Siuire